Scoil Cosliachta in OÉ Gaillimh

Jul 25 2007 Posted: 00:00 IST
Bunófar Scoil Cosliachta den chéad uair riamh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Cuirfidh an Scoil an chéad fhochéim chosliachta sa Stát ar bun agus beidh BSc (Onóracha) i gCosliacht le bronnadh ar chéimithe an chúrsa. Féadfaidh mic léinn iarratas a dhéanamh ar áit ar an gcúrsa ceithre bliana don bhliain acadúil 2008-9 ar aghaidh agus tá sé i gceist glacadh le 25 mac léinn gach bliain.

Cuirfidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Clinic Cosliachta ar bun in Ospidéil Réigiúnacha na Gaillimhe ag Páirc na Muirlinne ach is seirbhísí d'othair sa phobal is mó atá i gceist. Beidh comhoibriú idir an Clinic agus an Scoil chun oiliúint agus oideachas cliniciúil an chláir a chur ar fáil.

Is iad Dámh an Leighis agus na nEolaíochtaí Sláinte, OÉ Gaillimh, Cúram Pobail agus Leanúnach Príomhúil na Gaillimhe (PCCC) agus Ospidéil Réigiúnacha na Gaillimhe a d'ullmhaigh an tairiscint seo.

Ag labhairt dó i ndiaidh na fógartha, dúirt an tOllamh Jim Browne, Meabhránaí agus Uachtaráin Ionaid, OÉ Gaillimh: "Tá an-áthas orainn anseo in OÉ Gaillimh gur roghnaíodh an Ollscoil seo chun an chéad Scoil Cosliachta i bPoblacht na hÉireann a bhunú. Léiríonn an fhorbairt seo in Iarthar na Tíre an dul chun cinn atá déanta ag Dámh an Leighis agus na nEolaíochtaí Sláinte agus ag Scoil na dTeiripí a bhfuil cláir chreidiúnaithe den scoth á gcur ar fáil acu cheana i dTeiripe Shaothair agus Teiripe Urlabhra agus Theanga. Ba mhaith leis an Ollscoil buíochas a ghlacadh le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Limistéar an Iarthair as a gcomhoibriú le fada an lá agus buíochas freisin leis na coslianna gairmiúla i nGaillimh a bhfuil tacaíocht ghníomhach tugtha acu dúinn, gan iad ní bhunófaí an Scoil seo."

Fógraíodh bunú na Scoile i ndiaidh comórtas a d'eagraigh an tÚdarás um Ard-Oideachas. Rinneadh sé thairiscint ar an gconradh chun an Scoil a bhunú agus mhol painéal idirnáisiúnta an conradh a thabhairt do OÉ Gaillimh.

D'aithin Tuarascáil FÁS Skills and Labour Market Research Unit Healthcare Skills Monitoring Report, i Lúnasa 2005 gur gairm í an chosliacht a bhfuil easnamh fadtréimhseach inti agus moladh sa Tuarascáil go mbunófaí BSc i gCosliacht.

Críoch

PreviousNext

Featured Stories