Athdhearbhaíonn OÉ, Gaillimh a dílseacht don Ghaeilge agus institiúid teanga €35

Apr 29 2005 Posted: 00:00 IST
- Forbairtí nua chun campas dátheangach OÉ, Gaillimh a láidriú -

D'fhógair OÉ, Gaillimh inniu (Dé hAoine an 29 Aibreán 2005) go bhfuil institiúid nua teanga ar chostas €35 milliún, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, le forbairt ar champas na hOllscoile agus i roinnt ionad sa Ghaeltacht. Ba é Éamon Ó Cuív TD, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a sheol an institiúid náisiúnta. Glacfaidh an institiúid nua ceannródaíocht maidir le soláthar an oideachais tríú leibhéal trí Ghaeilge agus cuirfidh sí raon cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge lena n-áirítear go leor de na disciplíní a chuimsítear i nDámha na nDán agus na hEolaíochta.

Tá seoladh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcroílár straitéis OÉ, Gaillimh maidir le campas eiseamláireach dátheangach a chruthú san Ollscoil agus tagann sé leis na tosaíochtaí a leagtar amach i bPlean Straitéiseach na hOllscoile (2003-2008). Dearbhaíonn cruthú na hinstitiúide arís eile díocas OÉ, Gaillimh i dtaobh chothú na Gaeilge. Déanfar maoiniú chun tacú leis an tionscnamh seo a fháil ó fhoinsí éagsúla.

Cuirfidh an institiúid náisiúnta, an chéad institiúid dá sórt in Éirinn, cláir ollscoile ar fáil, rachaidh sí i mbun taighde, cuirfidh sí comhairleoireacht ar fáil agus beidh sí ina hionad ardchaighdeáin don taighde agus don phleanáil Ghaeilge, i gcomhar le hinstitiúidí eile. I dteannta an ionaid ar champas OÉ, Gaillimh, déanfaidh an Ollscoil tuilleadh forbartha ar na trí ionad sheachtracha atá aici sa Ghaeltacht; tá dhá ionad acu sin suite i nGaeltacht na Gaillimhe (Carna agus an Cheathrú Rua) agus ionad eile suite i nDún na nGall (Gaoth Dobhair).

Ag labhairt faoin tionscnamh seo dó, is é a dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cúiv TD., "Ní mór ardaitheantas a thabhairt do OÉ, Gaillimh as an gcur chuige straitéiseach agus nuálaíoch atá glactha aici i leith sholáthar an oideachais tríú leibhéal trí Ghaeilge. Tá bunú na hinstitiúide seo ríthábhachtach do chothú leanúnach na Gaeilge in Éirinn. Bhí ról lárnach ag OÉ, Gaillimh freisin maidir leis an nGaeilge a thabhairt i measc na réigiún trí na hionaid sheachtracha atá aici sna ceantair Ghaeltachta; tá an ollscolaíocht á tabhairt i measc na ndaoine aici agus tá na pobail sin á gcumasú ar bhealach inmharthana a mbaineann idir bhrí agus tábhacht leis."

Dúirt an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán OÉ, Gaillimh, an méid seo: "Tá sé de thraidisiún ag an Ollscoil le fada an lá tacaíocht a thabhairt do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge agus déanfaidh an tAcadamh an díocas atá againn maidir le forbairt inmharthana na Gaeilge a threisiú agus a bheochan. Ach campas eiseamláireach dátheangach a chruthú, léireofar cúram na hOllscoile seo i leith na Gaeilge san fhadtréimhse.

Cuirfidh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le saol sóisialta, eacnamaíoch, cultúir agus teanga na bpobal ina bhfuil sé lonnaithe ag leibhéal áitiúil agus ag an am céanna déanfaidh sé soláthar an oideachais ag leibhéil Náisiúnta agus Idirnáisiúnta a shaibhriú agus a leathnú. De réir mar atá sé ag fás, táthar ag forbairt raon na gcúrsaí i réimsí cosúil le teicneolaíocht faisnéise, cumarsáid, oideachas agus staidéar an aistriúcháin."

Faoi láthair, cuireann an tAcadamh cláir Mháistreachta agus Ard-Dioplóma ar fáil i Staidéar an Aistriúcháin agus i gCumarsáid Fheidhmeach, mar aon le cúrsaí páirtaimseartha agus lánaimseartha i scileanna ríomhaireachta, raidió agus teilifíse. Cuireann an tAcadamh Dioplóma sa Ghaeilge ar fáil in 22 ionad ar fud na tíre, agus d'fhreastail os cionn 850 mac léinn ar an gcúrsa sin i mbliana.

D'fhógair Peadar Mac an Iomaire, Príomhfheidhmeannach an Acadaimh, go ndéanfar raon clár nua a fhorbairt i rith na mblianta amach romhainn agus go bhfuiltear ag súil leis go mbeidh os cionn 1,500 mac léinn rannpháirteach i gcúrsaí na hInstitiúide. Ghlac sé buíochas leis an Aire Ó Cuív as an tacaíocht atá tugtha ag a roinn don ollscolaíocht trí Ghaeilge go dtí seo. Ghlac sé buíochas chomh maith le hÚdarás na Gaeltachta agus le FÁS as a dtacaíocht ag páirt mhaoiniú cuid de chúrsaí an Acadaimh sna hIonaid Ghaeltachta.

- Críoch -

PreviousNext

Featured Stories