Bonn Óir RTÉ Raidió na Gaeltachta bronnta ar Dharáine Ní Mhaoilmhichíl

Monday, 23 July 2007

Ó chlé Edel Ní Chureáin, Ceannaire, Radió na Gaeltachta; Daráine Ní Mhaoilchichíl agus Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Bronnfaidh Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin, Bonn Óir RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ócáid in Oifig an Uachtaráin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh inniu (Dé Luain, 12.30 san iarnóin).

Tá Bonn Óir Raidió na Gaeltachta buaite ag Daráine Ní Mhaoilmhichíl, as an gcaighdeán is airde a bhaint amach ar an Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 2006.

"Ba mhaith liom thar ceann Ollscoil na hÉireann comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le Daráine ar bronnadh Gradam Bonn Óir RTÉ Raidió na Gealtachta uirthi mar gheall ar a cuid éachtaí acadúla, an obair eisceachtúil, an díograis agus an diongbháilteacht a léirigh sí agus í mar mhac léinn ar an Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach anseo in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh" a deir an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh & Reachtaire an Acadaimh ag an mbronnadh.

Is as Baile Trasna, Cill Dhéalaí, Co. na Mí, Daráine. Bhain sí Céim amach sa Chumarsáid in 2004 in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Chaith sí tréimhse ar thaithí oibre leis an gcomhlacht léiriúcháin teilifíse Telegael agus le RTÉ. Faoi láthair, tá sí fostaithe mar thaighdeoir le RTÉ ar an gclár The Summer Den. In 2002, bronnadh Gradam BSL/Rehab Ghaiscíoch Óg na Bliana uirthi agus tá sí mar bhall den Chomhairle Stáit a chuireann cúnamh agus comhairle ar fáil don Uachtarán.

"D'éirigh thar barr le Daráine ar an Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach i rith na bliana agus bhí muid thar a bheith tógtha leis an tsamhlaíocht, iarracht agus fuinneamh a léirigh sí i rith an bhliain a chaith sí linn" a dúirt Riarthóir na Cumarsáide, Rónán Ó Dubhthaigh.

Bronntar an Bonn Óir, atá urraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, go bliantúil ar an té is fearr a dhéanann dul chun cinn ar chúrsa an Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach. Is cúrsa é seo a chuireann oiliúint phraiticiúil ar mhic léinn i gcúrsaí raidió agus teilifíse, i dteannta le hoiliúint i gcúrsaí Gaeilge, Dlí agus Scileanna Ríomhaireachta. Ní critéir acadúla amháin a chuirtear san áireamh i mbronnadh an Bhoinn Óir ach forbairt iomlán an mhic léinn le linn an chúrsa bliana seo.

Tá an tArd-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach atá á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar bun anois le trí bliana déag agus tá iarbhuaiteoirí ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh maith le heagraíochtaí ar nós TG4, RTÉ idir raidió agus teilifís, BBC Thuaisceart Éireann, agus Ros na Rún.

Críoch

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories