Searmanais Bhronnta OÉ Gaillimh

Oct 21 2007 Posted: 00:00 IST
Bronnfaidh OÉ Gaillimh Céimeanna Oinigh Máistreachta ar Eric Elwood, Rugbaí Chonnacht; Tom Tuohy, Club Rámhaíochta na Gaillimhe; Tomás Ó Tuathail, gníomhaí pobail agus teanga ó Thuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo; agus Alasdar Mac Cana, iarchomhalta foirne i Roinn na Fisice agus Roinn an Oideachais san Ollscoil.

Bronnfar na céimeanna oinigh Dé Luain, an 22 Deireadh Fómhair, Dé Máirt, an 23 Deireadh Fómhair agus Déardaoin, an 25 Deireadh Fómhair, tráth a bheidh Searmanais Bhronnta an Fhómhair ar siúl. Bronnfar céimeanna ar os cionn 4,000 mac léinn ar fad.

Tá clú agus cáil ar Eric Elwood as an méid oibre atá déanta aige don chluiche rugbaí i gConnachta. Tá an-luí aige le Club na nGaillimheach. D'imir sé a chéad chluiche do Chúige Chonnacht sa bhliain 1989 - cluiche i gcoinne na nUltach. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, nuair a bhí Eric 19 mbliana d'aois, thug sé aghaidh ar na All-Blacks. D'imir sé do Chonnachta 177 uair agus d'imir sé a chluiche deiridh do Chonnachta i mí Aibreáin 2005. Thosaigh sé ag imirt go hidirnáisiúnta sa bhliain 1993 agus d'imir sé d'Éirinn 35 uair. Scóráil sé 296 pointe agus d'imir sé a chluiche deiridh idirnáisiúnta in aghaidh na Rómáine i mí Dheireadh Fómhair 1999.

Fear de bhunadh Bhaile an Róba, Co. Mhaigh Eo é Tom Tuohy. Bronnfar céim oinigh air mar aitheantas ar an méid oibre atá déanta aige ar mhaithe leis an rámhaíocht in OÉ Gaillimh le níos mó 30 bliain anuas.

"Tá an-obair déanta ag Tom Tuohy chun an Rámhaíocht a chur chun cinn in OÉ Gaillimh le breis agus 20 bliain anuas. Is léir don uile dhuine go bhfuil an-suim ag Tom sa rámhaíocht agus go bhfuil luí ar leith aige lena alma mater. Rinne sé an obair seo ar fad ar bhonn deonach. Cóitseálaí agus meantóir deonach é Tom – rud atá neamhghnách go leor i sochaí an lae inniu nuair is deacair teacht ar oibrithe deonacha", a dúirt Ruadhán Cooke, comhghleacaí le Tom sa chlub rámhaíochta.

Bronnfar céim oinigh ar Alasdar Mac Cana as an obair atá déanta aige le 20 bliain anuas ag cur oiliúint phraiticiúil ar eolaithe i Roinn na Fisice agus Roinn an Oideachais in OÉ Gaillimh. Rugadh Alasdar in Ard Mhacha, agus thosaigh sé ag obair in OÉ Gaillimh i ndiaidh a shaol a chaitheamh ag teasgasc sa Ríocht Aontaithe, tráth ar shocraigh sé féin agus a bhean chéile, Magdalen Conlon ón Spidéal, teacht chun cónaithe i gConamara nuair a chuaigh sé "ar scor".

Seo a leanas a bhí le rá ag an Ollamh Tom Glynn, Roinn na Fisice, OÉ Gaillimh: "táimid ag tabhairt aitheantais d'fhear (atá anois 100 bliain d'aois) a rinne obair iontach agus a léirigh foighne ina chuid oibre i gcónaí, i rith a shaoil ar fad, chun eolaithe óga a oiliúint in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. San am céanna, thaistil sé i mbaile is i gcéin, chonaic sé go leor agus d'éirigh leis an t-uafás a chur i gcrích, agus ba léir do gach duine ar casadh leis gur duine ar leith mar aon le múinteoir den scoth a bhí ann".

Bronnfar céim ar Thomás Ó Tuathail mar aitheantas ar an méid oibre atá déanta aige ar mhaithe leis an bpobal agus cur chun cinn na Gaeilge i dTuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo.

Seo a leanas a bhí le rá ag an Ollamh Nollaig Mac Congáil, Scoil na Gaeilge, OÉ Gaillimh: "Thuig Tomás Ó Tuathail, fear de bhunadh Thuar Mhic Éadaigh, a chaith a shaol i mbun feirme agus gnó sa cheantar, go raibh meath geilleagrach agus sóisialta i ndán don cheantar. Tá a shaol caite aige ag iarraidh an pobal a choinneáil beo le cabhair ó dhaoine áitiúla eile ar chothaigh sé spriorad pobail iontu. Bhunaigh sé coistí le déileáil le gach uile ghné den fheirmeoireacht caorach agus den fhorbairt tuaithe mar aon le ceisteanna sóisialta, cultúir agus oideachais sa cheantar seo ina raibh traidisiún láidir Gaeilge agus oidhreacht na hÉireann le brath ann tráth. Go dtí go ndeachaigh Tomás ar scor tamall ó shin, bhí ról lárnach aige sna gníomhaíochtaí seo ar fad, agus táthar ag súil go leanfaidh daoine eile an dea-shampla agus an cheannaireacht a léirigh sé i rith a shaoil".

Cuireadh tús le searmanais bhronnta an fhómhair in OÉ Gaillimh Dé hAoine agus Dé Sathairn seo caite, an 19 agus an 20 Deireadh Fómhair, tráth ar reáchtáladh searmanas do Mhic Léinn Lánfhásta agus tráth ar bronnadh gradaim ar 703 mac léinn a rinne teastais, dioplómaí agus céimeanna in a lán ionad ar fud na tíre.

CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories