Ceapachán Nua i Réimse na nEalaíon déanta ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Monday, 9 July 2007

Cúis áthais d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, institiúid náisiúnta cheannródaíoch na hOllscolaíochta trí Ghaeilge in OÉ Gaillimh, a fhógairt go bhfuil Marianne Ní Chinnéide ceaptha mar Riarthóir na dTaibh-Ealaíon.

Tá breis agus 10 mbliana caite ag Marianne Ní Chinnéide ag plé leis na healaíona agus na meáin agus tá sí ag súil le líon na gcúrsaí atá á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i réimse na drámaíochta agus na haisteoireachta a fhorbairt amach anseo. Chomh maith leis sin, tá sé ar intinn aici raon cúrsaí nuálacha ceoil, drámaíochta agus damhsa a fhorbairt sna blianta amach romhainn.

Seo a leanas a bhí le rá ag Marianne Ní Chinnéide agus í ag labhairt faoina ceapachán nua: "Tá ríméad orm a bheith ag obair le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge anseo in OÉ Gaillimh; Acadamh atá anois ag fás, ag forbairt agus ag dul ó neart go neart. Ina theannta sin, táim ag tnúth leis an dúshlán a bhaineann le cúrsaí den chéad scoth a sholáthar i réimse na dtaibh-ealaíon."

Is iad an dá chúrsa atá á riaradh ag Marianne Ní Chinnéide thar ceann an Acadaimh an Dioplóma san Aisteoireacht (2007/08) agus an tArd-Dioplóma sa Drámaíocht (2007/09). Is cúrsaí praiticiúla iad seo ina gcinntítear go bhfaigheann gach mac léinn oiliúint ar ardchaighdeán ó ghairmithe atá ag obair sna réimsí éagsúla seo cheana féin. Tá na cúrsaí seo feiliúnach do dhaoine ar spéis leo na taibh-ealaíona mar aon le cúrsaí amharclainne na hEorpa.

Bronnadh céim onóracha sa Ghearmáinis agus sa Ghaeilge ar Marianne Ní Chinnéide ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin, chuaigh sí i mbun staidéir in OÉ Gaillimh, áit ar bronnadh Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach agus Masters in Drama and Theatre Studies uirthi. Tá seantaithí ag Marianne ar a bheith ag obair i réimse na n-ealaíon agus na meán. Chaith sí seal ag obair leis an Taibhdhearc, Macalla Teo., TG4 agus Gael Linn.

Le cúig bliana anuas tá Marianne ag obair mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin le Siamsa Tíre, An Daonamharclann Náisiúnta agus Ionad Ealaíon i dTrá Lí, Co. Chiarraí. Chomh maith leis sin, is ball de bhord Shamhlaíocht Chiarraí í Marianne. I measc na n-imeachtaí a eagraíonn Samhlaíocht Chiarraí tá Féile Ealaíon na Cásca agus Féile Scannán Chiarraí.

Táthar ag glacadh le hiarratais le haghaidh na gcúrsaí thuasluaite faoi láthair. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Marianne Ní Chinnéide, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh. Guthán: 091 - 869103 Ríomhphost: marianne.nichinneide@oegaillimh.ie

CRÍOCH

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories