Fógraíonn Banc na hÉireann €2.5 milliún mar thacaíocht d'fhorbairt inmharthana i

Jun 16 2005 Posted: 00:00 IST
Inniu (16 Meitheamh 2005), d'fhógair Banc na hÉireann go dtabharfaí €2.5 milliún chun geilleagar teangalárnach eolasbhunaithe a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta. Ba é Des Crowley, Príomhfheidhmeannach – Seirbhísí Airgeadais Miondíola a d'fhógair an maoiniú ag fáiltiú in Ionad Ealaíon Bhanc na hÉireann. Tabharfar an maoiniú d'Fhondúireacht na hOllscoile mar chuid dá feachtas €50m Daoine & Áit.

Tabharfaidh an €2.5m tacaíocht don obair atá déanta ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a seoladh le gairid in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, institiúid náisiúnta €35 milliún atá tiomanta do cheannródaíocht in oideachas tríú leibhéal a chur ar fáil trí Ghaeilge. I dteannta na gclár ar an gcampas, déanfaidh an institiúid forbairt ar thrí ionad sheachtracha sa Ghaeltacht; tá dhá ionad acu sin i nGaeltacht na Gaillimhe (Carna agus an Cheathrú Rua) agus ionad eile i nDún na nGall (Gaoth Dobhair).

Tabharfaidh an t-airgead ó Bhanc na hÉireann tacaíocht do chláir acadúla a chur ar fáil sna hionaid seo chun a chur ar chumas na bpobal áitiúil scileanna a fhoghlaim ar mhaithe le geilleagar eolasbhunaithe a fhorbairt. Díreoidh cláir ollscoile sna hionaid seo ar fhostaíocht inmharthana a chruthú, a thabharfaidh deis do chéimithe fanacht ina n-áit dúchais agus cur le hinfrastruchtúr teangeolaíoch agus teicneolaíoch an cheantair.

Agus an tacaíocht á fógairt is é a dúirt Des Crowley, Príomhfheidhmeannach - Seirbhísí Airgeadais Miondíola Bhanc na hÉireann: "Tugann Banc na hÉireann tacaíocht láidir do gheilleagar teangalárnach, eolasbhunaithe a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta. Feicimid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge mar thionscnamh ceannródaíoch agus nuálaíoch agus tá an-áthas orainn tacú le Feachtas Daoine & Áit OÉ, Gaillimh. Tá riar maith dár ngnó in Iarthar na hÉireann agus tá beagnach 1,000 duine fostaithe againn ann – mar sin, ar bhealaí éagsúla, táimidne ag iarraidh tacú le daoine, le pobail agus leis an saol san Iarthar."

Dúirt an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán OÉ, Gaillimh, an méid seo: "Cuirimid fáilte mhór roimh an tacaíocht ghnaíúil seo ó Bhanc na hÉireann a láidreoidh an obair nuálaíoch atá déanta ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Tá tiomantas na hOllscoile don Ghaeilge le feiceáil inár straitéis an seomra ranga agus an tsaotharlann taighde a thabhairt chuig an nGaeltacht agus tacú leis na pobail sin féinspleáchas eacnamaíoch agus teangalárnach a bhaint amach. Cuirimid fáilte roimh chinneadh Bhanc na hÉireann páirt a ghlacadh san fheachtas Daoine & Áit trí thacú le ceann de na cláir thosaíochta.

Ghlac Peadar Mac an Iomaire, Príomhfheidhmeannach an Acadaimh, buíochas le Banc na hÉireann as a thacaíocht airgid agus dheimhnigh sé go méadófaí réimse clár acadúil a bhí á gcur ar fáil cheana féin ag an Acadamh, lena n-áirítear cúrsaí i staidéar an aistriúcháin, sa chumarsáid, sa teicneolaíocht faisnéise, i raidió agus teilifís, de réir mar a thiocfaidh forbairt ar an institiúid.

Críoch

PreviousNext

Featured Stories