Iarratais á lorg do chúrsa scileanna raidió trí Ghaeilge

Aug 15 2005 Posted: 00:00 IST
Reachtálfaidh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, acadamh de chuid OÉ Gaillimh, sraith agallamh ar an Aoine, 19 Lúnasa do dhaoine atá ag iarraidh tabhairt faoi chúrsa i scileanna raidió. Beidh na hagallaimh seo ag teacht sna sála ar thorthaí na hArdteiste a fhoilseofar an tseachtain seo.

Cúrsa bliana lánaimseartha is ea an Dioplóma i Scileanna Raidió a bheas ar bun in ionad an Acadaimh ar an gCeathrú Rua i gConamara. Is é seo an dara bliain ina bhfuil sé ar siúl. Cuimsíonn sé raon leathan ábhar, ón iriseoireacht go scileanna craoltóireachta, léiriú agus iarléiriú fuaime agus raidió, cúrsaí eitice agus dlí agus scileanna cumarsáide pearsanta. Tá tréimhse taithí oibre ceithre sheachtaine mar chuid den chúrsa. D'oibrigh mic léinn an cúrsa le RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ Lyric FM agus BBC Thuaisceart Éireann roimhe seo agus tugadh cuireadh do chuid acu leanúint lena gcuid oibre ann.

Dar le roinnt de na mic léinn ar chúrsa na bliana seo, "oscailt súl" ar thionscal na meán ab ea an cúrsa. Tá gné den iriseoireacht chlóite mar chuid de, agus chuir mic léinn na bliana seo caite forlíonadh le chéile a foilsíodh sa nuachtán Foinse.

Bhí Pádraig Ó Duithche as Corr na Móna i measc na ndaoine ar an gcéad chúrsa.

"Cheap mé, cosúil le go leor daoine, nach raibh tada ann ach a ghabháil chuig an micreafón. Ach tá an t-uafás ag baint leis. D'fhoghlaim mé conas thú féin a chur i láthair agus go gcaithfidh tú tú féin a chur ar an eolas faoin ábhar a bhfuil tú ag caint faoi, má tá tú beo ar an aer ag caint," a dúirt sé.

Chaith Cathal Mac Gearailt ceithre sheachtaine ar thaithí oibre le RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCiarraí.

"Tá mé ag déanamh rudaí difriúla gach aon lá. Tá mé ag déanamh na nuachta, tá mé ag déanamh na bhfógraí agus tá mé ag déanamh na fuaime agus rudaí mar sin," a dúirt sé.

Is iad na hiriseoirí Norita Ní Chartúir agus Uinsionn Mac Dubhghaill na príomhtheagascóirí ar an gcúrsa. Tá taithí na mblianta ag Norita Ní Chartúir mar chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá taithí ag Uinsionn Mac Dubhghaill mar Eagarthóir Gaeilge an Irish Times, agus mar iriseoir le Nuacht TG4 agus le heagrais eile.

Cuirtear béim mhór ar scileanna praiticiúla le linn an chúrsa, agus é mar aidhm aige na rannpháirtithe a réiteach chun fostaíocht a bhaint amach in earnáil an raidió, bíodh sin os comhair an mhaidhc mar láithreoir nó taobh thiar den deasc fuaime mar theicneoir nó mar léiritheoir.

Tháinig forbairt mhór ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil do dhaoine in earnáil na cumarsáide Gaeilge le blianta beaga anuas. Bíonn éileamh mór ar dhaoine a bhfuil na scileanna cuí craoltóireachta, teicniúla agus fuaime acu, ag eagraíochtaí ar nós RTÉ Raidió na Gaeltachta, stáisiúin raidió eile, TG4, Telegael, Abú Media agus neart comhlachtaí eile. Ar an iomlán bíonn os cionn 40 stáisiún raidió ag craoladh in Éirinn agus deiseanna éagsúla oibre ar fáil do lucht an chúrsa dá réir.

De bharr tacaíocht fhlaithiúil Údarás na Gaeltachta ní bhíonn táille ar an gcúrsa agus íocann an tÚdarás liúntas seachtainiúil do rannpháirtithe. Cuirfear tús leis an Dioplóma i Scileanna Raidió ar an 12 Lúnasa 2005 agus é faoi réir ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

PreviousNext

Featured Stories