Susan Folan ceaptha ina Comhordaitheoir ar an M.A. Ateangaireacht Chomhdhála ag

Sep 09 2008 Posted: 00:00 IST
Cúis áthais d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, institiúid náisiúnta cheannródaíoch na hOllscolaíochta trí Ghaeilge in OÉ Gaillimh, a fhógairt go bhfuil Susan Folan ceaptha ina Comhordaitheoir ar an gcúrsa nua M.A. (Ateangaireacht Chomhdhála) – cúrsa a mbeidh tús á chur leis ag deireadh na míosa seo (Meán Fómhair 2008). Is as Cnoc na Cathrach i nGaillimh í Susan Folan ó dhúchas agus tá sí ar dhuine den bheagán daoine atá cáilithe mar ateangaire gairmiúil le Gaeilge; oibríonn sí go rialta i bParlaimint na hEorpa agus in institiúidí eile den chuid an Aontais Eorpaigh mar ateangaire comhdhála. Tá bunchéim B.A. agus M.A. sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh bainte amach ag Susan chomh maith le Céim Mháistreachta Eorpach san Ateangaireacht Chomhdhála ó Ollscoil Westminster i Londain. Roimhe seo, d'oibrigh Susan mar Oifigeach Forbartha ag eagraíocht na gcoláistí samhraidh Gaeilge, CONCOS. Seo a leanas a bhí le rá ag Susan Folan agus í ag labhairt faoina ceapachán nua: "Tá ríméad orm a bheith ag obair le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge anseo in OÉ Gaillimh; táim ag tnúth go mór leis an dúshlán a bhaineann le cúrsaí léinn den chéad scoth a sholáthar i réimse na hAteangaireachta agus go mór mór leis an M.A. (Ateangaireacht Chomhdhála) a fhorbairt." Tá éileamh ar a leithéid de chúrsa, go háirithe de bharr an ghéarghá atá ag an Aontas Eorpach le hateangairí oilte, cáilithe le Gaeilge. Is é seo an t-aon chúrsa M.A. (Ateangaireacht Chomhdhála) dá leithéid sa tír agus ullmhóidh sé mic léinn le slí bheatha a bhaint amach mar ateangairí comhdhála gairmiúla. Díreofar i rith an chúrsa ar úsáid na Gaeilge agus an Bhéarla mar theangacha gníomhacha agus éighníomhacha ateangaireachta, agus ar úsáid na Fraincise mar theanga éighníomhach; fágfaidh an cleachtadh a gheobhaidh siad anseo go mbeidh an-seans ag mic léinn ar phoist ghradamúla a fháil mar ateangairí gairmiúla ach a gcríochnóidh siad an cúrsa. Tá an M.A. (Ateangaireacht Chomhdhála) á chur ar fáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge – institiúid lán-Ghaeilge na hOllscoile le haghaidh cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge – agus beidh sé ar siúl san Ionad atá ag an Acadamh ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht na Gaillimhe. Tá an cúrsa féin á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta agus dá bharr seo ní bheidh táille ar bith le híoc ag mic léinn a gheobhaidh áit ar an gcúrsa. Feidhmeoidh Susan mar phríomhtheagascóir ar an gcúrsa, agus beidh sí freagrach freisin as riaradh agus eagrú an chúrsa ó lá go lá. Tá iarratais á nglacadh le haghaidh áiteanna ar an M.A. (Ateangaireacht Chomhdhála) faoi láthair agus is féidir teagmháil a dhéanamh le Siobhán Ní Chualáin ag + 353 91 495428 nó ar an ríomhphost ag siobhan.nichualain@oegaillimh.ie má theastaíonn tuilleadh eolas breise ina thaobh.
-Críoch-

PreviousNext

Featured Stories