Aimsíonn taighdeoirí OÉ Gaillimh limistéar iontach de choiréil domhainmhara amach ó chósta thiar na hÉireann


Le linn do thaighdeoirí ó OÉ Gaillimh a bheith ar thuras taiscéalaíochta domhainmhara, dhearbhaigh siad go bhfuil limistéar iontach nua de sceir choiréil aimsithe acu ó dheas de Bhanc an Torcáin amach ó chósta thiar na hÉireann.  200 ciliméadar cearnach atá sa limistéar agus tá thart ar 40 mullóg carbónáite faoi chumhdach sceir choiréil ann. Tá cuid de na mullóga fomhuirí seo beagnach 100 méadar os cionn ghrinneall na farraige.  

Ba é an Dr Anthony Grehan a bhí i gceannas ar an turas taiscéalaíochta domhainmhara i dtús na Bealtaine 2009.  Comhpháirtíocht a bhí sa turas, ar bord an RV Celtic Explorer (bád taighde Fhoras na Mara), idir OÉ Gaillimh agus an Institut Français de Recherche pour l'Exploitation de la Mer (IFREMER). Baineadh úsáid as an bhFeithicil Chianoibrithe nua náisiúnta (ROV)  Holland I  chun grinneall na farraige a scrúdú agus na híomhánna a thaifeadadh.  

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Anthony Grehan, OÉ Gaillimh:  Tá beagnach deich mbliana caite agam anois i mbun staidéir ar uiscí na hÉireann agus níl dabht ar bith faoi ach gurb iad seo na samplaí is glaine, is rafaire, agus is spéisiúla de sceireacha coiréil fuaruisce atá feicthe agam in imeacht an ama sin. Tá fianaise ann freisin de choiréil nua agus go leor ainmhithe sceire eile, rud a thugann le fios gur foinse thábhachtach larbhaí é an limistéar seo le haghaidh limistéir eile atá suite feadh Bhanc an Torcáin.  

Bhí an Dr Grehan den bharúil ó tharla an tír-raon a bheith chomh garbh sin, deacrachtaí ag baint le trálaeireacht agus teorainneacha dochta daingne, go mbeadh an limistéar seo rífheiliúnach mar iarrthóir breise le cur leis na ceithre Limistéar Caomhantais Speisialta coiréil amach ón gcósta atá ann cheana féin.  Dúirt sé go mbeadh Roinn Domhaneolaíochta agus Aigéaneolaíochta OÉ Gaillimh in ann cóip den fhíseán a rinneadh i rith an turais a thabhairt don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Cuideoidh sé seo le Limistéir Chaomhantais Speisialta nua a ainmniú chun an Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach a chomhlíonadh.

Cuireadh tús leis an turas seo in uiscí na Fraince i gcainneoin nach raibh mórán taiscéalaithe déanta orthu i mBá na Bioscáine. Rinneadh roinnt tumthaí ROV agus aimsíodh sceireacha coiréil agus geoigineacha.  Cuireadh na sceireacha seo in iúl do Ghníomhaireacht nua Limistéir Chaomhantais Mhuirí na Fraince. Dúirt an Dr Brigitte Guillaumont ón ngníomhaireacht, Tá an físeán agus na híomhánna atá ar fhíscheamara ardghléine ROV na hÉireann iontach ar fad agus is cinnte go gcabhróidh an t-ábhar seo linn leis an obair atá ar bun againn limistéir a ainmniú agus coiréil a chosaint.

Le linn don bhád a bheith ag tarraingt ar uiscí na hÉireann, baineadh úsáid as léarscáileanna bataiméadracha, a fuarthas ó Shuirbhé Náisiúnta Grinnill Farraige na hÉireann, comhpháirtíocht idir Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann agus Foras na Mara, chun limistéir nua ar dócha go mbeadh sceireacha coiréil iontu a aimsiú. Baineadh úsáid as ROV ansin le turas a thabhairt ar Mhullóga Archipelagos, nó Mullóga Arc, limistéar ina bhfuil sceir choiréil iontach le feiceáil.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Anna Rensdorf, mac léinn PhD Griffith sa Gheo-Eolaíocht ó Roinn Domhaneolaíochta agus Aigéaneolaíochta OÉ Gaillimh, a chaith seal ag obair ar choiréil thrópaiceacha, "Is deacair a chreidiúint go bhfuil sceireacha coiréil cosúil leis na cinn seo le fáil i bhfuaruisce na hÉireann. Ar fhormhór na mullóg a ndearnadh suirbhé orthu, bhí mothair choiréil bheo a bhí suas le 2 mhéadar ar airde; is gnách go mbíonn mothair choiréil níos lú ná leathmhéadar ar airde.

Áirítear staidéar OÉ Gaillimh mar chuid de thionscadal mór uile-Eorpach atá á mhaoiniú trí 7ú Clár Creata an Choimisiúin Eorpaigh, clár ar a dtugtar "CoralFISH". Tá sé mar aidhm leis mionstaidéar a dhéanamh ar an idirghníomhaíocht a bhíonn idir coiréil, éisc agus iascaigh.   Dúirt an Dr Grehan, comhordaitheoir an staidéir Eorpaigh, Ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Farraige (ICES) léirigh toscairí ón earnáil domhainfharraige a bhí i láthair ag an siompóisiam imní maidir leis an leibhéal damáiste a rinne iascaireacht ghrinnill d'éiceachórais mhuirí shomhillte sa Mhórmhuir (i.e. limistéir nach n-áirítear sa dlínse náisiúnta).  De bhrí gurb iad na coiréil fuaruisce na samplaí is fearr d'éiceachórais mhuirí shomhillte, déantar go leor taighde orthu.  Tá an chosúlacht ar an scéal anois gurb é ceann de na príomhréimsí a bhaineann le bainistíocht na n-iascach an tuiscint atá againn ar an úsáid a bhaineann éisc as an ngnáthóg a fheabhsú.  Ní mór dúinn tuiscint a bheith againn ar an éifeacht a bheidh ag damáiste a dhéanamh don ghnáthóg nó go deimhin scriosadh na gnáthóige ar stoc éisc agus an méid sin a chur in iúl do na hiascairí.

Tharraing an Dr Grehan aird ar an bpointe go n-áirítear éiceachórais mhuirí shomhillte, dála sceireacha coiréil, i measc ceann de na foinsí bith-chomhdhúile a d'fhéadfaí a úsáid i bhforbairt cógaisíochtaí nua frithbhaictéaracha nó frithvíreasacha . Tá clár suntasach bithfhionnachtana ar siúl in OÉ Gaillimh, clár atá á mhaoiniú ag Foras na Mara faoi Sea Change  Straitéis Eolais, Taighde agus Nuálaíochta Muirí d'Éire 2007-2013.