An tOllamh Jim Browne ainmnithe mar Uachtarán ag Údarás na hOllscoile in OÉ Gail

Feb 15 2008 Posted: 00:00 GMT
Inniu (15 Feabhra 2008) d'ainmnigh Údarás na hOllscoile Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an tOllamh Jim Browne (55) mar Uachtarán nua na hOllscoile. I láthair na huaire tá an tOllamh Browne ag feidhmiú mar Mheabhránaí agus Uachtarán Ionaid in OÉ Gaillimh agus cuirfidh sé tús lena phost nua mar Uachtarán an 6 Márta 2008. Is é an tOllamh Browne an dara hUachtarán déag atá ceaptha san Ollscoil agus mairfidh a théarma oifige deich mbliana.

Dúirt an Dr Noel Dorr, Cathaoirleach an Bhoird Roghnúcháin a cheap Údarás na hOllscoile go bhfuil "cáil bainte amach ag an Ollamh Browne mar scoláire mór le rá, tá teagmhálacha aige ar fud na cruinne agus tá taithí aige ar Ollscoileanna eile san Eoraip, sna Stáit Aontaithe, san Áise agus Meiriceá Laidineach. Tá go leor taighde déanta aige féin agus tuigeann sé an tábhacht a bhaineann le tacú le taighde san Ollscoil. Lena chois seo, tá sé mar aidhm aige luachanna traidisiúnta na hOllscoile a chaomhnú i réimse na n-eolaíochtaí agus na ndaonnachtaí agus príomhról na hOllscoile mar institiúid oideachais a fhorbairt agus a fheabhsú. Le linn dó a bheith ag obair mar Mheabhránaí agus Uachtarán Ionaid bhí dlúthbhaint aige leis na hathruithe riachtanacha agus tábhachtacha atá le déanamh ar struchtúr agus ar fheidhmiú na hOllscoile; athruithe atá curtha i bhfeidhm trí rannpháirtíocht, agus athruithe a théann chun tairbhe comhaltaí foirne agus mic léinn araon. Is léir go bhfuil an-obair déanta aige maidir le cur chun cinn agus rath OÉ Gaillimh a chinntiú le seacht mbliana anuas".

Mar fhocal scoir, dúirt sé: "Baineann freagracht ar leith le post mar Uachtarán Ollscoile in Éirinn sa lá atá inniu ann. Is post é a éilíonn ceannaireacht chun an Ollscoil a fhorbairt sna deich mbliana amach romhainn. Tá gá le freagairt chruthaitheach agus íogaireach do riachtanais réigiúnacha agus náisiúnta agus ag an am céanna meas a léiriú ar fheidhm thraidisiúnta oideachais na hOllscoile agus an fheidhm sin a choimeád. Bunaithe ar na cúiseanna seo, bhí an Bord Roghnúcháin a d'ainmnigh Údarás na hOllscoile chun Uachtarán nua a roghnú, ar aon fhocal maidir leis an Ollamh Jim Browne a ainmniú don phost mar Uachtarán. Guímid gach rath air sa phost dúshlánach, suimiúil seo."

Chomh maith leis sin, ghabh an Dr Dorr buíochas ó chroí leis an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh as an obair iontach atá curtha i gcrích aige ó ceapadh mar Uachtarán ar OÉ Gaillimh é sa bhliain 2000.

Fear de bhunadh Bhaile Átha Luain, Co. na hIarmhí é an tOllamh Browne. Rinne sé céim innealtóireachta in OÉ Gaillimh, ceapadh é mar Dhéan Innealtóireachta (1996 – 2001) agus le seacht mbliana anuas tá sé ag obair mar Mheabhránaí agus Uachtarán Ionaid in OÉ Gaillimh. Tá an-chuid bainte amach aige ó thaobh ceannaireacht acadúil, pleanáil straitéiseach agus bainistíocht athruithe laistigh de OÉ Gaillimh. Tá os cionn 200 páipéar acadúil agus 15 leabhar foilsithe ag an Ollamh Browne. Sa bhliain 1990 bhronn Ollscoil Mhanchain céim DSc air as an obair a bhí foilsithe aige. Is comhalta é d'Acadamh Ríoga na hÉireann agus the Irish Academy of Engineering.

Seo a leanas cuid de róil cheannaireachta an Ollaimh Browne: Comhalta de bhord eagarthóireachta roinnt irisí taighde idirnáisiúnta; comhalta de Bhord Feabhais Ollscoileanna na hÉireann ó 2004; Leas-Uachtarán Sinsearach ar Engineers Ireland; Comhalta de Sheanad Ollscoil na hÉireann ó 2001; comhalta de Chomhairle Lucht Gairme Sláinte agus Cúram Sóisialta; comhalta de Bhord an CAO; Comhalta de Ghrúpa Athbhreithnithe an EPSRC ar Ionaid Taighde Innealtóireachta sa Ríocht Aontaithe; comhalta de Bhord Fhondúireacht Ollscoil na Gaillimhe ó 2001; agus Comhalta de Bhord Music for Galway. Tá an-taithí ag an Ollamh Browne ar a bheith ag obair le comhlachtaí poiblí agus príobháideacha agus le hOllscoileanna thar sáile. Tá an tOllamh Browne pósta le Maeve; agus tá ceathrar clainne acu.

Ní dhearnadh an ceapachán go raibh cuardach maith náisiúnta agus idirnáisiúnta déanta, le cúnamh gairmiúil ó Choiste Cuardaigh. Bhí Bord Roghnúcháin i gceannas ar an bpróiseas roghnúcháin. Bhí an Dr Noel Dorr, Cathaoirleach Údarás na hOllscoile, ina chathaoirleach ar an dá bhord sin. Bord na Gaeilge a reáchtáil an scrúdú Gaeilge. Bhí comhaltaí inmheánacha agus comhaltaí seachtracha ar na trí ghrúpa.

PreviousNext

Featured Stories