Morthaighde chun sláinte a fheabhsú trí chaighdeán níos fearr uisce

Thursday, 16 March 2006

Bhronn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) breis is €1 mhilliún ar an Institiúid um Athrú Comhshaoil, OÉ, Gaillimh ar mhaithe le mórthionscadal taighde a scrúdóidh caighdeán uisce agus an bhaint a bhíonn aige le sláinte an duine.

'Sláinte an Duine a fheabhsú trí Chaighdeán níos fearr Uisce' is teideal don chlár taighde idirdhisciplíneach a thugann le chéile eolaithe, dochtúirí agus innealtóirí ó OÉ, Gaillimh; ó Choláiste an hOllscoile, Baile Átha Cliath; agus ón Roinn Sláinte Poiblí, Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte - An tIarthar. Ag 10.30am Déardaoin, 16 Márta 2006, san Institiúid um Athrú Comhshaoil (ECI) a sheolfar an clár.

Scrúdóidh an clár taighde, arb é atá ann ná sraith tionscadail idirnasctha, an bhaint atá ag soláthar an uisce óil agus infhabhtú Cripteaspóiridiam in Iarthar na hÉireann, agus tionchar cúinsí séasúracha agus comhshaoil ar chaighdeán an uisce talún. Scrúdóidh ceann amháin de na tionscadail modhanna a thabharfaidh le fios an dramhaíl ón duine nó ó ainmhithe is cúis leis an truailliú, agus tiocfaidh sé ar mhodhanna a dhéanfaidh amach cén uair is dóichí a tharlóidh truailliú i soláthairtí uisce. Scrúdóidh an clár, leis, uisce óil, uisce snámha agus uisce dramhaíola, féachaint an bhfuil iarmhair antaibheathach agus baictéir atá frithsheasmhach i gcoinne antaibheathach iontu.

Dúirt an tOllamh Martin Cormican, ó Roinn na Baictéareolaíochta i Scoil Leighis OÉ, Gaillimh agus an príomhthaighdeoir, gur deis mhór é an staidéar le cur lenár dtuiscint ar an gceangal idir an úsáid, nó an mí-úsáid ar uairibh, a bhainimid as uisce agus ár sláinte.

"Braithimid ar uisce sna tithe againn, sa tionsclaíocht agus san fheirmeoireacht chun nithe a ghlanadh agus dramhaíl a sciobadh leis agus d'fhéadfadh sé sin dul isteach sa chomhshaol. Ar an láimh eile, le go mbeadh saol fada sócmhar againn, ní mór dúinn tarraingt ar an uisce glan atá sábháilte le hól ón gcomhshaol céanna sin. Má táimid chun an dá thrá a fhreastal, ní mór dúinn córais a chur i bhfeidhm a chinnteoidh nach n-ólfaimid amárach an ní a chaithaimid amach inniu."

Agus é ag labhairt ag an seoladh, is é a dúirt Leas-Ardstiúrthóir an EPA, an Dr Pádraic Larkin: "Is tionscadal taighde ríthábhachtach don EPA é an tionscadal seo a thugann le chéile grúpa ilghnéitheach taighdeoirí den scoth ó na heolaíochtaí comhshaoil agus sláinte le hoibriú ar an gceist fhíorthábhachtach seo d'Éirinn. Táim ag súil go mbainfear leas as torthaí an tionscadail seo amach anseo chun an caighdeán is airde uisce is féidir a chur ar fáil in Éirinn."

Is é a dúirt an tOllamh Emer Colleran, Stiúrthóir an ECI: "Tá an-áthas ar an ECI gur éirigh leis an maoiniú nach beag taighde seo a fháil ón EPA – gníomhaireacht a aithníonn an buntáiste a bhaineann le saineolaithe a thabhairt le chéile ó réimsí an taighde comhshaoil agus sláinte. Tá gá le cur chuige ildisciplíneach i leith an taighde chun ár n-acmhainn uisce a chosaint agus chun soláthairtí uisce a chur ar fáil. Tabharfaidh an tionscadal seo taighdeoirí le chéile ó dhisciplíní éagsúla i dtionscadal faoi leith a bheidh dírithe ar chaighdeán an uisce in Éirinn a fheabhsú."

Ó bunaíodh an ECI, d'éirigh leis an bhfoireann acadúil a bhfuil baint acu leis an taighde maoiniú os cionn €30 milliún a fháil ó fhoinsí náisiúnta agus idirnáisiúnta. I dteannta bheith ag tacú go fadtréimhseach le taighde comhshaoil in OÉ, Gaillimh, tá an ECI ag tabhairt tacaíochta do chúrsaí comhshaoil atá seanbhunaithe agus ag cuidiú le cúrsaí nua fochéime agus iarchéime a chur le chéile.

CRÍOCH

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories