Is é Lúthchleasaí Oilimpeach OÉ Gaillimh an fear is sciobtha in Éirinn


Is mac léinn leighis in OÉ Gaillimh é an fear is sciobtha in Éirinn, Paul Hession. Bhuaigh Paul bonn ag Cluichí Domhanda na Mac Léinn faoi dhó agus bronnadh Scoláireacht Spóirt Lúthchleasaíochta OÉ Gaillimh air in 2000 agus tá sé páirteach sa scéim sin ó shin. Bhuaigh Paul Gradam Spóirt don Lúthchleasaíocht in OÉ Gaillimh ceithre bliana as a chéile idir 2002 - 2005. Le tamall anuas, tá a cháil imithe i bhfad agus i gcéin de bharr a chuid éachtaí sa trí rás; rith 60 méadar, 100 méadar agus 200 méadar.

An mhí seo caite, rinne fear Bhaile Átha an Rí, dhá éacht ag Cork City Sports, an rith 100 méadar is sciobtha sa tír (10,21) agus bhuaigh sé an rás 200 méadar sa Mardyke. Bronnadh an American Trophy for the Outstanding Athlete ar Paul freisin ag na rásaí sin.