Ionad Nua Spóirt OÉ Gaillimh oscailte le tacaíocht na Mac Léinn

Aug 26 2008 Posted: 00:00 IST
Tá Ionad nua Spóirt OÉ Gaillimh, ar chostas €22 milliún, oscailte do mhic léinn, don fhoireann agus don phobal. Tá achar 6,500 m² san ionad ina bhfuil linn snámha 6-lána 25 méadar. Is féidir an t-urlár a ardú agus a ísliú inti. Tá cúirteanna scuaise agus raicéadaíochta, halla ina bhfuil trí chúirt cispheile, stiúideonna ilchuspóireacha, giomáisiam an-mhór agus balla dreapadóireachta ann chomh maith. Is ar an gcampas atá an t-ionad in aice leis an droichead, agus beidh sé á rith ag an Kingfisher Fitness Group. Chuir Mary O'Riordan, Leas-Uachtarán um Sheirbhísí do Mhic Léinn agus Acmhainní Daonna, OÉ Gaillimh fáilte roimh oscailt an Ionaid: "Cuidíonn spórt le sláinte, leas agus oideachas na mac léinn anseo in OÉ Gaillimh. Is iomaí cineál spóirt a bheas ar fáil san ionad nua, idir chaitheamh aimsire agus spórt iomaíochta. Tá sé iontach é a bheith ag oscailt anois freisin mar gurb é seo tús na bliana acadúla 2008-2009. Beidh mic léinn ag filleadh ar an Ollscoil agus mic léinn eile ag tosú anseo agus iad araon ag baint tairbhe as an Ionad nua Spóirt." Is cuid é an tIonad seo de chlár caipitil €400 milliún, 'Campas na Todhchaí', chun na caighdeáin is airde d'infreastruchtúr fisiciúil a éileamh ar mhaithe le tacú le feabhas sa teagasc agus sa taighde. Mhaoinigh mic léinn OÉ Gaillimh cuid den ionad, nuair a vótáil siad in 2003 tobhach mic léinn a mhéadú chun tacú leis an tionscadal. Faigheann mic léinn lascaine mhaith ar bhallraíocht san ionad. Dúirt Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh, Muireann O Dwyer, go bhfeabhsóidh an t-ionad nua saol an champais do mhic léinn: "Léiríonn an áis nua seo comhoibriú maith idir na mic léinn agus bainistíocht na hOllscoile. Tá 40 club spóirt ar an gcampas agus féadfaidh siad úsáid a bhaint as an ionad nua. Gheobhaidh mic léinn agus alumni lascaine mhaith freisin. Tá spórt agus fóillíocht go maith don intinn agus don chorp, mar sin feabhsóidh an tIonad nua Spóirt saol an champais ar bhealach eile chomh maith." Dúirt Greg Power, Oifigeach Pleanála agus Tionscadal OÉ Gaillimh, go bhfuil an struchtúr seo éiceabhách: "Is foirgneamh glas é seo sa chiall gur beag dochar atá á dhéanamh aige don chomhshaol. Leis an teicneolaíocht atá in úsáid san Ionad tá leictreachas á ghiniúint agus á athchúrsáil le húsáid san fhoirgneamh arís." D'oibrigh na hailtirí cáiliúla Faulkner Browns ar an tionscadal, i gcomhar le Holohan Design, mar aon leis na tógálaithe áitiúla Glenman Corporation. Dúirt Joe Cosgrove, Stiúrthóir Bainistíochta Kingfisher Fitness Group, a bhfuil sé ionad áineasa acu cheana féin sa tír: "Tá an-áthas orainn freastal ar champas OÉ Gaillimh agus ar mhuintir an cheantair seo. Má fhaigheann tú ballraíocht bliana nó más fearr leat Íoc-mar-a-Úsáidtear, feilfidh an tIonad nua seo duit. Freagróidh an fhoireann anseo ceist ar bith faoi bhallraíocht agus tá fáilte roimh an bpobal breathnú ar na háiseanna anseo am ar bith. " Glaoigh ar Ionad Spóirt OÉ Gaillimh ar 091 570 800 nó seol ríomhphost chuig nuigalwayinfo@kingfisherclub.com. Tá eolas breise le fáil ar www.kingfisherclub.com
críoch

PreviousNext

Featured Stories