Postanna i réimse an aistriúcháin le cáilíocht ó OÉ Gaillimh

Monday, 2 April 2007

2 Aibreán 2007: Tá postanna nua cruthaithe le déanaí i réimse an aistriúcháin, in Éirinn agus san Aontas Eorpach, nárbh fhéidir a líonadh mar nach bhfuil dóthain aistritheoirí cáilithe ann. Is féidir le mac léinn cáilíocht léinn atá ag teastáil le ceann de na postanna seo a fháil ach tabhairt faoi chúrsa iarchéime an Dioplóma Iarchéime / M.A. (Léann an Aistriúcháin) atá á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh an bhliain acadúil seo chugainn.

Is cúrsa lánaimseartha é seo a dhéantar thar bhliain amháin i gcás an Dioplóma Iarchéime, nó thar dhá bhliain i gcás an M.A agus a bheas ar siúl ar an gCeathrú Rua i gCo. na Gaillimhe. Tá an cúrsa seo feiliúnach do dhaoine a bhfuil cumas maith Gaeilge agus Béarla acu, idir labhairt agus scríobh agus do dhaoine ar spéis leo tabhairt faoi ghairm an aistriúcháin.

Is réimse fáis é réimse an aistriúcháin Ghaeilge agus leanfaidh an fás sin de thoradh Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus stádas nua na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh. Baineann an-fhéidearthacht leis an aistriúchán do dhaoine ar mhaith leo bheith féinfhostaithe, do dhaoine ar mhaith leo a slí bheatha a bhaint amach sa bhaile agus do dhaoine ar mhaith leo ioncam breise a shaothrú. Is jabanna iad seo a bhfuil tuarastal agus coinníollacha tarraingteacha fostaíochta ag gabháil leo.

"Is céim chun cinn thábhachtach anois ó thaobh gairme de scileanna gairmiúla aistriúcháin a shealbhú agus cáilíocht aitheanta tríú leibhéal a bhaint amach. Tá ár gcúrsaí deartha le dul in oiriúint do riachtanais daoine éagsúla, m.sh. duine atá ag obair agus atá ag iarraidh staidéar páirtaimseartha a dhéanamh le cur ar a c(h)umas dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh gairme de nó duine atá ag iarraidh staidéar lánaimseartha a dhéanamh le bheith in ann tabhairt faoi ghairm bheatha nua sa Bhruiséil", a dúirt Peadar Mac an Iomaire, Priomhfheidhmeannach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.

Déanfar dianchleachtadh ar cheart agus ar chruinneas na Gaeilge ar an gcúrsa seo agus gheobhaidh na hiarratasóirí spléachadh ar ghnó an aistriúcháin chomh maith le cleachtadh a fháil ar na huirlisí agus na bogearraí is mó a bhíonn in úsáid ag aistritheoirí lae inniu. Déanfar cleachtadh freisin ar théacsanna éagsúla a aistriú, go háirithe ar na téacsanna is coitianta a bhíonn idir lámha ag aistritheoirí gairmiúla na Gaeilge.

De bhrí go bhfuil borradh thar cuimse tagtha ar ghairm an aistriúcháin in Éirinn mar réimse léinn, gnó agus fostaíochta, tá éileamh nach beag ar aistritheoirí gairmiúla chun caighdeán ard aistriúcháin a chinntiú agus tá jabanna maithe ar thuarastal mór le fáil anois mar aistritheoirí gairmiúla in Éirinn agus san Eoraip. Mar sin tá tábhacht bhreise ag baint le cáilíocht aitheanta agus dea-scileanna aistriúcháin a bhaint amach.

Táthar ag glacadh le hiarratais don chúrsa seo go dtí an 27 Aibreán 2007. Chun tuilleadh eolais a fháil, cuir glaoch ar Chassie Ní Chathasaigh, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh ag 091 869022 nó seol ríomhphost chuig aistriuchan@oegaillimh.ie

Críoch

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories