Searmanais Bhronnta OÉ Gaillimh
Friday, 26 October 2007
Seo a leanas a bhí le rá ag an Dr Ó Muircheartaigh agus na searmanais bhronnta beagnach thart: "Ba é an chuid ba dheise den phost bualadh leis na mic léinn agus a dteaghlach ag na searmanais bhronnta. Is é sin an chuimhne is fearr a bheidh agam ar an tréimhse a chaith mé anseo mar Uachtarán – aitheantas a thabhairt don mhéid atá bainte amach ag gach uile mhac léinn".
Measann an tUachtarán go bhfuil idir chéimeanna agus dhioplómaí bronnta aige ar os cionn 40,000 céimí anois.
Cuireadh tús le searmanais bhronnta an fhómhair in OÉ Gaillimh Dé hAoine, 19 Deireadh Fómhair, tráth ar bronnadh idir theastais, dhioplómaí agus chéimeanna ar 650 mac léinn as áiteanna ar fud na tíre ag searmanas do Mhic Léinn Lánfhásta.
I rith na seachtaine freisin bronnadh Céim Mháistreachta Oinigh ar Eric Elwood, as an obair atá déanta aige ar mhaithe le Rugbaí i gConnachta; Tom Tuohy, as an obair dheonach atá déanta aige i mbun cúrsaí oiliúna i gClub Rámhaíochta OÉ Gaillimh; Tomás Ó Tuathail, as an obair atá déanta aige ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge agus forbairt pobail i dTuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo; agus bronnadh Céim Mháistreachta Oinigh san Eolaíocht ar Alasdar Mac Cana, as an méid oibre a rinne sé thar thréimhse 20 bliain i mbun oiliúint phraiticiúil eolaithe i Roinn na Fisice agus Roinn an Oideachais in OÉ Gaillimh.
Keywords:.
Press office
E info@nuigalway.ie
T +353 (0)91 493361
Press member?
Visit our press centre



