Historic Visit by EU Commissioner Kuneva to Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge's

Aug 31 2009 Posted: 00:00 IST
(Leagan Gaeilge) The EU Commissioner for Consumer Affairs, Meglena Kuneva, visited Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge's (NUI Galway) Centre in An Cheathrú Rua on Friday, 28 August. "This is the first such visit by an EU Commissioner to a university centre in the Gaeltacht", said Treasa Uí Lorcáin, Administrator of NUI Galway's Centre in An Cheathrú Rua, "and is a great honour for us to host a visitor as distinguished as Commissioner Kuneva. It reiterates again the deep interest at the highest levels of the European Union in the pioneering work undertaken by Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in the fields of Interpreting and Translation Studies, especially in light of the employment opportunities now available to graduates of our courses in the European institutions." Commissioner Kuneva visited the facilities in place in the Centre for students and staff, and paid particular attention to the specialist equipment and facilities for the M.A. san Ateangaireacht Chomhdhála (M.A. in Conference Interpreting) and Ard-Dioplóma i Léann an Aistriúcháin (Higher Diploma in Translation Studies) programmes – the leading programmes in these fields in Ireland. New intakes of students will commence their studies in these two programmes in mid-September. Applications for places on the programmes will be accepted until Monday, 7, September. Further information available at www.acadamh.ie/cursai
Cuairt Stairiúil ag an gCoimisinéir Eorpach Kuneva ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, an Cheathrú Rua
(View in English) Thug Meglena Kuneva, Coimisinéir an Aontais Eorpaigh ar Ghnóthaí Tomhaltais, cuairt ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar an gCeathrú Rua, Dé hAoine, 28 Lúnasa. "Is é seo an chéad uair a thug Coimisinéir de chuid an Aontais Eorpaigh cuairt ar ionad ollscoile sa Ghaeltacht," a dúirt Treasa Uí Lorcáin, Riarthóir Ionad an Acadaimh ar an gCeathrú Rua, "agus is mór an onóir don Acadamh agus don Ollscoil go bhfuil oifigeach chomh sinsearach leis an gCoimisinéir Kuneva ag tabhairt cuairte orainn. Léiríonn sé arís an spéis dháiríre, ag an leibhéal is airde san Aontas Eorpach, san obair cheannródaíoch atá ar bun ag an Acadamh anseo ó thaobh cúrsaí léinn san Aistriúchán agus san Ateangaireacht a chur ar fáil atá dírithe ar na deiseanna maithe fostaíochta sa Ghaeilge a bhíonn á dtairiscint san Aontas Eorpach anois". Thug an Coimisinéir Kuneva cuairt ar áiseanna éagsúla an Ionaid ar an gCeathrú Rua, agus bhí aird ar leith aici ar na háiseanna speisialtóireachta atá ag an Acadamh don M.A. san Ateangaireacht Chomhdhála agus don Ard-Dioplóma i Léann an Aistriúcháin – cláir léinn cheannródaíocha i réimsí na hAteangaireachta agus an Aistriúcháin sa tír seo. Beidh tús á chur i lár na míosa seo chugainn le babhta nua den M.A. san Ateangaireacht Chomhdhála agus den Ard-Dioplóma i Léann an Aistriúcháin. Glacfar le hiarratais le haghaidh na gcúrsaí sin go dtí an 7 Meán Fómhair 2009. Tuilleadh eolais: www.acadamh.ie/cursai
-Críoch-

Next

Featured Stories