Is ar thuismitheoirí a bheas Lá Oscailte OÉ Gaillimh dírithe

Nov 20 2006 Posted: 00:00 GMT

Cuirfidh OÉ Gaillimh fáilte roimh dhaltaí meánscoile, tuismitheoirí agus múinteoirí ó cheann ceann na tíre go dtí a Lá Oscailte Déardaoin, an 30 Samhain 9r.n. – 3i.n. I mbliana, cuirfear béim ar eolas a thabhairt do thuismitheoirí faoin ról tábhachtach a bhíonn acu cabhrú le daltaí rogha a dhéanamh faoina n-ábhar staidéir don tríú leibhéal.

Dúirt Mary Coyle, An tOifigeach um Idirchaidreamh le Scoileanna, "Bíonn sé an-deacair ar dhaoine óga an fhoirm CAO a chomhlánú mar gheall ar an rogha atá ann. Cabhraíonn a dtuismitheoirí leo an rogha is fearr a dhéanamh. Ar an Lá Oscailte tá súil againn an t-eolas a chur ar fáil a chabhróidh le gach duine páirteach an cinneadh is fearr a dhéanamh."

I rith an lae, beidh réamhléachtaí ó na Dámha seo, na Dána, Dlí, Tráchtáil, Eolaíocht, Léann Ceilteach, Leigheas & Eolaíochtaí Sláinte agus Innealtóireacht. Beidh 70 seastáin ann ar an lá agus comhaltaí foirne acadúla agus mic léinn ar fáil chun léargas a thabhairt ar shaol an champais idir cúrsaí, lóistín agus gairmchomhairle. Beidh turais den champas ar fáil ar an Lá Oscailte chomh maith le taispeántais saotharlainne agus eolas faoi ghníomhaíochtaí seach-churaclaim cosúil le spórt agus cumainn.

Tá clú agus cáil ar an Ollscoil mar eagraíocht a thugann tús áite don mhac léinn agus bíonn béim láidir ar fhorbairt iomlánaíoch gach mac léinn. Dúirt an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh, "Tá sé ar cheann de na heispéiris is fearr sa saol dul ar an Ollscoil, agus beidh an deis agat mionstaidéar a dhéanamh ar ábhair a thaitníonn leat. Tugaimid cabhair do na mic léinn eolas agus scileanna a fháil a theastaíonn ó fhostóirí agus cuireann siad aithne ar dhaoine nua, aithne a mhaireann go brách".

Tá Cathair na Gaillimhe ar cheann de na cathracha is tapúla fás san Eoraip agus tá sí ina hionad rafar, spleodrach cultúir agus tráchtála; de bharr go bhfuil an Ollscoil chomh gar sin don Chathair, ní bhíonn deacracht ag mic léinn teacht ar na saoráidí go léir a bhíonn ar fáil i mbaile mór nua-aimseartha. Bíonn sult le baint ag mic léinn OÉ Gaillimh as an saol sóisialta agus cultúir atá sa chathair fhuinniúil bhríomhar seo, ach lena chois sin bíonn siad in ann taitneamh a bhaint as ceann de na cúlchríocha is áille agus is glaine san Eoraip, lena n-áirítear Gaeltacht Chonamara, traidisiúin shaibhre chultúir agus ealaíon, Boirinn agus Oileáin Árann.

Chun eolas breise a fháil déan teagmháil le Mary Coyle ar 091 492814 nó mary.coyle@nuigalway.ie. É sin nó cliceáil ar www.nuigalway.ie.

- críoch -

PreviousNext

Featured Stories