Dioplóma sa Cheol Traidisiúnta á sheoladh ag OÉ Gaillimh i gcomhar leis an Dr. C

Jul 03 2008 Posted: 00:00 IST
Sheol Muiris Ó Rócháin, Stiúrthóir Fhéile Willie Clancy, an clár is nua de chuid OÉ Gaillimh a mhúinfear go hiomlán trí Ghaeilge, Dioplóma sna Dána (Cóiriú & Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta). Beidh an Dioplóma á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcomhar leis an gceoltóir cáiliúil an Dr. Charlie Lennon. Iarrtar iarratais anois ar an gcúrsa lánaimseartha bliana seo a thosóidh i Meán Fómhair 2008 i stiúideonna taifeadta den scoth Stiúideo Cuan, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Glacfar le cúigear mac léinn déag ar an gclár chun a chinntiú go gheobhaidís siad an oiliúint acadúil is fearr chomh maith leis an taithí phraiticiúil ar an teicneolaíocht ceoil is nua. Déanfaidh mic léinn staidéar ar theoiric agus ar struchtúr an cheoil; stair and forbairt na n-ealaíon traidisiúnta in Éirinn; cartlannú, cumadh, cóiriú, taifeadadh agus stáitsiú an cheoil thraidisiúnta. Cuirfidh siad ceolchoirm ar stáitse ag deireadh na bliana faoi stiúir léiritheoir gairmiúil. Tá an clár dírithe ar cheoltóirí, damhsóirí agus amhránaithe a mbeadh suim acu i slí bheatha sa cheol agus sna healaíona. Reáchtálfar an clár trí Ghaeilge, mar sin caithfidh rannpháirtithe an chláir a bheith líofa. Chun áit a fháil ar an gclár caithfear triail and agallamh a dhéanamh. Caithfidh mic léinn a n-eolas agus a suim sa cheol traidisiúnta a léiriú. Ag labhairt ag seoladh oifigiúil an Dioplóma i Stiúideo Cuan, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, rinne Muiris Ó Rócháin comhghairdeas le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus le Stiúideo Cuan as clár uathúil a mbeadh tóir air a fhorbairt. Dúirt sé, "Caithfear tréaslú le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, as cúrsa a chruthú d'ealaíontóirí a fhorbróidh iad ó thaobh na n-ealaíon agus a thabharfaidh na scileanna dóibh chun an ceol traidisiúnta a chóiriú agus a stáitsiú. Is mór an acmhainn a bheas sa chúrsa don cheol traidisiúnta in Éirinn." Dúirt Marianne Ní Chinnéide, Stiúrthóir Acadúil an chláir nua agus Riarthóir na dTaibh-Ealaíon, "Tabharfaidh an dioplóma nua seo na scileanna do na mic léinn slí bheatha a fháil mar cheoltóirí nó mar ealaíontóirí traidisiúnta. Is cúrsa praiticiúil é agus gheobhaidh na mic léinn ardoiliúint ó dhaoine atá ag obair sa réimse cheana féin." Dúirt sí chomh maith, "Tá fás, forás agus forbairt ag teacht ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in OÉ Gaillimh ó thaobh na drámaíochta, na haisteoireachta agus an cheoil. Tá an-áthas orainn oibriú i gcomhar le gairmithe na nEalaíon agus go mór mór an Dr. Charlie Lennon." Tá tuilleadh eolais le fáil ó Marianne Ní Chinnéide, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh. Teileafón 091 869103 nó ríomhphost: marianne.nichinneide@oegaillimh.ie
- críoch -

Previous

Featured Stories