Ceiliúradh 10 mbliana d'Ollscolaíocht Ghaeilge i gCarna

Monday, 17 November 2008

Osclóidh Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Peadar Mac an Iomaire, deireadh seachtaine ceiliúrtha 10 mbliana Áras Shorcha Ní Ghuairim i gCarna ar an Aoine, 21 Samhain, 2008. Ionad for-rochtana de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh é Áras Shorcha Ní Ghuairim. Cuireann an tIonad raon deiseanna ollscolaíochta ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do Ghaeilgeoirí ó cheantair eile, mar aon leis an Ghaeilge a chothú mar phríomhtheanga pobail sa Ghaeltacht. Leagan Gaeilge View in English "Is cúis mhór áthais dúinn an sprioc seo a bheith sroichte againn" a dúirt Riarthóir an Ionaid Séamas Ó Concheanainn. "Ag tógáil ar mhisean bunaithe an Ionaid deich mbliana ó shin tá clár ollscolaíochta, tacaíochta teanga agus tionscnamh forbartha pobail idir lámha ag an Ionad ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge". Tá sa bhreis ar 580 mac léinn tar éis cáilíochtaí Ollscoile a bhaint amach faoi scáth an Árais trí chúrsaí réamhollscoile, fochéime agus iarchéime a dhéanamh i dTeicneolaíocht na Faisnéise agus sa Riarachán Gnó; sa Ghaeilge; sa Bhéaloideas; i gCúram Sóisialta agus i bFhorbairt Phobail. Tá forbairt á déanamh ar an gclár cúrsaí atá á thairiscint ag an Ionad ar bhonn leanúnach le freastal ar riachtanais spriocghrúpaí agus an mhargaidh. Tá pobal forleathan tagtha faoi thionchar chláir shealbhaithe agus bhuanaithe Gaeilge an Ionaid freisin. "Tá cúrsaí an Ionaid ag cabhrú lenár mic léinn fostaíocht mhaith a aimsiú mar aon le deis a thabhairt dóibh leanacht leis an oideachas fadsaoil gar do bhaile ina dteanga dúchais" a deir Ó Concheanainn. Tá clár forbartha agus taighde á chur chun cinn ag an Ionad freisin a nascann nuálaíocht teanga agus nuálaíocht teicneolaíochta i réimsí a áiríonn an tIdirlíon agus an Chartlannaíocht. Tá an tAcadamh dóchasach go gcothóidh na tionscnaimh taighde agus forbartha seo tuilleadh deiseanna ardoiliúna agus fostaíochta sa Ghaeltacht. Tá obair an Ionaid ag tacú le cur chun cinn an bhonneagair oideachais, eacnamaíochta agus seirbhíse ar fud na Gaeltachta. Tá comhoibriú láidir ar siúl le heagraíochtaí stáit agus leis an bpobal ar mhaithe le cur ar chumas an phobail a bheith páirteach i sochaí agus i ngeilleagar an eolais, mar a léiríodh leis an bhfeachtas ar éirigh leis le gairid córas leathanbhanda ardluais HEAnet a sholáthar i gCarna agus i gceantair Ghaeltachta eile. "Tá an tacaíocht atá á fháil ag an Ionad ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ó Údarás na Gaeltachta fíorthábhachtach ó thaobh timpeallacht a chothú atá báúil do chur chun cinn bonneagair Ollscolaíochta sa Ghaeltacht" a deir Ó Concheanainn. Tá idir léachtaí, taispeántais, ceardlanna agus ceolchoirm oíche Dé Sathairn ar chlár imeachtaí an deireadh seachtaine comórtha in Áras Shorcha Ní Ghuairim. San áireamh tá léacht ar shaothar Shorcha Ní Ghuairim féin a thabharfaidh an Dr Ríonach Uí Ógáin tráthnóna Dé hAoine, 21 Samhain ag 8.00i.n. Tugtar cuireadh don phobal freastal ar imeachtaí uile an deireadh seachtaine. Is féidir tuilleadh eolais maidir le himeachtaí an deireadh seachtaine a fháil ag: www.acadamh.ie
CRÍOCH

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories