Aonach Earcaíochta Céimithe in OÉ Gaillimh

Oct 21 2007 Posted: 00:00 IST
- na mílte post do chéimithe faoi aon díon amháin -

Beidh 65 cuideachta ón saol gnó agus ón tionscal i láthair ag Aonach Earcaíochta OÉ Gaillimh in Áras na Mac Léinn Dé Máirt, an 30 Deireadh Fómhair ó 1-5in.

Beidh deiseanna ag an aonach seo do mhic léinn ó gach réimse cosúil le hinnealtóireacht shibhialta, seirbhísí airgeadais, cuntasaíocht, dlí, comhairleacht agus gairmeacha eile.

Beidh na cuideachtaí is mó ó thionscal na bhfeistí leighis, Boston Scientific agus Medtronic mar shampla, i láthair freisin. Beidh na bainc is mó sa tír i láthair, Banc na hÉireann agus Bainc-Aontas Éireann san áireamh. Dóibh siúd ar spéis leo gairm sa réimse comhairleachta – beidh dhá phríomhghnólacht na hÉireann i láthair freisin – Tata Consultancy Services agus Accenture. Beidh ionadaithe ó na hearnálacha Teicneolaíocht Faisnéise agus innealtóireachta i bhfoirm cuideachtaí áitiúla agus náisiúnta lena n-áirítear Coffey Construction, Sisk, SAP, IBM agus Dell i láthair freisin.

Deis iontach atá anseo do mhic léinn reatha, céimithe agus iarchéimithe bualadh le fostóirí ionchasacha, eolas a fháil faoi na poist atá ar fáil faoi láthair agus teagmhálacha a chruthú le daoine. I measc na n-ionadaithe ó na cuideachtaí éagsúla a bheidh i láthair beidh iarchéimithe ón Ollscoil seo ar fáil le labhairt le mic léinn.

Beidh foireann an Ionaid Forbartha Gairme i mbun clinic CV ar an lá freisin chun eolas a thabhairt maidir le CV a ullmhú. Seo a leanas an méid a bhí le rá ag Deirdre Sheridan, Comhairleoir Forbairt Gairme san Ionad Forbartha Gairme: "Is ann do CV maith chun tú féin a chur chun cinn agus ba cheart go mbeadh CV maith agat. Ní bhíonn ach deis amháin agat dul i bhfeidhm ar dhuine."

Deis iontach é an t-imeacht seo d'fhostóirí agus do mhic léinn. Ba cheart do mhic léinn beagán taighde a dhéanamh sula dtagann siad chuig an imeacht agus na cuideachtaí ar mian leo labhairt leo nó obair dóibh a aithint roimh ré.

Tá liosta iomlán de na cuideachtaí a mbeidh ionadaithe acu ag an imeacht le fáil ag www.nuigalway.ie/careers

CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories