Gradaim Náisiúnta Buaite ag Teagascóirí in OÉ Gaillimh

Monday, 28 July 2008

Tabharfaidh An tAcadamh Náisiúnta um Chomhtháthú Taighde & Teagaisc & Foghlama (NAIRTL) aitheantas do bheirt chomhaltaí acadúla foirne OÉ Gaillimh faoina gclár nua gradam a thugann aitheantas do theagascóirí den chéad scoth ar taighdeoirí nuálacha freisin iad san earnáil ardoideachais in Éirinn. Roghnaíodh an Dr Peter Cantillon ó Roinn na Dochtúireachta Teaghlaigh agus an Dr Ray Murphy ón Ionad Éireannach um Chearta an Duine mar bhuaiteoirí gradam. Cúig ghradam ar fad a bhronntar. Dúirt an Dr James Browne, Uachtarán, OÉ Gaillimh: "Dea-scéala é go bhfuil aitheantas mar theagascóirí den chéad scoth faighte ag beirt chomhaltaí acadúla foirne OÉ Gaillimh ó NAIRTL. Éacht suntasach do OÉ Gaillimh dhá ghradam as cúig ghradam a fháil; léargas eile fós ar chaighdeán na n-ainmniúchán curtha faoi bhráid NAIRTL ag an institiúid seo. Bronnadh Gradaim an Uachtaráin don Fheabhas Teagaisc 2006-2007 – scéim inmheánach gradam OÉ Gaillimh – ar an Dr Cantillon agus ar an Dr Murphy. Tugann Gradaim an Uachtaráin don Fheabhas Teagaisc aitheantas don obair iontach atá ar bun ag comhaltaí acadúla foirne ar mhaithe le cinntiú go mbaineann mic léinn OÉ Gaillimh tairbhe as taithí foghlama ar ardchaighdeán. Táimid ag súil le hoibriú i gcomhar le NAIRTL amach anseo agus le tuilleadh gradam a fháil i scéim náisiúnta gradam 2009". Gnéithe bunúsacha de ról na gcomhaltaí acadúla foirne iad teagasc agus taighde, agus is ar scáth a chéile a mhaireann teagasc den chéad scoth agus obair chruthaitheach agus léannta. Is é atá mar aidhm le Gradaim NAIRTL aitheantas agus gradam a thabhairt do chomhaltaí acadúla foirne a bhfuil ag éirí leo an dá ról seo a nascadh. Is ann do na gradaim seo le haitheantas a thabhairt d'éachtaí teagaisc agus aitheantas agus ceiliúradh poiblí a dhéanamh ar ghairm na múinteoireachta. Fáiltíodh roimh ainmniúcháin ó institiúidí comhpháirtíochta NAIRTL, (CIT, OÉ Gaillimh, UCC agus WIT). Beidh an searmanas bronnta ar siúl níos faide anonn sa bhliain. Tá eolas maidir leis na buaiteoirí ar fad le fáil ar láithreán gréasáin NAIRTL http://www.nairtl.ie/index.php?pageID=68 Ón mbliain 2009 ar aghaidh, meastar go mbeidh cead ag na hinstitiúidí ardoideachais ar fad i bPoblacht na hÉireann páirt a ghlacadh sa tionscnamh seo.
CRÍOCH

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories