RTÉ's Nationwide to focus on NUI Galway

Apr 15 2009 Posted: 00:00 IST
(Leagan Gaeilge) RTÉ's television programme Nationwide, presented by Mary Kennedy, is to feature a special on NUI Galway. The show will broadcast on Monday, 20 April at 7.00pm. To view the Nationwide programme please visit www.rte.ie/news/nationwide NUI Galway graduates have played a pivotal role historically in all areas of the development of Galway, including the arts, industry and commerce. Established in 1845 as Queen s College Galway, NUI Galway is one of Ireland s foremost centres of academic excellence. With over 16,000 students, it has a long established reputation of teaching and research excellence in each of its colleges. Nationwide speaks to the current President, Dr James J. Browne, about the significance of the economic impact NUI Galway has both in the west of Ireland and nationally. Gearóid Ó Tuathaigh, Professor of History at NUI Galway also speaks about the foundation of the University in Galway and how it has changed over the years. Professor Pat Dolan of the Child and Family Research Centre in the University's School of Political Science and Sociology talks about his recent appointment as the UNESCO Chair for Children, Youth and Civic Engagement, the first of its kind in Ireland. One of the areas which is already enhancing students and communities lives is NUI Galway's Community Knowledge Initiative (CKI) and second year Irish and Philosophy student Orla Murphy from County Clare speaks about her experiences of being involved in the popular student volunteer programme ALIVE. RTÉ's Marine correspondent Tom McSweeney visits the Martin Ryan Institute and discovers what we can learn from deep-sea species, while Mary Kennedy is joined by Professor Vincent O'Flaherty, Director of the newly established Energy Research Centre.
Clár Speisialta Nationwide ar RTÉ le díriú ar OÉ Gaillimh
(View in English) Beidh deis ag pobal na tíre léargas a fháil ar chuid den obair iontach atá ar bun in OÉ Gaillimh ar chlár speisialta Nationwide a chuirfidh Mary Kennedy i láthair ar RTÉ. Craolfar an clár speisialta seo Dé Luain, an 20 Aibreán ag 7.00pm. Is léir go bhfuil an-bhaint ag céimithe OÉ Gaillimh le forbairt na Gaillimhe le blianta fada anuas, forbairt i réimsí éagsúla cosúil leis na healaíona, tionscal agus tráchtáil. Tá OÉ Gaillimh, a bunaíodh mar Choláiste na Banríona Gaillimh in 1845, ar cheann de phríomhionaid feabhais acadúil na hÉireann. Tá os cionn 16,000 mac léinn ag freastal ar an ollscoil agus cáil uirthi le fada an lá mar gheall ar a feabhas teagaisc agus taighde i ngach coláiste laistigh den ollscoil. Beidh Uachtarán na hOllscoile, an Dr James J. Browne, le feiceáil ar an gclár agus é ag trácht ar an tionchar eacnamaíoch atá ag OÉ Gaillimh ar iarthar na hÉireann agus ar an tír trí chéile ar an gclár speisialta seo de Nationwide. Labhróidh Gearóid Ó Tuathaigh, Ollamh le Stair in OÉ Gaillimh faoi bhunú na hOllscoile i nGaillimh agus an t-athrú atá tagtha ar an ollscoil in imeacht na mblianta. Labhróidh an tOllamh Pat Dolan ón Ionad Taighde um Leanaí agus Teaghlaigh, a bunaíodh mar chuid de Scoil na hEolaíochta Polaitiúla agus Socheolaíochta san Ollscoil, faoina cheapachán nua mar Chathaoir UNESCO le Leanaí, Óige agus Comhpháirteachas Poiblí, an chéad cheapachán dá leithéid in Éirinn. Tionscnamh amháin atá ag cur go mór le saol na mac léinn agus le saol an phobail é Tionscnamh Eolais Phobail (CKI) OÉ Gaillimh agus labhróidh Orla Murphy, mac léinn Gaeilge agus Fealsúnachta dara bliana ó Chontae an Chláir faoina taithí féin ar ALIVE – clár obair dheonach na mac léinn. Tabharfaidh comhfhreagraí mara RTÉ, Tom McSweeney, cuairt ar Institiúid Mháirtín Uí Riain chun léargas a fháil ar an méid atá le foghlaim againn ó speicis domhainfharraige. Déanfaidh Mary Kennedy dreas cainte leis an Ollamh Vincent O'Flaherty, Stiúrthóir an Ionaid Taighde um Fhuinneamh a bunaíodh le déanaí.
Críoch

PreviousNext

Featured Stories