Léargas tugtha i dtuarascáil ar na dúshláin a bhíonn le sárú ag teaghlaigh aontu

Monday, 12 November 2007

Is léir ón eolas atá le fáil i dtuarascáil taighde nua atá foilsithe ag Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe agus an Grúpa Stiúrtha um Thaighde ar Theaghlaigh Aontuismitheora go bhfuil neart dúshlán le sárú ag tuismitheoirí aonair a dteastaíonn uathu filleadh ar fhostaíocht – dúshláin a bhaineann le teacht ar fhostaíocht, oiliúint agus oideachas.

Inniu sheol an tUasal Éamon Ó Cuív T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an taighde seo a rinne Ionad Taighde um Leanaí agus Teaghlaigh OÉ Gaillimh i gCathair agus i gContae na Gaillimhe.

Dúirt an Dr Michelle Millar ón Ionad Taighde um Leanaí agus Teaghlaigh in OÉ Gaillimh, "Is léir ón taighde seo go bhfuil na tuismitheoirí seo toilteanach oibriú lasmuigh den bhaile. Ach i measc na n-ábhar imní a bhíonn le déileáil acu tá an tionchar a bheidh ag an gcinneadh sin ar na leanaí, agus an deacracht a bhaineann le fostaíocht fheiliúnach, pháirtaimseartha a fháil. Dúshláin eile fós iad áiseanna cúram leanaí inacmhainne agus inrochtana a fháil, mar aon leis an tsáinn bhochtaineachta a chruthaíonn an forlíonadh cíosa – dúshláin a chiallaíonn go mbíonn an-chuid deacrachtaí ag tuismitheoirí aonair obair a fháil – obair a chiallaíonn go mbeidh siad níos fearr as."

Is é seo an chéad chineál taighde dá leithéid in Éirinn agus is i gcomhthéacs mórathruithe beartais a tugadh faoi. Moltar i bPlépháipéar an Rialtais: Proposals for Supporting Lone Parents go mbeidh leasú mór i gceist i dtacaíocht leasa do thuismitheoirí aonair de dheasca athruithe beartais. San áireamh sna moltaí seo bheadh coinníollacht san íocaíocht, agus síltear go mbeidh tuismitheoirí aonair páirteach sa mhargadh fostaíochta nuair a bheidh a leanaí ag teannadh leis an uasteorainn aoise d'íocaíocht an Liúntais Tuismitheora.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Elaine Harvey, Cathaoirleach an Ghrúpa Stiúrtha um Thaighde ar Theaghlaigh Aontuismitheora ag an seoladh, "Is é dearcadh na dtuismitheoirí gurb é an príomhról atá acu feidhmiú mar phríomhchúramóirí dá leanaí, agus bunaithe ar an méid sin, baineann an oiread céanna tábhachta le cúram leanaí inacmhainne agus dearcadh solúbtha fostóirí agus a bhaineann le fostaíocht a fháil. Is léir ón taighde go dteastaíonn ó thuismitheoirí aonair a bheith ag obair – is é an dúshlán atá ann oibriú i gcomhar le tuismitheoirí agus bealaí a aimsiú le rochtain ar fhostaíocht, ar oideachas agus ar oiliúint a aithint. Ina dhiaidh sin, ní mór bealaí réalaíocha a aithint chun na bacainní sin a shárú. Creidimid gur cheart gur próiseas deonach a bheadh sa phróiseas gníomhachtúcháin seo agus is ceart aird a dhíriú ar an bpointe gur lorg 46% díobh siúd a rinne an suirbhé fostaíochta le 12 mhí anuas."

Dúirt an tAire Ó Cuív, "Is iomaí dúshlán atá le sárú ag tuismitheoirí aonair sa lá atá inniu ann, agus níl i gceist le fostaíocht a fháil ach ceann de na dúshláin seo. Foinse eolais a bheidh sa taighde seo do lucht déanta beartas agus fostóirí go deimhin, maidir leis na dúshláin atá le sárú ag teaghlaigh aontuismitheora agus na bealaí ar féidir cabhrú leo."

Tugadh faoin taighde seo ar mhaithe le heolas iontaofa a sholáthar maidir le saol tuismitheoirí aonair i gCathair agus i gContae na Gaillimhe. San áireamh sa taighde seo bhí agallaimh agus ceistneoirí le tuismitheoirí, lucht déanta beartas agus soláthraithe seirbhíse agus aimsíodh nach bhfeabhsóidh cúrsaí bochtaineachta agus folláine leanaí ach amháin má thagann feabhas ar ioncam an teaghlaigh de dheasca filleadh ar fhostaíocht.

Dúirt Declan Brassil, Bainisteoir Chomhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe, "Ceann de na bacainní bunúsacha is ea easpa fostaíocht sholúbtha a chiallaíonn go mbíonn an teaghlach níos fearr as. Bíonn deacrachtaí ag tuismitheoirí fostaíocht sholúbtha, ar ardchaighdeán agus le tuarastal maith a fháil, mar aon le fostaíocht pháirtaimseartha agus a fheileann do shaol teaghlaigh, agus a fheileann d'uaireanta scoile agus laethanta saoire scoile. Tá sé níos deacra fós ag tuismitheoirí atá lonnaithe i gceantair thuaithe. Is é a mholtar sa tuarascáil gur cheart dul i gcomhairle le fostóirí chun an t-éileamh atá ar phoist sholúbtha, pháirtaimseartha a phlé agus ansin go bhféadfaí fostóirí áitiúla a spreagadh dul i gcomhairle leis an nGrúpa Stiúrtha um Thaighde ar Theaghlaigh Aontuismitheora."

Moltar sa tuarascáil gur cheart áiseanna breise, inacmhainne, pobalbhunaithe cúram leanaí a sholáthar, mar aon le bealaí cruthaitheacha inar féidir cúram a sholáthar lasmuigh den bhaile do leanaí níos sine agus ógánaigh a iniúchadh agus a chur i bhfeidhm.

Teastaíonn ó thuismitheoirí a bheith páirteach i gcúrsaí oiliúna agus oideachais agus ní mór go mbeadh cúrsaí den chineál seo ar siúl ag am a fheileann dóibh féin agus dá leanaí, agus bheadh cúrsaí páirtaimseartha a bhíonn ar siúl nuair a bhíonn na leanaí ar scoil feiliúnach sa chás seo. D'fheilfeadh sé do thuismitheoirí atá ag cur fúthu i gceantair thuaithe dá mbeadh cúrsaí ar siúl sa cheantar áitiúil. D'áireodh soláthraithe oideachais agus oiliúna an fhéidearthacht a bhainfeadh le socrúchán oibre nó taithí oibre maoirsithe ar mhaithe le tacú le daoine an ról atá acu mar thuismitheoirí a chomhlíonadh.

Thug tuismitheoirí áirithe le fios gur bhain deacrachtaí le déileáil le heagraíochtaí agus gníomhaireachtaí de bhrí nach raibh fonn orthu eolas a thabhairt maidir le teidlíochtaí agus seirbhísí, cé nach raibh locht ar bith ag roinnt tuismitheoirí ar an modh ar dhéileáil soláthraithe reachtúla seirbhíse leo. Moltar sa tuarascáil seo gur cheart leabhrán agus láithreán gréasáin a fhoilsiú ar mhaithe le heolas a thabhairt do thuismitheoirí aonair. Ina theannta sin, moltar gur cheart don Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh na leabhráin seo a thabhairt dóibh siúd atá ag fáil Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora. Ba cheart go mbeadh eolas sa leabhrán seo agus ar an láithreán gréasáin maidir le sochair, teidlíochtaí, deiseanna oideachais agus oiliúna, tacaíocht chun filleadh ar an margadh fostaíochta, agus sonraí teagmhála na ngníomhaireachtaí ar fad atá ag obair le tuismitheoirí aonair.

Ba cheart grúpaí tacaíochta áitiúla a bhunú i gCathair agus i gContae na Gaillimhe ionas gur féidir le tuismitheoirí aonair tacú lena chéile go neamhbhreithiúnach agus i dtimpeallacht dheas.

Is léir ón taighde seo freisin go bhfuil difríochtaí le sonrú idir eispéiris tuismitheoirí aonair atá lonnaithe sa chathair agus iad siúd atá lonnaithe faoin tuath. I measc na bpríomhdhifríochtaí bhí rochtain agus soghluaisteacht de bhrí gur i gCathair na Gaillimhe agus sna bailte níos mó i gCo. na Gaillimhe atá go leor de na poist, seirbhísí agus cláir oideachais bunaithe – rud a chruthaíonn deacrachtaí do thuismitheoirí aonair atá ag cur fúthu faoin tuath. Is léir freisin go mbaineann an-tábhacht le líonraí tacaíochta sóisialta, agus go gcabhraíonn seantuismitheoirí agus gaolta eile go mór le tuismitheoirí aonair.

Seoladh an suirbhé chuig an 3,144 duine atá ag fáil an Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora i gCathair agus i gContae na Gaillimhe agus seoladh 676 (22%) suirbhé ar ais againn.

Críoch

« Back