M.A. (Ateangaireacht Chomhdhála) ag tosú in OÉ Gaillimh

Feb 22 2008 Posted: 00:00 GMT
Tá Céim Mháistreachta nua trí Ghaeilge san Ateangaireacht Chomhdhála le tosú in OÉ Gaillimh – an chéad chúrsa dá leithéid in Éirinn. Cinneadh an cúrsa seo a thairiscint de bhua stádas oifigiúil a bheith ag an nGaeilge san Aontas Eorpach agus an t-éileamh atá ann ar lucht gairme le cáilíochtaí aitheanta san ateangaireacht agus san aistriúchán Gaeilge.

Is trí Ghaeilge a mhúinfear an clár M.A. agus le cois Gaeilge agus Béarla, beidh deis ag mic léinn le Fraincis agus Gaeilge den scoth, Fraincis a úsáid mar chuid den chúrsa M.A. Tá an cúrsa seo bunaithe ar an gCéim Mháistreachta Eorpaigh in Ateangaireacht Chomhdhála, clár a forbraíodh i gcomhar le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh agus clár atá ar siúl in 18 n-ollscoil ar fud na hEorpa. Is é Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge – coláiste de chuid OÉ Gaillimh atá dírithe ar chúrsaí tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge a sholáthar – atá i mbun an chúrsa seo agus is ar an gCeathrú Rua, i gcroílár Ghaeltacht Chonamara, a bheidh an cúrsa ar siúl.

Deir Eoin Ó Droighneáin, Stiúrthóir an Chláir, go gcreideann sé go mbeidh an-deis ag céimithe an chúrsa seo poist mhaithe a fháil agus gur "gá anois ateangairí Gaeilge ardoilte agus ardcháilithe a earcú san Aontas Eorpach. Is é atá mar aidhm leis an M.A. (Ateangaireacht Chomhdhála) mic léinn a oiliúint agus a ullmhú ionas gur féidir leo poist mar ateangairí comhdhála a fháil. Lena chois sin, cuirfear oiliúint ar mhic léinn sna sainscileanna ateangaireachta, rud a chinnteoidh go mbeidh ar a gcumas poist mhaithe a fháil nuair a bheidh an cúrsa críochnaithe".

I measc na n-ábhar a chlúdaítear mar chuid den M.A. (Ateangaireacht Chomhdhála) tá Ateangaireacht Chomhdhála, Ateangaireacht Chomhuaineach, Ateangaireacht Leantach, an tAontas Eorpach agus Eagraíochtaí Idirnáisiúnta, mar aon le Teoiric agus Cleachtas Ateangaireachta. I measc na ngnéithe eile den chúrsa áireofar cleachtaí cuimhne, aistriúchán le hamharc, scileanna breacadh nótaí, bréagchomhdhálacha, gluaiseanna do chruinnithe teicniúla, oiliúint ghutha, agus dea-bhéas botha. Beidh deis ag mic léinn cuairt a thabhairt ar institiúidí an AE chun taithí phearsanta a fháil ar an obair a bhíonn ar siúl ag ateangairí idirnáisiúnta.

Táthar ag glacadh le hiarratais anois don chúrsa lánaimseartha bliana seo a bheidh ag tosú i mí Mheán Fómhair 2008. Tá áit ar an gcúrsa do 12 mac léinn. I measc na gcúrsaí iarchéime Gaeilge eile atá ar fáil in OÉ Gaillimh tá: M.A. i bPleanáil Teanga; M.A. i dTeagasc Teangacha (An Ghaeilge); Ard-Dioplóma sa Drámaíocht; agus Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach. Chomh maith leis na cúrsaí múinte, tá scoláireacht taighde sa Teicneolaíocht Faisnéise á tairiscint ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

- críoch -

PreviousNext

Featured Stories