All 2007

Over €6m sanctioned by Ó Cuív for Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, NUI Galway

Monday, 10 December 2007

Éamon Ó Cuív T.D., Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs, has sanctioned a grant of €6m for Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, National University of Ireland, Galway and for the university's sub-centres operating in the Gaeltacht. This grant is being provided to enable the Acadamh to develop and promote its Irish language measures. The Minister said that the Acadamh greatly enhances the Irish langauge educational opportunities available to Gaeltacht and Irish language communities and that it has a very positive impact on the social, economic and cultural lives, as well as on the language, of those communities in general. With regard to language planning, the activities of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge greatly assist the various Gaeltacht communities through the courses it provides in that area and through the research and consultancy services it provides to various organisations. NUI Galway has set out a challenging approach to third level education through Irish in its Strategic Plan. Third level accredited courses will be offered fully through Irish in various locations within and outside the Gaeltacht. Minister Ó Cuív said that third level education through Irish is dealing with the erosion of rural communities and reinforcing the status and profile of the Irish language. "New language-friendly employment is promoted. The Acadamh has a central role in supporting the community development process and in developing a language-centred Gaeltacht infrastructure," according to the Minister. He added that he is delighted to provide this assistance, especially in the context of course delivery costs through Irish being higher than course delivery costs through English.

>> Read full story about Over €6m sanctioned by Ó Cuív for Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, NUI Galway

Deontas de €6m Ceadaithe ag Ó Cuív d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoi

Monday, 10 December 2007

Tá deontas ar fiú €6m thar tréimhse trí bliana ceadaithe ag Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus na fo-ionaid ollscoile atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht. Cuireadh an deontas seo ar fáil mar chúnamh dóibh chun a gcuid beartais ar mhaithe leis an nGaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn. Dúirt an tAire go gcuireann an tAcadamh go mór leis na deiseanna oideachais trí mheán na Gaeilge atá ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge agus go mbíonn tionchar thar a bheith dearfach acu ar shaol sóisialta, eacnamaíoch, cultúrtha agus teanga na bpobal sin trí chéile. I gcás na pleanála teanga, cuidíonn gníomhaíochtaí Acadaimh na hOllscolaíochta Gaeilge go mór le pobail éagsúla sa Ghaeltacht, trí na cúrsaí a chuireann siad ar fáil sa réimsí sin agus trí na seirbhisí taighde & comhairleacht a chuireann siad ar fáil d'eagraíochtaí éagsúla. Tá cur chuige dúshlánach leagtha amach ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh don ollscolaíocht trí Ghaeilge ina Plean Straitéiseach. Beidh cúrsaí creidiúnaithe tríú leibhéal á dtairiscint go hiomlán trí Ghaeilge in ionaid éagsúla laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Dúirt an tAire Ó Cuív go bhfuil an ollscolaíocht Ghaeilge ag dul i ngleic le creimeadh an phobail tuaithe agus ag láidriú staid agus próifíl na Gaeilge. "Cuirtear fostaíocht nua chun cinn atá teanga-chairdiúil. Tá ról lárnach ag an Acadamh ag tacú leis an bpróiséas forbartha pobail agus ag cruthú bonneagar Gaeltachta atá teanga lárnaithe," a deir an tAire. Dúirt sé go raibh áthas air an cúnamh seo a chur ar fáil go háirithe i gcomhthéacs costais seachadtha chúrsaí trí Ghaeilge a bheith níos airde ná costais chúrsaí a sheachadtar trí Bhéarla.

>> Read full story about Deontas de €6m Ceadaithe ag Ó Cuív d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoi

Spórt Roghnaithe mar Théama Ceiliúrtha an Mhórfhéasta Ollscoile

Tuesday, 4 December 2007

Tá na sonraí is déanaí maidir le naoú Mórfhéasta bliantúil OÉ Gaillimh fógartha – imeacht a bheidh ar siúl in Óstán an Radisson SAS Dé Sathairn, an 1 Márta 2008. Díreoidh téama Mhórfhéasta 2008 ar thiomantas na hOllscoile do chúrsaí spóirt anseo ar an gcampas. Measann formhór na mac léinn anseo go gcuireann comhaltacht agus/nó rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt go mór leis an am a chaitheann siad in OÉ Gaillimh. Is iomaí buntáiste a bhaineann le comhaltacht agus/nó rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt – sláinte, folláine, comhluadar agus forbairt phearsanta – mar aon le háis úsáideach chun cothroime a bhaint amach idir an saol oibre agus an saol acadúil. Dúirt an tOllamh Ger Hurley, Leas-Uachtarán um Thionscnaimh Straitéiseacha agus Gnóthaí Seachtracha, OÉ Gaillimh, "Is é atá mar aidhm againn anseo in OÉ Gaillimh rogha spóirt a sholáthar don uile dhuine agus spreagadh a thabhairt do mhic léinn leas a bhaint as na hacmhainní atá le fáil ar an gcampas – is léir anois go bhfuil feabhas mór ag teacht ar an hacmhainní atá ar fáil de bhrí go bhfuil Ionad Spóirt nua á fhorbairt i láthair na huaire. Tá an bhéim a leagtar ar rannpháirtíocht mac léinn i gcúrsaí spóirt ag teacht le héiteas OÉ Gaillimh – is é sin gurb é an phríomhfhreagracht atá orainn leas agus folláine ár mac léinn." Dúirt an tOllamh Hurley, "bunaithe ar théama Mhórfhéasta 2008, trí urraíocht fhlaithiúil ó Aer Arann, tá ar ár gcumas an t-ochtú duais a bhronnadh – Duais Alumni Aer Arann d'Éachtaí agus Ceannaireacht Spóirt." Ceann de bhuaicphointí an imeachta, atá anois ar mhórimeacht náisiúnta agus ceann de phríomhimeachtaí sóisialta Iarthar na hÉireann, é bronnadh na nDuaiseanna Alumni gach bliain. Ceiliúrann na duaiseanna seo an tábhacht a bhaineann le hoideachas OÉ Gaillimh ar feadh an tsaoil agus tugann sé aitheantas d'fheabhas agus d'éachtaí daoine aonair i measc 65,000 céimí na hOllscoile atá scaipthe ar fud an domhain. Seo a leanas liosta de bhuaiteoirí na n-ocht nduais alumni atá le bronnadh ag Mórfhéasta 2008: Duais Hewlett-Packard don Ghaeilge Gráinne Seoige, Craoltóir Duais TBD don Innealtóireacht, an Teicneolaíocht Faisnéise agus an Mhatamaitic John Ryan, Cathaoirleach an Bhoird, Macrovision Corporation Duais Bhanc na hÉireann don Ghnó & an Tráchtáil Brian Joyce, Cathaoirleach, Clancourt Holdings; Stiúrthóir, Kingspan Duais Seavite don Eolaíocht Dúlra An Dr Peter Heffernan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fhoras na Mara Duais AIB don Litríocht, an Chumarsáid & na hEalaíona Julian Gough, Úrscéalaí agus Ceoltóir Duais OÉ Gaillimh don Dlí, an tSeirbhís Phoiblí agus an Rialtas Séamus Brennan, An tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta Duais Medtronic don Chúram Sláinte agus an Eolaíocht Mhíochaine An Dr Frank Giles, Príomhoifigeach na Roinne Haemaiteolaíochta agus na hOinceolaíochta Leighis sa San Antonio Cancer Institute Duais-Aer-Arann-d'Éachtaí-agus-Ceannaireacht-Spóirt Joe McDonagh, Iar-Uachtarán CLG & Sáriománaí Sinsearach -Críoch-

>> Read full story about Spórt Roghnaithe mar Théama Ceiliúrtha an Mhórfhéasta Ollscoile

Sport celebrated as theme of University Gala Banquet

Tuesday, 4 December 2007

Details have been announced of NUI Galway's ninth annual Gala Banquet, which will take place at the Radisson SAS Hotel on Saturday, 1 March, 2008. The theme of the 2008 Gala Banquet will focus on the University's commitment to and long history of sport on campus. The majority of students find their membership and/or involvement in sport significantly enhances their NUI Galway experience, with many benefits in terms of health, physical fitness, camaraderie and personal development and a useful aid in balancing the pressures of academic life. Professor Ger Hurley, Vice President for Strategic Initiatives and External Affairs, NUI Galway, said, "Our intention at NUI Galway is to offer sport for all and to encourage all students to benefit from the resources which are provided on campus – facilities which are continually being improved as is evident with the development of the new Sports Centre. The emphasis placed on involving students in sport underlines the ethos of NUI Galway - that our students and their wellbeing are our primary responsibility." Professor Hurley added, "given the theme of Gala Banquet 2008, this year we have, through the generous sponsorship of Aer Arann, added an eighth award – the Aer Arann Alumni Award for Sports Achievement and Leadership." One of the highlights of the evening, which has established itself as a premier national event and one of the key social occasions in the West of Ireland, is the presentation of the annual Alumni Awards. These awards celebrate the life-long value of an NUI Galway education and recognise individual excellence and achievement among the University's more than 65,000 graduates worldwide. The winners of the eight alumni awards to be presented at Gala 2008: Duais Hewlett Packard don Ghaeilge Gráinne Seoige, Craoltóir TBD Award for Engineering, IT & Mathematics John Ryan, Chairman of the Board, Macrovision Corporation Bank of Ireland Award for Business & Commerce Brian Joyce, Chairman, Clancourt Holdings; Director, Kingspan Seavite Award for Natural Science Dr Peter Heffernan, CEO of the Marine Institute AIB Award for Literature, Communication & the Arts Julian Gough, Novelist and Musician NUI Galway Award for Law, Public Service & Government Seamus Brennan, Minister for Arts, Sport and Tourism Medtronic Award for Healthcare & Medical Science Dr Frank Giles, Chief of the Division of Haematology and Medical Oncology at the San Antonio Cancer Institute Aer Arann Award for Sports Achievement and Leadership Joe McDonagh, Former GAA President & Champion Senior Hurler -ENDS-

>> Read full story about Sport celebrated as theme of University Gala Banquet

Clár B.A. seolta i nGaoth Dobhair - B.A. sa Riarachán Gnó

Tuesday, 4 December 2007

Tá clár céime nua agus nuálaíoch – clár a bheidh á reáchtáil trí mheán na Gaeilge – seolta ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Beidh an clár seo ar siúl in ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall agus is i mí Mheán Fómhair 2008 a chuirfear tús leis. D'fhógair Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh sonraí an chláir nua seo ag an searmanas bronnta a bhí ar siúl i nGaoth Dobhair i mbliana. Dúirt sé go raibh áthas air a bheith i nGaoth Dobhair ag searmanas bronnta do mhic léinn an Acadaimh don tríú bliain as a chéile agus go raibh áthas air a fhógairt "go mbeidh céim iomlán ollscoile á thairiscint ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge den chéad uair riamh i nGaoth Dobhair an bhliain seo chugainn. Tá áthas ar leith orainn go bhfuil ar ár gcumas an B.A. sa Riarachán Gnó a thairiscint i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Is éard atá ar bun againn i ndáiríre acmhainní an dá institiúid a úsáid chun clár maith céime trí mheán na Gaeilge a sholáthar san Iarthuaisceart." Tharraing an tUasal Paul Hannigan, Uachtarán Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn aird ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú idir an dá institiúid tríú leibhéal seo chun an clár nua seo a fhorbairt. "Tá cáil bainte amach ag Scoil Ghnó Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn as feabhas na gcúrsaí gnó a chuirtear ar fáil agus tá os cionn 1,000 mac léinn ag freastal ar ár gcúrsaí fochéime agus iarchéime anois. Tá ceann de na ceantair Ghaeltachta is mó sa tír i nDún na nGall agus tá an-áthas orainn a bheith ag comhoibriú le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh chun cúrsa nua céime sa ghnó a sholáthar trí mheán na Gaeilge." Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta – atá ag tabhairt tacaíochta don chúrsa – gur léargas eile fós é an tacaíocht atá á soláthar don chlár seo ar thiomantas an Údaráis d'fhorbairt gheilleagrach agus theangeolaíoch na Gaeltachta. "Is léir dúinn ar fad gur fágadh na tionscail thraidisiúnta déantúsaíochta ar leataobh agus go ndearnadh damáiste do chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht dá bharr. Ní mór dúinn anois a bheith san iomaíocht sa timpeallacht dhomhanda – áit a mbraitheann dul chun cinn ar leibhéil níos airde eolais agus scileanna. Cabhróidh tionscnaimh cosúil leis an gcúrsa céime seo le muintir na Gaeltachta déileáil leis na dúshláin nua seo, agus ní hamháin tionscail ardleibhéil a mhealladh ach gnóthaí a bhunú iad féin." Dúirt Éamonn Mac Niallais, Riarthóir Ionad Ghaoth Dobhair, "Cúrsa ceithre bliana atá anseo agus is é atá mar aidhm againn na scileanna praiticiúla agus anailíseacha a theastaíonn le feidhmiú i ngnó agus timpeallacht riaracháin dhátheangaigh a thabhairt dár gcéimithe." "Le blianta beaga anuas, tá méadú as cuimse tagtha ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil in eagraíochtaí atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht. Is léir mar sin gur féidir le céimithe an chúrsa céime seo a bheith ag súil le deiseanna iontacha fostaíochta amach anseo." Tá tuilleadh eolais faoin B.A. sa Riarachán Gnó le fáil ag www.acadamh.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le hIonad Ghaoth Dobhair ag 074 9531919 nó ríomhphost a sheoladh chuig gaothdobhair@oegaillimh.ie. – Críoch –

>> Read full story about Clár B.A. seolta i nGaoth Dobhair - B.A. sa Riarachán Gnó

<< < 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 > >>

Featured Stories