Eolas faoi 17 gCúrsa Céime Nua ag Lá Oscailte OÉ Gaillimh

Monday, 19 November 2007

Beidh Lá Oscailte OÉ Gaillimh ar siúl ó 9am – 3pm Déardaoin, an 29 Samhain. Táthar ag súil go dtabharfaidh na mílte mac léinn dara leibhéal as ar fud na hÉireann – i dteannta a dtuismitheoirí agus múinteoirí – cuairt ar OÉ Gaillimh don Lá Oscailte. Beidh eolas le fáil faoi 17 gcúrsa céime nua a bheidh san áireamh ar an bhfoirm CAO don chéad uair in 2008. Tá athrú ag teacht ar na céimeanna traidisiúnta sna Dána agus tá seacht gcéim nua ceithre bliana á dtairiscint faoin gClár CONNECT – clár atá á reáchtáil ag Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sláinte agus an Léinn Cheiltigh. Tá na cláir CONNECT deartha le cinntiú go n-éiríonn le céimithe poist a fháil trí scileanna ar leith a fhorbairt agus naisc a chruthú leis an saol lasmuigh den champas. I rith an tríú bliain, is féidir a rá gur tumoideachas a bheidh i gceist. D'fhéadfaí na nithe seo a leanas a áireamh sa tréimhse seo: obair tionscadail-bhunaithe, socrúcháin oibre sa phobal, conas portfóilió a ullmhú, cleachtadh cruthaitheach, tréimhse staidéir thar lear, foghlaim seirbhíse nó socrúcháin oibre laistigh d'Eagraíochtaí Neamhrialtasacha. Seo a leanas na seacht gcéim nua atá á dtairiscint trí chlár CONNECT: B.A. le Staidéar Leanaí (GY110); B.A. le Scríbhneoireacht Chruthaitheach (GY111); B.A. le Staidéar Scannán (GY112); B.A. le Staidéar ar Chearta Daonna (GY113); B.A. leis an Léann Éireannach (GY114); B.A. le Staidéar Amharclannaíochta agus Taibhithe (GY115); agus B.A. le Léann na mBan (GY116). I measc na gclár eile a bheidh á dtairiscint ag Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sláinte agus an Léinn Cheiltigh tá B.A. sa Mhatamaitic agus san Oideachas (GY109) agus beidh dhá chúrsa céime á dtairiscint go hiomlán trí mheán na Gaeilge – B.A. (Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin) (GY107) agus B.A. (Riarachán Gnó) (GY108). Tá cúrsa nua trí bliana – Céim B.A. sa Tráchtáil le Cuntasaíocht (GY207) – á thairiscint ag Coláiste na Tráchtála, agus tá Baitsiléir Nua Eolaíochta i mBainistíocht Tionscadal agus Foirgníochta (GY410) á thairiscint ag Coláiste na hInnealtóireachta. Más spéis leat cúrsaí eolaíochta tá ceithre chéim nua á dtairiscint: Fisic le Fisic Fheidhmeach (GY315); Fisic le Fisic Mhíochaine (GY316); Fisic le Réaltfhisic (GY317); agus Ceimic Bhithchógaisíochta (GY318). Cúrsa eile nach mór a lua freisin is ea go mbeidh an chéad chlár fochéime cosliachta sa tír á thairiscint ag Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte – Baitsiléir Eolaíochta sa Chosliacht (GY504). Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh, "Tá beagán le cois 10 seachtaine fágtha ag mic léinn leis an bhfoirm CAO a chomhlánú agus tugann an Lá Oscailte a bhíonn againne anseo san Ollscoil deis do mhic léinn níos mó a fhoghlaim faoin raon cúrsaí atá ar fáil anseo in OÉ Gaillimh. Deis atá ann freisin níos mó a fhoghlaim faoin gcineál saoil a bhíonn ag mic léinn anseo san Ollscoil, go háirithe faoin bhfeabhas atá tagtha ar áiseanna spóirt agus cultúir, ár nIonad Spóirt agus Linn Snámha nua, mar aon leis an Ionad Cultúrtha". Beidh léachtóirí agus mic léinn ar fáil i rith an lae le ceisteanna a fhreagairt faoi na himeachtaí a bhíonn ar siúl ag mic léinn in OÉ Gaillimh. Beidh réamhléachtaí ar siúl i rith an lae ó na coláistí seo a leanas - Dána, Dlí, Innealtóireacht, TF, Tráchtáil, Eolaíocht agus Leigheas, Altranas agus Eolaíochtaí Sláinte. Beidh seastáin freisin le heolas faoi sheirbhísí do mhic léinn, cúrsaí iontrála, cóiríocht, obair dheonach agus forbairt gairme. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Mary Coyle ag 091 492814 nó mary.coyle@nuigalway.ie nó féach ar láithreán gréasáin na hOllscoile ag http://www.nuigalway.ie/openday/.
- críoch -

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories