Aitheantas tugtha ag OÉ Gaillimh do mhic léinn a ghnóthaigh scoth na marcanna i

Thursday, 24 January 2008

Bronnfar Scoláireachtaí Iontrála ar 76 mac léinn ón gcéad bhliain in OÉ Gaillimh ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl Dé Sathairn, an 2 Feabhra 2008. Ghnóthaigh na mic léinn i gceist scoth na marcanna i Scrúdú na hArdteistiméireachta.

Bronnfar seic ar fiú €1,600 é ar gach mac léinn chomh maith le scrolla a dearadh go speisialta mar cheiliúradh ar na marcanna iontacha a ghnóthaigh na mic léinn seo i Scrúdú na hArdteistiméireachta an samhradh seo caite. Bronntar Scoláireachtaí Iontrála ar gach mac léinn nua in OÉ Gaillimh a ghnóthaigh 560 pointe, ar a laghad, i Scrúdú na hArdteistiméireachta (590 pointe i gcás cúrsaí Leighis agus Eolaíochtaí Sláinte). As measc na mac léinn sin a mbronnfar Scoláireacht Iontrála orthu, d'éirigh le 24 mac léinn an t-uasmhéid de 600 pointe a fháil. Tá níos mó agus níos mó mac léinn ag fáil pointí arda gach uile bhliain.

I mbliana, bronnfar scoláireachtaí ar mhic léinn as 51 scoil éagsúil ar fud na tíre, scoileanna beaga agus móra san áireamh. Tá buaiteoirí againn as 16 chontae ar fad. Ina measc tá Ard Mhacha, An Clár, Corcaigh, An Dún, Dún na nGall, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Ciarraí, Cill Dara, Laois, Maigh Eo, An Mhí, Ros Comáin, Sligeach, Tiobraid Árann agus An Iarmhí.

Dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, a bhronnfaidh seic agus scrolla atá deartha go speisialta ar gach mac léinn ag an ócáid, go bhfuil sé "mar aidhm leanúnach ag an Ollscoil feabhas acadúil a bhaint amach agus a chur chun cinn i ngach uile disciplín. Deis é searmanas bronnta na Scoláireachtaí Iontrála le haitheantas speisialta a thabhairt dár mic léinn chéad bhliana – mic léinn a bhfuil a gcumas acadúil léirithe acu cheana féin leis na marcanna a ghnóthaigh siad i Scrúdú na hArdteistiméireachta. Deis atá ann freisin buíochas a léiriú dá dtuismitheoirí agus múinteoirí meánscoile as an obair iontach atá déanta acu".

Bronnfar 50 gradam agus duais eile a bhaineann le Coláistí/Dámha éagsúla ag an searmanas seo freisin.

- críoch -

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories