Aitheantas gradamúil tugtha ag OÉ Gaillimh d'ochtar den scoth i bhfoirm céimeann

Jun 23 2006 Posted: 00:00 IST
– Céimeanna Dochtúireachta Oinigh le bronnadh ar na Galfairí Idirnáisiúnta Christy O'Connor Sinsear agus Sóisear; Fiontraithe Éireannacha an Seanadóir Feargal Quinn, an Dr Ronan Lambe agus Hugh Green; an Fealsamh Éireannach John Moriarty; an tEalaíontóir Comhaimseartha Éireannach James Coleman agus an tAilgéabraí Iodálach ardchlúite an tOllamh Francesco de Giovanni –

Inniu (Dé hAoine) d'aithin OÉ Gaillimh an méid atá bainte amach ag ochtar den scoth a bhfuil sár-obair déanta acu ina réimse roghnaithe. I measc na ndaoine a roghnaíodh chun onóir a fháil tá daoine ó shaol an ghnó, an spóirt, na healaíne, na fealsúnachta agus na matamaitice.

Tar éis Scoil Iarchéime JE Cairnes don Ghnó & don Bheartas Poiblí a sheoladh le gairid in OÉ Gaillimh, tá tiomantas na hOllscoile don fhiontraíocht a chur chun cinn agus do cheannairí gnó na hÉireann amach anseo a spreagadh léirithe ag an Ollscoil trí onóir a bhronnadh ar dhaoine a bhfuil sár-obair déanta acu i saol an ghnó, ina measc an Seanadóir Feargal Quinn, Hugh Green agus an Dr Ronan Lambe. Bronnfar céimeanna oinigh chomh maith ar na galfairí cáiliúla Christy O'Connor Sinsear agus Sóisir; an Fealsamh Éireannach John Moriarty; an tEalaíontóir Éireannach James Coleman agus an tAilgéabraí ardchlúite an tOllamh Francesco de Giovanni.

Ag labhairt faoin mbronnadh, dúirt an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh, "Is mór an onóir d'OÉ Gaillimh aitheantas a thabhairt do sháréachtaí na ndaoine seo. Is suntasach an rud é onóir a thabhairt do na galfairí seo in Éirinn agus an Ryder Cup ar siúl anseo i mbliana. Tá roinnt daoine ó shaol an ghnó, na fealsúnachta agus na healaíne tugtha le chéile againn freisin, agus a dtionchar féin imeartha acu ar shochaí na hÉireann agus ar an domhan trí chéile."

Bronnadh na Céimeanna Oinigh i láthair Shainsiléir Ollscoil na hÉireann agus an tIar-Thaoiseach, an Dr Garret FitzGerald.

Nóta d'Eagarthóirí Is as Gaillimh Christy O'Connor, Sinsear agus Christy O'Connor, Sóisear agus tá siad ar bheirt de na galfairí gairmiúla is clúití in Éirinn. Tá ionadaíocht déanta ag an uncail agus a nia d'Éirinn ar fhoireann an Ryder Cup agus tá siad ar bheirt de na galfairí is cáiliúla sa tír. Ba é Christy Sinsear a ghnóthaigh an chéad duais £1,000 i ngalf na hEorpa, an duais ba mhó ar domhan ag an am. Ghnóthaigh sé Corn Cheanada (Corn an Domhain) freisin le Harry Bradshaw. Ba mhinic a rinne sé go maith sa British Open agus d'imir sé ar fhoireann an Ryder Cup deich n-uaire idir 1955 agus 1973. Ghnóthaigh Christy Sóisear an British Open faoi dhó agus ní dhéanfar dearmad go brách ar an Ryder Cup nuair a fuair sé an ceann is fearr ar Fred Couples ar an ochtú poll déag sa Belfry i 1989, agus, bhí sé chomh maith a rá, ghnóthaigh an Eoraip an Ryder Cup dá bharr.

Tá cáil ar John Moriarty, ó Co. Chiarraí ó thús, mar fhealsamh agus mar scríbhneoir clúiteach de chuid na hÉireann. Chaith sé seal ag léachtóireacht i gCeanada sna 1960idí, agus d'fhill sé ar Éirinn ansin chun a shaol a chaitheamh ag smaoineamh faoi shaincheisteanna cultúir agus fealsúnachta agus á bhfiosrú. Tá saothar go leor foilsithe aige agus ardmholadh faighte acu. Scrúdaíonn a dhírbheathaisnéis Nostos (2001) go leor de na smaointe a bhí léirithe aige roimhe sin agus paraidím chultúir agus fealsúnachta an Iarthair á ceistiú agus á cur i gcomhthéacs arís aige.

Tá cáil ar an Seanadóir Feargal Quinn le fada an lá i saol an ghnó in Éirinn. Is fearr aithne air mar Uachtarán Superquinn, ollmhargaí a bhunaigh sé i 1960, ach tá go leor eile déanta aige i saol na hÉireann; chaith sé deich mbliana mar chathaoirleach ar An Post agus bhí sé ina chathaoirleach ar choiste stiúrtha chun córas oideachais na hÉireann a leasú. Ceapadh é mar chomhalta neamhspleách de Sheanad Éireann i 1993 agus bhronn an Pápa ridireacht air i 1994. Ceapadh an Seanadóir Quinn mar Ollamh Cúnta i Roinn Margaíochta OÉ Gaillimh le gairid.

Is as Dún na nGallHugh Green ó thús, agus d'imigh sé go dtí an Astráil sna 1950idí. Is duine mór le rá anois é i measc phobal na hÉireann sa Nua-Shéalainn agus tá sé ina dhaonchara gníomhach sa Nua-Shéalainn le blianta fada. Faoina cheannaireacht, tá an Hugh Green Group ar cheann de na gnónna is rathúla agus is fearr bainistithe sa Nua-Shéalainn sa lá atá inniu ann.

Eolaí a bhí sa Dr Ronan Lambe ar dtús in Institiúid na Cógaseolaíochta Cliniciúla. D'éirigh thar cionn leis an Dr Lambe nuair a bhunaigh sé féin agus an Dr John Climax ICON i 1990. Cuireann ICON seirbhísí bithmhéadracha agus taighde chliniciúil ar fáil do thionscail na cógaisíochta agus na biteicneolaíochta agus bunaíodh ar an NASDAQ é i 1998. Tá seacht n-oifig fichead aige anois i sé thír déag agus os cionn 2,200 fostaí ar fud an domhain.

James Coleman ar cheann de na hamharcealaíontóirí Éireannacha is cáiliúla i mbun na healaíne faoi láthair, cé gur fearr aithne air thar sáile ná in Éirinn. Is as Bealach an Doirín i gContae Ros Comáin é ó dhúchas, agus tá cáil air le blianta beaga anuas mar dhuine de na healaíontóirí is tábhachtaí de ré an iarnua-aoiseachais san amharcealaín. Tá mór-athrú déanta ag a shaothar ar dhíospóireachtaí faoi stádas na híomhá sa chultúr comhaimseartha agus tá tionchar imeartha ag a shaothar ar ghlúin iomlán ealaíontóirí óga. Is comhalta é den Aosdána agus cheannaigh Áras Nua-Ealaíne na hÉireann trí cinn dá phéintéireachtaí.

Tá cáil idirnáisiúnta ar an Ailgéabraí an tOllamh Francesco de Giovanni agus tá taifead taighde den scoth aige. Tá sé ar cheann de na hollúna is óige a cheap an Universitá Federico II di Napoli riamh. Tá sé ina mhaoirseoir agus ina stiúrthóir i gceann de na scoileanna céime is cáiliúla san Iodáil agus leis an obair agus leis an gcomhoibriú a rinne sé, cruthaíodh naisc mhalartaithe idir Universitá Federico II di Napoli agus OÉ Gaillimh, naisc chomhthairbhiúla don dá Ollscoil.

-críoch-

PreviousNext

Featured Stories