Seoladh Oifigiúil an Ionaid um Thaighde ar Phian
Monday, 8 October 2007
Cuireann pian ainsealach, sheasmhach isteach ar na milliúin daoine ar fud na cruinne, pian a chuireann bac ar shláinte agus dea-bhraistint daoine agus téann níos mó daoine chun comhairle dochtúra a lorg de dheasca pianta ná airí ar bith eile. In Éirinn, cuireann pian ainsealach isteach ar bheagnach leathmhilliún duine go laethúil.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Uachtarán Ó Muircheartaigh ag seoladh oifigiúil an Ionaid, "Cinnteoidh an tIonad um Thaighde ar Phian go mbeidh próifíl náisiúnta ag pian mar ábhar taighde agus deis eile atá ann freisin do OÉ Gaillimh ról ceannaireachta a ghlacadh i dtaighde ar chúrsaí sláinte agus forbairtí beartais in Éirinn."
Is é an tIonad um Thaighde ar Phian an chéad ionad atá dírithe ar thaighde ar phian in Éirinn agus beidh taighdeoirí ó réimsí éagsúla léinn ag obair ann agus iad roinnte i gcúig ghrúpa faoi leith:
- Taighde réamhchliniciúil
- Gnéithe síceolaíocha agus néarshíceolaíocha den phian
- Pian a chóireáil agus a bhainistiú
- An daonra agus gnéithe beartais den phian
- Taighde réamhchliniciúil ar phian agus cleachtas cliniciúil a chomhtháthú
Seo a leanas a bhí le rá ag an Dr David Finn agus an Dr Brian McGuire, Comhstiúrthóirí an Ionaid, "Forbairt iontach tábhachtach é seo a chinntíonn go mbeidh ról ag Gaillimh sa taighde ar phian go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta"
I measc cuid de na himeachtaí a bheidh ar siúl le linn sheoladh an ionaid beidh beirt aoichainteoirí - saineolaithe idirnáisiúnta sa taighde ar phian - i mbun cainte ag an Ionad. Tabharfaidh an tOllamh Chris Main, síceolaí cliniciúil agus údar téacsleabhar ildisciplíneach maidir le pian a bhainistiú ó Ollscoil Keele, spreagaitheasc faoi Psychosocial barriers to effective pain management agus labhróidh an tOllamh Irene Tracey, saineolaí aitheanta ar néar-íomháú sa taighde ar phian, atá i gceannas ar an aonad fMRI in Ollscoil Oxford, faoi Advances in Pain Neuroimaging.
I measc an lucht oibre, cruthaíonn pian in íochtar an droma níos mó míchumais ná ailse, galar croí, stróc agus SEIF in éindí. Tá post caillte ag duine amháin as gach seisear in Éirinn atá i bpian de dheasca na riochta atá orthu. Cosnaíonn íocaíochtaí sochair i ndáil le pian den chineál sin os cionn €1.2 milliún in aghaidh na seachtaine (Pain in Europe Study, 2003).
Keywords:.
Press office
E info@nuigalway.ie
T +353 (0)91 493361
Press member?
Visit our press centre



