Seachtain de Shearmanais Bronnta Céimeanna an Fhómhair ag Tosú in OÉ Gaillimh

Oct 20 2008 Posted: 00:00 IST
Cúig Mháistreacht Oinigh le Bronnadh, agus Céim á Bronnadh ar 4,000 Mac Léinn
Bainfidh os cionn 4,000 mac léinn céim amach in OÉ Gaillimh sna Searmanais Bronnta Céime a bheidh ar bun idir 17-24 Deireadh Fómhair. Bronnfaidh OÉ Gaillimh Céim Mháistreachta Oinigh ar na daoine seo a leanas: Laochra iomána na Gaillimhe, na deartháireacha Seán agus Jimmy Duggan; Tacadóir de chuid fhoireann sacair na hOllscoile, Tony Corcoran; bunaitheoir árais leanaí sa Chéinia, Sarah Wairimu; agus an teicneoir Ceimice, John Muldoon.
Tabharfar aitheantas do Sheán agus do Jimmy Duggan as a bhfuil déanta acu i rith a saoil ar son na hiomána i nGaillimh.
Tabharfar onóir do Tony Corcoran as an tseirbhís iontach atá tugtha aige le blianta fada anuas do Chumann Sacair na hOllscoile.
Táthar ag tabhairt aitheantais do Sarah Wairimu as a cuid oibre le leanaí sa Chéinia, leanaí ar bhásaigh go leor dá gcuid tuismitheoirí den ghalar SEIF.
Tabharfar onóir do John Muldoon as a shaothar ar son na Ceimice in OÉ Gaillimh agus ar son an phobail.
Ag labhairt dó sular thosaigh na searmanais, dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr James J. Browne: "Thar ceann OÉ Gaillimh, déanaim comhghairdeas lenár gcéimithe ar fad agus tá fearadh na fáilte roimh a dtuismitheoirí, a dteaghlaigh agus a gcairde. Tá ríméad orainn aitheantas a thabhairt dá gcuid éachtaí agus guímid gach rath orthu san am atá le teacht. Tá an Ollscoil thar a bheith sásta chomh maith go mbeidh sí luaite le cúigear eisceachtúil a mbronnfar céim Mháistreachta oinigh orthu ag na searmanais seo a mhairfidh go ceann seachtaine." Cuirfear tús le Searmanais bhliantúla Bronnta Céimeanna an Fhómhair in OÉ Gaillimh leis na searmanais Oideachais Aosaigh agus Leantaigh, áit a mbronnfar dámhachtainí ar 892 mac léinn a chríochnaigh a gcúrsaí céime, dioplóma agus teastais in ionaid éagsúla ar fud na tíre.
- críoch -

PreviousNext

Featured Stories