Céimeanna Oinigh bronnta ag OÉ Gaillimh ar sheisear den scoth

Jun 29 2007 Posted: 00:00 IST

Ag bronnadh na gCeimeanna Oinigh inniú ag OÉ Gaillimh (ó chlé): an tArd-Bhreitheamh Pius Langa; Enya; Bill Walsh; Niall FitzGerald, KBE; Dr Jane O Leary agus Nicholas Carolan

Céimeanna Dochtúireachta bronnta ar Bill Walsh, Jane O'Leary, An tArd-Bhreitheamh Pius Langa, Nicholas Carolan, Niall Fitzgerald, KBE agus Eithne Ní Bhraonáin (Enya)

Fuair seisear den scoth ó shaol an ghnó, an daonchairdis, an cheartais, an cheol agus na n-ealaíon céimeanna oinigh ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh inniu, Dé hAoine, an 29 Meitheamh 2007.

Léiríonn an bronnadh na héachtaí agus an obair náisiúnta agus idirnáisiúnta atá bainte amach ag na daoine seo sna réimsí lena mbaineann siad. Bronnadh céim oinigh an tseachtain seo caite ar an mbéaloideasaí Tom Munnelly, a bhfuil cáil dhomhanda air.

Dúirt an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh, "Is mór an onóir dom fáilte a chur roimh an ngrúpa ar leith réamhchéimithe seo chuig OÉ Gaillimh agus an onóir is mó is féidir leis an Ollscoil a thabhairt dóibh á bronnadh orthu inniu. I mbliana agus réamhchéimithe ón Afraic Theas, as Éirinn, as an mBreatain agus as na Stáit Aontaithe ag déanamh ionadaíochta ar na healaíona, an ceartas, an gnó agus an daonchairdeas, is eicléictiúil, ilghnéitheach agus ildánach an grúpa céimithe atá againn."

Is é Bill Walsh (Céim Dhochtúireachta sa Dlí) a bhunaigh agus atá mar Chathaoirleach ar Sequoia Associates, gnólacht príobháideach infheistíochta, a bunaíodh i 1982. Tá sé pósta agus tá seisear clainne air. Daonchara ciúin seasmhach é Walsh atá in bhall le blianta fada den American Ireland Fund agus a fuair an Gradam Ceannaireachta uathu i 1997. Mhaoinigh Walsh, a bhean chéile, agus a seisear clainne an William D. Walsh Family Library in Ollscoil Fordham, agus ba iad a thiomnaigh an Lumbard Classroom in Hauser Hall ag Scoil Dlí Harvard. Chomh maith leis sin, bhunaigh Walsh Ánracht Lumbard chun intéirnigh a mhaoiniú i rith an tsamhraidh ó Scoil Dlí Harvard agus as Scoileanna Dlí Columbia agus Fordham chun go mbeidís in ann oibriú in Oifig an Ard-Aighne sna Stáit Aontaithe.

Rugadh Jane O'Leary (Céim Dhochtúireachta sa Cheol) in Hartford, Connecticut, agus tá sí ina cónaí in Éirinn ó 1972. Duine de lucht bunaithe Aosdána í Jane a bhfuil breis agus 70 saothar cumtha aici, saothar a sheinntear agus a chraoltar go mion minic. I 1976, bhunaigh Jane an ensemble comhaimseartha ceoil, Concorde, chun ceol nua a chur chun cinn agus a sheinm go rialta. Tá sí ina cónaí i nGaillimh áit ar bhunaigh sí Music for Galway i 1981 agus is í atá ina cathaoirleach air faoi láthair. Bhí Jane ar Bhord an Cheolárais Náisiúnta, na Comhairle Ealaíon, agus ar Choiste um Chaidreamh Cultúir na Roinne Gnóthaí Eachtracha. Bhí sí in Cathaoirleach ar an Contemporary Music Centre agus an t-ionad sin á fhorbairt go mór ag an am. Bhí sí ina Cumadóir Cónaitheach le hAcadamh Ríoga Cheol na hÉireann agus faoi láthair tá cumadóireacht á teagasc aici san Ardscoil Cheoil agus Drámaíochta in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Is dlí-eolaí den scoth an tArd-Bhreitheamh Pius Langa (Céim Dhochtúireachta sa Dlí). Ba é an chéad Ard-Bhreitheamh Afracach ar an Afraic Theas. Thosaigh sé ag obair i monarcha léinte ar dtús. Ansin fuair sé post mar theachtaire agus mar theangaire cúirte; ansin mar ionchúisitheoir. D'oibrigh sé ansin mar ghiúistís agus mar Bhreitheamh ar an gCúirt Bhunreachtúil. Tá a shaol caite ag an Ard-Bhreitheamh Langa ag iarraidh caighdeán maireachtála na ndaoine san Afraic Theas a fheabhsú. Cabhraíonn sé i gcónaí le heagraíochtaí saoránachta, cumann cónaitheoirí bailte agus grúpaí óige agus caitheamh aimsire. Is gairm fhíoriomaíoch í seo, agus léiríonn an dul chun cinn a rinne sé i gcinedheighilt san Afraic Theas go hArd-Bhreitheamh san Afraic Theas shaor, chomh misniúil agus chomh dosháraithe is atá an fear seo.

Tá éacht náisiúnta bainte amach ag Nicholas Carolan (Céim Dhochtúireachta sa Litríocht) le scór bliain anuas le bunú Chartlann Cheol Traidisiúnta na hÉireann. Is ann atá an bailiúchán ilmheán is mó de cheol traidisiúnta na hÉireann: Breis is 28,000 fuaimthaifead, 18,000 leabhar agus sraitheanna, 10,000 íomhá, agus go leor ábhar eile. Is ann is mó atá eolas le fáil faoin gceol freisin – curtha in ord ar chatalóga áirithe ríomhaire: breis is leathmhilliún acu ar fad. Is fearr aithne air mar gheall ar an sraithchlár cartlainne atá ar RTÉ le fada, Come West along the Road agus Siar an Bóthar ar TG4, agus mar gheall ar a chuid léachtaí poiblí. Tá neart leabhar agus alt scolártha foilsithe aige faoi cheol traidisiúnta na hÉireann.

Beidh sé 20 bliain i mbliana ó bunaíodh an Chartlann, am feiliúnach chun onóir a thabhairt do sheirbhís Nicholas Carolan don tír.

Rinneadh Cathaoirleach ar Reuters de Niall FitzGerald, KBE (Céim Dhochtúireachta sa Dlí) i nDeireadh Fómhair 2004, tar éis tríocha bliain a bheith caite aige le Unilever i bpoist éagsúla tráchtála agus airgeadais i dtíortha éagsúla. Agus é ag obair le Unilever, bhí sé ina chónaí in Éirinn, san Ísiltír, san Afraic Theas, i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus sa Ríocht Aontaithe. Rinneadh ball de Bhord Reuters de Niall FitzGerald mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin in 2003 agus rinneadh Cathaoirleach de in 2004. Rinneadh Ceannasaí Oinigh Ridireachta d'Impireacht na Breataine as Niall FitzGerald in 2002, agus tá céimeanna oinigh Dochtúireachta faighte aige ó ollscoileanna i Meiriceá, sa Bhreatain agus in Éirinn.

Rugadh Eithne Ní Bhraonáin-Enya (Céim Dhochtúireachta sa Cheol) i nGaoth Dobhair agus fuair sí a cuid oideachais i Milford, Contae Dhún na nGall. Bhí an teaghlach an-cheolmhar agus i 1980 d'iarr Nicky Ryan uirthi, Bainisteoir Chlannad ag an am, páirt a ghlacadh i gClannad – grúpa an teaghlaigh. I ndiaidh di Clannad a fhágáil i 1982 thosaigh sí ag ceol trí chomhoibriú leis an léiritheoir Nicky Ryan agus leis an liriceoir Roma Ryan. Is í Enya an t-amhránaí ban is mó éilimh sa tír seo agus tá sí ar dhuine de na hamhránaithe ban is cáiliúla ar domhan. Ba í an t-amhránaí ban ba mhó éilimh in 2001 agus 2002. Go dtí seo, tá breis is seachtó milliún albam díolta aici ar fud an domhain.

I láthair ag an searmanas bronnta beidh Seansailéir Ollscoil na hÉireann agus an tIar-Thaoiseach, an Dr Garret FitzGerald.

CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories