Dioplóma nua san Aisteoireacht trí Ghaeilge

Tuesday, 11 July 2006

Beidh dioplóma nua páirtaimseartha á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i réimse na haisteoireachta an bhliain seo chugainn. Cuirfear tús leis an gcúrsa i Meán Fómhair 2006 agus déanfar ceardlanna aisteoireachta á reáchtáil gach Satharn ar an gcampas sa Cheathrú Rua.

Tá an dioplóma seo feiliúnach do dhaoine a bhfuil spéis acu san aisteoireacht ghairmiúil, do dhaoine atá ag plé leis an drámaíocht phobail nó do dhaoine a bhfuil spéis acu san aisteoireacht ar bhonn pearsanta. Is cúrsa an-phraiticiúil a bheidh ann a thabharfaidh oiliúint san aisteoireacht agus sa phuipéadóireacht agus beidh deis ag baill an chúrsa a gcuid scileanna a chur i bhfeidhm nuair a chruthóidh siad dráma le chéile. Cothóidh an cúrsa scileanna foirne chomh maith. Is scileanna iad seo atá luachmhar in aon réimse oibre.

Ní gá taithí aisteoireachta a bheith ag iarratasóirí. Fáilteofar roimh iarratais ó aon duine a bhfuil suim acu sa drámaíocht agus a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Beidh an rogha ag baill an chúrsa deiseanna fostaíochta a ghlacadh i réimse na haisteoireachta stáitse agus i réimse na haisteoireachta teilifíse.

Glacfar suas le fiche duine ar an gcúrsa. Ní mór iarratas a dhéanamh go luath le háit a chinntiú. Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil faoin gcúrsa cuir glaoch ar Nora Nic Con Ultaigh in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag 091 495381 nó seol ríomhphost chuig nora.nicconultaigh@oegaillimh.ie.

-críoch-

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories