Ionad nua na hOllscoile á phleanáil i gCiarraí

Friday, 25 January 2008

D'fhógair Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, go bhfuil Ionad nua de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le lonnú i mBaile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne. Cuirfear tús leis an obair i bhfoirgneamh ar cíos sa bhaile i mí Meán Fómhair 2008. Tá comhthuiscint idir an Ollscoil agus Údarás na Gaeltachta go dtógfaidh an Ollscoil foirgneamh nua 1,700m² ar shuíomh 10 n-acra de chuid an Údaráis ach cead pleanála a bheith ar fáil fá na choinne.

Tá a thacaíocht léirithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D., don tionscadail seo agus tá muid dóchasach go mbeidh tacaíocht fhlaithiúil le fáil óna Roinn do thógáil agus do reáchtáil Ionad iompair agus buanaithe Gaeilge i gCorca Dhuibhne mar atá déanta ag an Ollscoil ar an gCeathrú Rua, i gCarna agus i nGaoth Dobhair.

Chuir an tUachtarán fáilte faoi leith ag an ócáid i gCorca Dhuibhne roimh Thomás Ó Gairbheith agus a bhean chéile Esther. Tá Tomás tar éis bronntanas fhlaithiúil a chur ar fáil don Acadamh le húsáid i dtógáil an fhoirgnimh nua i gCorca Dhuibhne. Dúirt an tUachtarán ina óráid:

"Is cúis mhór mhisnigh domsa agus don phobal Gaeltachta seo tacaíocht Thomáis don Acadamh. Tá Tomás Ó Gairbheith ar dhuine den lucht gnó is bisiúla i gCiarraí agus is mór agamsa go pearsanta a thacaíocht don ollscolaíocht Ghaeilge agus do chruthú fostaíochta teanga-lárnaithe agus eolasbhunaithe sa leathinis seo".

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories