Aitheantas le tabhairt do Stiúrthóir Gradamach Ceoil ag Searmanas Bronnta Céimea

Tuesday, 25 November 2008

Bronnfar céim ar bhreis agus 800 mac léinn as cúig choláiste OÉ Gaillimh Dé Aoine, an 28 Samhain 2008, ag searmanais bronnta céimeanna an gheimhridh san Ollscoil. Bronnfar Céim Mháistreachta sa Cheol (honoris causa) ar Audrey Corbett, stiúrthóir ceoil Amhránaithe Barócacha na Gaillimhe chomh maith. Cloisfear féasta ceoil ó na córchantóirí sin ina honóir ag an searmanas. Mar phianódóir agus mar orgánaí a thug Audrey Corbett faoi shaol an cheoil ar dtús i mBaile Átha Cliath, áit ar bhuaigh sí go leor de na príomhghradaim ag an bhFeis Ceoil, i measc féilte eile. Ina mac léinn le ceol di sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a céadléiríodh a spéis i gceol córúil nuair a bhunaigh sí St. Stephen's Singers, ensemble a raibh iúl an phobail orthu go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta nuair a bhuaigh siad comórtas 'Let the Peoples Sing' de chuid Raidió an BBC i 1971. Ó bhog sí go Gaillimh, tá Audrey tar éis cur go mór le bláthú an cheoil chórúil, ó bhunaigh sí Cantóirí na Gaillimhe, cór ban a bhfuil go leor duaiseanna buaite acu, Cór Buachaillí na Gaillimhe agus Amhránaithe Barócacha na Gaillimhe. Tá an-tóir uirthi mar mholtóir ar chóir agus mar stiúrthóir ceardlann, seimineár agus máistir-ranganna agus bhí sí ina comhalta ar Bhord Stiúrthóirí an Cheolárais Náisiúnta ar feadh cúig bliana. Mar chomhartha aitheantais ar a saothar ar son an cheoil in iarthar Éireann, bronnadh Gradam Ealaíon Chomhairle Contae na Gaillimhe ar Audrey i 1997. Bhí sí ina stiúrthóir ar an 'Messiah for all' bliantúil sa Cheoláras Náisiúnta in 2001. An bhliain sin, bhunaigh Audrey cór aireagail nua, 'Sonas', atá an-rathúil; bhuaigh siad duais Scothchór Éireannach na Féile ag Féile Cór Chorcaí in 2003 agus bhí siad san iomaíocht sa Chomórtas Idirnáisiúnta ansin in 2004. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr James J. Browne, roimh an searmanas: "Tá OÉ Gaillimh an-tugtha le fada do na healaíona agus do shaol na n-ealaíon san Ollscoil féin, sa phobal áitiúil agus in áiteanna níos faide ó bhaile. Tá an-áthas orainn an onóir seo a thabhairt d'Audrey Corbett as an tsárobair atá déanta aici ar mhaithe leis an gceol agus ag forbairt na córchantana i nGaillimh". Beifear ag bronnadh céimeanna ar mhic léinn i rith an lae ó Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte; ó Choláiste na hInnealtóireachta agus na Faisnéisíochta; ó Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí; ó Choláiste na hEolaíochta; agus ó Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh. Ina measc, beidh mic léinn ón MA sa Phleanáil Teanga, an chéad chúrsa tríú leibhéal san ábhar acadúil seo atá á chur ar fáil in Éirinn nó fiú amháin san Eoraip, cúrsa dírithe ar mhic léinn a bhfuil céim bainte amach acu agus atá ag iarraidh oibriú i bpoist i réimsí na pleanála teanga, na forbartha pobail agus na n-eagraíochtaí stáit agus ar dhaoine atá cheana féin ag obair i réimse na pleanála teanga nó in earnáil ghaolmhar.
-Críoch-

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories