NUI Galway Appoints Dean of Business, Public Policy and Law

Monday, 2 February 2009

(Leagan Gaeilge) Dr Willie Golden has been appointed Dean of the College of Business, Public Policy and Law at NUI Galway. He will have responsibility for the J.E. Cairnes School of Business and Economics, and the School of Law. Dr Golden has been a lecturer in Business Information Systems at NUI Galway since 1992 and since 2006, has been Director of the Centre for Innovation and Structural Change (CISC) at the University. As Director, he led a team of researchers which secured €6 million of funding for social science research at NUI Galway. He has published extensively, co-authored a book, contributed 10 chapters to other texts and published 16 journal papers in the areas of Electronic Commerce and Information Systems. Speaking about his appointment, Dr Golden said: "I look forward to working with colleagues in both the School of Business and Economics, and the School of Law, to facilitate excellent and innovative teaching and to further enhance the national and international research reputation of both schools". The School of Business and Economics and the School of Law will now come under the responsibility of the new Dean and according to Dr Golden: "There are already signifiers between business and law as exemplified with our Bachelor of Corporate Law. We have two very strong traditions in the School of Business and the School of Law here at NUI Galway, where 25% of the student population are connected to these schools. The vast research areas within the College include Human Rights, Business Innovation, Disability Law and Social Gerontology. The research carried out in these areas is used to inform public policy with respect to the options available to enable a better economy and society". Commenting on Dr Golden's appointment, President of NUI Galway, Dr James J. Browne said: "I am confident that Dr Willie Golden, in his role as Dean, will provide the leadership necessary to optimise the opportunities and build on the many strengths of the College of Business, Public Policy and Law. I look forward to working with Dr Golden as we strive to achieve even greater levels of achievement and success for NUI Galway". Dr Golden, originally from Westport, Co Mayo, is a Commerce and Master of Business Studies Graduate of NUI Galway. His Ph.D. in Business to Business Electronic Commerce is from the Business School at the University of Warwick.
Déan Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí ceaptha in OÉ Gaillimh
(View in English) Tá an Dr Willie Golden ceaptha mar Dhéan Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí in OÉ Gaillimh. Beidh an Dr Golden freagrach as Scoil Ghnó agus Eacnamaíochta J.E. Cairnes, agus Scoil an Dlí. Tá an Dr Golden ag obair mar léachtóir le Córais Faisnéise Gnó in OÉ Gaillimh ó 1992 agus in 2006 ceapadh é mar Stiúrthóir ar an Ionad um Nuálaíocht & um Athrú Struchtúrtha (CISC) san Ollscoil. Le linn dó a bheith ag feidhmiú mar Stiúrthóir ar CISC bhí sé i gceannas ar fhoireann taighdeoirí ar éirigh leo maoiniú ar fiú €6 mhilliún é a fháil le tabhairt faoi thaighde ar an eolaíocht shóisialta in OÉ Gaillimh. Is iomaí alt atá foilsithe aige, is comhúdar leabhair é, tá 10 gcaibidil scríofa aige i bhfoilseacháin eile agus tá 16 páipéar foilsithe aige i réimse na Tráchtála Leictreonaí agus na gCóras Faisnéise. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Golden faoina cheapachán: "Táim ag súil le bheith ag obair le mo chomhghleacaithe i Scoil an Ghnó agus na hEacnamaíochta agus i Scoil an Dlí agus sártheagasc nuálaíoch a chur chun cinn le cois dea-cháil taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta an dá scoil a fheabhsú". Tiocfaidh Scoil an Ghnó agus na hEacnamaíochta agus Scoil an Dlí faoi fhreagracht an Déin nua agus dúirt an Dr Golden: "Go bhfuil comhoibriú ar bun cheana féin idir an gnó agus an dlí san ollscoil, an Chéim Bhaitsiléara i nDlí Corparáideach mar shampla. Tá dea-cháil ar Scoil an Ghnó agus ar Scoil an Dlí anseo in OÉ Gaillimh le blianta fada anuas agus tá 25% de mhic léinn na hollscoile i mbun cúrsaí staidéir faoi scáth na scoileanna seo. I measc na réimsí taighde a ndírítear orthu laistigh den Choláiste tá Cearta Daonna, Nuálaíocht Gnó, Dlí um Míchumas agus Seaneolaíocht Shóisialta. Úsáidtear an taighde a dhéantar sna réimsí seo le cur le beartas poiblí agus é mar aidhm úsáid a bhaint as na deiseanna atá ar fáil chun geilleagar agus sochaí níos fearr a chruthú". Le linn d'Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr James Browne, a bheith ag trácht ar an gceapachán nua dúirt sé: "Táim muiníneach go n-éireoidh leis an Dr Willie Golden, ina ról nua mar Dhéan, na scileanna ceannaireachta riachtanacha a léiriú chun an leas is fearr agus is féidir a bhaint as na deiseanna a thagann chun cinn mar aon le cur le láidreachtaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí. Táim ag tnúth le bheith ag obair leis an Dr Golden chun leibhéal feabhsaithe gnóthachtála a bhaint amach agus tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh". Fear de bhunadh Chathair na Mart, Co. Mhaigh Eo é an Dr Golden agus rinne sé B.Comm agus Céim Mháistreachta i Staidéar Gnó in OÉ Gaillimh. Rinne sé Ph.D. i dTráchtáil Leictreonach ó Ghnó go Gnó i Scoil Ghnó Ollscoil Warwick.
-Críoch-

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories