An Chéad Suirbhé Náisiúnta maidir le Gáinneáil Ghnéis ar Mhná

Thursday, 18 October 2007

Éilíonn Tuarascáil Nua ar an Rialtas Gníomhú Anois chun Gáinneáil Ghnéis ar Mhná a Chosc

Tugadh ar a laghad 76 bean isteach go hÉirinn chun mí-úsáid ghnéasach a bhaint astu idir 2000 – 2006, de réir na bhfigiúirí ó thuarascáil taighde a sheol an t-iarsheanadóir Mary Henry inniu, (18 Deireadh Fómhair) in OÉ Gaillimh. Tháinig formhór na mban seo ó Oirthear na hEorpa ach tugadh mná isteach freisin go hÉirinn ón Afraic, an Áise agus Meiriceá Theas. Ceaptar gur i ndrúthlanna príobháideacha ar fud na tíre a cuireadh formhór na mban seo.

Tá sé iarrtha ag údair an taighde, an Dr Eilis Ward ó OÉ Gaillimh agus an Dr Gillian Wylie as Scoil Éacúiméinice na hÉireann i gColáiste na Tríonóide, go dtabharfaí tús áite do riachtanais na mban a ndéantar gáinneáil orthu i mbille a d'fhoilsigh an Rialtas le gairid i ndáil le gáinneáil gnéis.

"Níor chóir go mbeadh aon dabht ann níos mó maidir leis an bhfadhb atá sa tír seo maidir le gáinneáil ghnéis ar mhná," a dúirt an Dr Gillian Wylie as Scoil Éacúiméinice na hÉireann i gColáiste na Tríonóide. "Tá an fhadhb léirithe ag an taighde seo agus ag an obair atá ar bun ag eagraíochtaí sa réimse seo".

"Leis an suirbhé agus an ceistneoir ceapaimid gur 76 bean a bhí i gceist," a dúirt an t-údar, an Dr Eilis Ward as OÉ Gaillimh, "Ach ní fios go cinnte cé mhéad a tugadh go hÉirinn mar gheall go bhfuil an gháinneáil mídhleathach. Molaimid go gcuirfí an taighde ar leataobh anois agus go ngcuirfear cur chuige comhtháite, cearta daonna ar fáil don fhadhb seo a réiteach. Caithfidh an Rialtas gníomhú anois chun nach rachaidh an fhadhb seo in olcas".

Ghlac an taighde dhá bhliain ar an mbeirt acadúil seo agus, mar chuid de, rinneadh suirbhé ar ghníomhaireachtaí agus ar eagraíochtaí a bhfuil a gcuid oibre dírithe ar an striapachas, foréigean i gcoinne na mban agus imirce in Éirinn. Is é seo an chéad taighde den chineál seo ar Éirinn.

Léiríonn an taighde patrúin agus treochtaí áirithe don gháinneáil ghnéis in Éirinn agus, chomh maith leis sin, go bhfuil bearnaí móra sa tseirbhís agus sa tacaíocht a fhaigheann na mná seo. Mar gheall nach bhfuil creat reachtaíochta ann tá cás ad hoc cruthaithe agus gan aon bheartas ná treoirlínte soiléire ar fáil maidir le mná a aithnítear mar mhná a ndearnadh gáinneáil orthu.

Léirigh an taighde, áfach, go bhfuil comhoibriú ar bun idir na hearnálacha stáit agus neamhstáit ach ceaptar gur i mBaile Átha Cliath amháin a tharlaíonn sé sin. Is ábhar imní gur taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath sa deireadh a bhí go leor de na mná a aithníodh sa taighde. Mar shampla, tugadh bean a fuair na Gardaí i ndrúthlann phríobháideach i Sligeach agus a measadh go ndearnadh gáinneáil uirthi, go príosún Mhuinseo. "Rinneadh coirpeach aisti nuair is íobartach a bhí inti i ndáiríre" a dúirt an Dr Ward.

CRÍOCH

Nótaí

  • Thángthas trasna ar 75 cás eile ina raibh gáinneáil i gceist ach de bharr easpa eolais ní fhéadfaí iad a áireamh sa taighde.
  • An grúpa náisiúnach is mó a aithníodh ná mná as an Nigéir (19) agus an dara grúpa is mó ná mná as an Rúis (8).
  • Sa chás go ndearnadh teagmháil leis na mná, léirigh an taighde gur úsáideadh lámh láidir, comhéigean agus dallamullóg chun na mná a thabhairt go hÉirinn agus bhí fianaise ann gur úsáideadh lámh láidir agus comhéigean nuair a bhí na mná in Éirinn chomh maith.
  • As an 76 cás, níor fhan 36 de na mná i dteagmháil leis na gníomhaireachtaí ná le duine ar bith, cuireadh 14 ar ais chuig a dtír dhúchais agus tá 12 fanta i gcóras tearmann na hÉireann. Ceadaíodh do dheichniúr acu sin fanacht in Éirinn nó tugadh stádas dídeanaithe dóibh.
  • Bhí gach duine sa taighde ar aon fhocal maidir leis an tseirbhís d'íobartaigh sa chás seo a bheith gann ar acmhainní agus ar mhaoiniú.
  • De réir an taighde chomh maith, meastar gur feiniméan nua in Éirinn í an gháinneáil ghnéis agus go bhfuil sí ag méadú agus ag fáil níos deacra a smachtú agus níos deacra ag na Gardaí súil a choinneáil orthu.
Tá an tuarascáil iomlán le fáil ar www.nuigalway.ie/ssrc

« Back