Searmanas Bronnta i nGaoth Dobhair

Monday, 12 November 2007

Inniu (12 Samhain), bronnadh Dioplómaí ar 102 mac léinn a chríochnaigh cláir léinn de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar champas de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.

Ag an ócáid, dúirt an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán, OÉ Gaillimh go raibh an-áthas air a bheith ar ais arís i nGaoth Dobhair le cáilíochtaí a bhronnadh ar mhic léinn don tríú bliain as a chéile. "I nGaoth Dobhair, cuireann an tAcadamh agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh cúrsaí ar fáil i réimsí na cumarsáide, na ríomhaireachta, na Gaeilge, an aistriúcháin agus an bhéaloidis. Seo réimsí faoi leith atá tábhachtach i bhforbairt shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíoch na Gaeltachta. Tríd an bhforbairt atá déanta ar ionad Ghaoth Dobhair agus na cúrsaí atá á soláthar ann tá béim á cur ag an Ollscoil ar dhearcadh dearfach a chruthú don Ghaeilge mar mhóracmhainn forbartha sa Ghaeltacht" a deir an tUachtarán.

Ag an bhronnadh dúirt Éamonn Mac Niallais, Riarthóir Ionad Ghaoth Dobhair go bhfuil cúrsaí Dioplóma á gcur ar fáil ag an Acadamh i nGaoth Dobhair agus in ionaid eile san Iarthuaisceart le ceithre bliana anuas agus go bhfuil sé in am anois an chéad chéim chun tosaigh a ghlacadh.

"An bhliain seo chugainn cuirfear tús leis an chéad chéim lánaimseartha ollscoile san ionad seo, an B.A. sa Riarachán Gnó. Is cúrsa ceithre bliana atá i gceist agus is é aidhm an chúrsa seo oiliúint a chur ar chéimithe a thabharfaidh na scileanna praiticiúla agus anailíse dóibh atá de dhíth chun dul ag obair i réimse an ghnó agus an riaracháin dhátheangaigh", a deir Éamonn.

Le roinnt blianta anuas, tá méadú suntasach tagtha ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil in eagraíochtaí a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, agus is cinnte gur forbairt shuntasach é seo don Acadamh san Iarthuaisceart an chéim seo a bheith á cur ar fáil, agus gur deis iontach a bheas ann do mhuintir na Gaeltachta céim Ollscoile agus deiseanna breise fostaíochta a bhaint amach ina gceantar féin.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin B.A. sa Riarachán Gnó nó faoi chúrsaí eile an Acadaimh, is féidir dul i dteagmháil le hIonad an Acadaimh ag 074 9531919 nó seol ríomhphost chuig gaothdobhair@oegaillimh.ie

Críoch

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories