Daltaí ó Ghaillimh le páirt a ghlacadh i gcraobhchomórtas díospóireachta scoilea

Thursday, 3 May 2007

Glacfaidh daltaí meánscoile ó Bhaile Átha an Rí agus An Spidéal páirt i gcraobhchomórtas díospóireachta scoileanna REMEDI in OÉ Gaillimh, Dé Céadaoin, 9 Bealtaine 2007.

Is é rún na díospóireachta i mbliana: The current situation whereby most Irish hospitals do not facilitate cord blood collection is unacceptable. Beidh Jack Rawlings and Catherine O'Keefe, Daltaí Idirbhliana ó Choláiste na Toirbhirte, Baile Átha an Rí, ag argóint ar son an rúin.

Beidh Ciara Ní Ghabhain agus John Gerard O'Gnímh, daltaí ón gcúigiú bliain i gColáiste Chroí Mhuire, An Spidéal, ag argóint i gcoinne an rúin. I measc na nduaiseanna atá ann don scoil a bhuann tá trófaí Galway Crystal, agus bronnfar iPod an duine ar na daltaí a n-éiríonn leo.

Is é an tOllamh Frank Barry, Stiúrthóir REMEDI, agus ceann de mhór-eolaithe an domhain ar thaighde gascheall, a bheidh ina chathaoirleach ar phainéal na moltóirí.

Ghlac ocht scoil as ar fud chathair agus chontae na Gaillimhe páirt sa chomórtas seo i mbliana. Is cuid de chlár For-Rochtana Réigiún na Gaillimhe (GRO) an comórtas seo. Clár nuálach for-rochtana é GRO atá dírithe ar mheánscoileanna sa réigiún le páirtíocht ó REMEDI i gcomhar leis an Ionad Náisiúnta um Eolaíocht Innealtóireachta Bithmhíochaine (NCBES) in OÉ Gaillimh. Tá sé mar aidhm ag an GRO eolaíocht, innealtóireacht agus teicneolaíocht a chur chun cinn i measc daltaí agus iad a spreagadh le tabhairt faoi ghairm bheatha sna réimsí seo.

Tá sé mar aidhm ag an gcomórtas díospóireacht faoi na ceisteanna eiticiúla agus na ceisteanna i measc na sochaí a bhaineann le forbairtí sna heolaíochtaí bithmhíochaine a spreagadh i measc daoine óga.

CRÍOCH

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories