Lorgaíonn Ráiteas na Gaillimhe Cosaint UNESCO d'ilghnéitheacht theangacha an dom

Monday, 26 June 2006

D'iarr comhdháil idirnáisiúnta thrítheangach (Gaeilge, Béarla agus Fraincis) a reáchtáil Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcomhar leis an Ionad Éireannach um Chearta an Duine, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus eagraithe ag an Acadamh Idirnáisiúnta ar Dhlí Teanga i nGaillimh ar an 16 Meitheamh, ar UNESCO cosaint a thabhairt do theangacha an domhain.

Toscairí ó níos mó ná 20 tír a d'iarr ar UNESCO cosaint a thabhairt d'ilghnéitheacht theangacha an domhain. An dr. Joseph Turi, Rúnaí Ginearálta an IALL/AIDL (International Academy of Linguistic Law/Académie internationale de Droit linguistique) a mhol an Ráiteas.

"Is céim an-tábhachtach í seo. Nuair a shocrós UNESCO ar chosaint a thabhairt don ilghnéitheacht teangacha, beidh ar na tíortha éagsúla tacaíocht a thabhairt do na pobail teanga a bhfuil cónaí orthu laistigh dá gcuid teorainneacha náisiúnta. Ní féidir cosaint a thabhairt do chultúir faoi leith gan cosaint a thabhairt do na teanga a bhaineann leo", a dúirt Seosamh Mac Donnacha, an Comhordaitheoir Acadúil in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Dúirt an dr Conchúr Ó Giollagáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, gur éigeandáil idirnáisiúnta atá i gceist. "Tá suas le 90% de theangeacha an domhain i mbaol a mbáis roimh dheireadh an chéid seo. Seo uair na cinniúna."

Glacadh le Ráiteas na Gaillimhe d'aon ghuth.

Ba é téama na Comhdhála 'Na Dúshláin a Bhaineann le hAchtú agus le Cur i bhFeidhm Dlí agus Cearta Teanga'. Ba í an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a rinne urraíocht ar an gComhdháil.

I measc na n-aoíchainteoirí bhí

  • Séan Ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga
  • Philip Blair, stiúrthóir, Directorate of Cooperation for Local and Regional Democracy, Comhdháil na hEorpa
  • Dzenana Hadziomerovic, comhairleoir dlí ag an Ard-Coimisinéir ar Mhionlaigh Náisiúnta
  • Fernand de Varennes, saineolaí Astrálach

Tuilleadh eolais ar: http://www.conference.ie/Conferences/index.asp?Conference=24

-críoch-

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories