Críoch curtha leis an Searmas is mó Bronnta Céime riamh in OÉ Gaillimh

Oct 27 2006 Posted: 00:00 IST

Tháinig deireadh le seachtain iomlán de shearmanais bhronnta céime in OÉ Gaillimh inniu, seachtain inar bhronn Uachtarán na hOllscoile, an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh céimeanna, dioplómaí agus teastais ar bhreis is 4,770 mac léinn – an líon is mó mac leinn riamh a bhain dindiúirí amach le chéile. Is í Dámh na nDán an dámh is mó san Ollscoil, a bhfuil 6000 mac léinn cláraithe léi, agus bronnadh cáilíochtaí ar 2059 mac léinn díobh sin. Bronnadh céim ar 639 mac léinn as Dámh na Tráchtála, ar 570 mac léinn as Dámh na hEolaíochta, ar 280 mac léinn as Dámh na hInnealtóireachta agus ar 427 mac léinn as Dámh an Dlí. Reáchtálfar searmanais eile bronnta cáilíochtaí an 28 Samhain a bhainfidh le Dámh an Leighis agus na nEolaíochtaí Sláinte.

As na mic léinn sin ar fad ar bronnadh céim orthu, b fhoghlaimeoirí fásta 795 duine díobh, rud a léiríonn a mheáite is atá an Ollscoil ar dheiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a chur ar fáil do dhaoine. Bhí roinnt mac léinn ina measc freisin a raibh cúrsaí Rochtana agus Fondúireachta do lucht fágála scoile agus d'fhoghlaimeoirí fásta déanta acu, go háirithe cúrsaí do mhic léinn atá faoi mhíbhuntáiste. Chonacthas a idirnáisiúnta is atá an campas le líon na gcéimithe ó áiteanna i gcéin, lena n-áirítear an Bhraisíl, an Chéinia, an Mholdóiv, an Nigéir agus an Rúis.

Agus é ag trácht ar bhronnadh na gcéimeanna, is é a bhí le rá ag an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh: "Is cúis bróid i gcónaí é mic léinn a chaith laethanta múnlaithe a saoil anseo linn in OÉ Gaillimh agus céimeanna den scoth á mbaint amach acu le bród agus le mórtas. Gúim gach rath orthu le pé gairm a roghnóidh siad amach anseo agus táim cinnte gur cúis bhróid dóibh alma mater a thabhairt ar OÉ Gaillimh agus go mbeidh siad páirteach linn i gcónaí ag tacú agus ag ceiliúradh rath leanúnach na hOllscoile seo."

I measc bhuaicphointí na seachtaine bhí bronnadh Teastas Iarchéime i dTeagasc agus i bhFoghlaim an Ard-Oideachais ar ocht mball foirne acadúil, rud a léiríonn an tábhacht a chuireann an Ollscoil le feabhsú leanúnach chaighdeáin an teagaisc agus na foghlama don mhac léinn.

Dúirt an An Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, freisin: "Tá OÉ Gaillimh meáite ar scoth an teagaisc a bhaint amach, ar thaighde ar chaighdeán domhanda a chothú, ar a cion a dhéanamh don réigiún agus páirt a ghlacadh ann, ar thacú leis an oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge, agus, thar aon ní eile, ar dheimhin a dhéanamh de go mbíonn an mac léinn i lár gach gníomhaíochta de chuid na hOllscoile."

I rith na seachtaine, bronnadh Máistreacht sna Dána (honoris causa) ar John Cunningham, An tEagarthóir, Connacht Tribune Newspapers agus Máistreacht sa Litríocht (honoris causa) ar Dhónall Ó Luanaigh, iarchoimeádaí na mBailiúchán le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

- críoch -

PreviousNext

Featured Stories