NUI Galway Announces 2009 Alumni Award Winners

Monday, 19 January 2009

(Leagan Gaeilge) NUI Galway has announced the winners of the 2009 Alumni Awards to be presented at the tenth annual Gala Banquet and Alumni Awards ceremony on Saturday, 7 March, 2009 in the Radisson SAS Hotel, Galway. The Alumni Awards recognise individual excellence and achievements among the University's more than 65,000 graduates worldwide. The awards programme boasts an impressive roll call of 57 outstanding graduates who have gone on to honour their alma mater, including, for example, Michael D. Higgins, the late Seamus Brennan, Sean O'Rourke, Professor Frank Gannon and Dr Luke Clancy. The winners of the eight alumni awards to be presented at Gala 2009: Aer Arann Alumni Award for Sports Achievement and Leadership Ciaran FitzGerald BComm 1973 International Rugby Captain and Triple Crown Winner AIB Alumni Award for Literature, Communication and the Arts Dr Brendan O'Connor BSc 1982, PhD 1985 Founder, Cois Cladaigh Choir Bank of Ireland Alumni Award for Business and Commerce Mike Higgins BComm 1982 Managing Director, CIBC Real Estate Finance Group Duais Hewlett-Packard don Ghaeilge Pádraig Ó Ceithearnaigh HDip in Education 1976 Leas-Ardstiúthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge Medtronic Alumni Award for Healthcare and Medical Science Professor Michael O'Brien MB, BCh, BAO 1971, BSc 1973 Professor of Pathology and Laboratory Medicine, Boston University School of Medicine; Chief, Department of Anatomic Pathology, Boston Medical Center NUI Galway Alumni Award for Law, Public Service and Government John Hegarty BSc 1969, PhD 1976 Provost, Trinity College Dublin Alumni Award for Engineering, IT and Mathematics Finian O'Sullivan BSc 1976 Founder and Former CEO, Burren Energy Seavite Alumni Award for Natural Science Dr Catherine Caulfield BSc 1976, HDip in Ed 1977, PhD 2008 Chief Executive – Charles River Laboratories Preclinical Services Irl. Speaking on the announcement of the Awards recipients, President of NUI Galway, Dr James J. Browne said: "I am delighted to see the excellent calibre of the NUI Galway graduates to be honoured at the Gala Banquet in March. The Gala is a key event in the University's calendar and once again showcases the University's most outstanding and excellent graduates. Through the presentation of the annual Alumni Awards Programme, we celebrate the achievements of not only the winners but many generations of students who remain connected to their alma mater. I thank the sponsor companies who, through their generosity, make the Alumni Awards possible each year".
Buaiteoirí Dhuaiseanna Alumni 2009 fógartha ag OÉ Gaillimh
(View in English) Tá buaiteoirí Dhuaiseanna Alumni 2009 fógartha ag OÉ Gaillimh, duaiseanna a bhronnfar ag an 10ú Mórfhéasta agus Searmanas na nDuaiseanna Alumni, Dé Sathairn, 7 Márta 2009 in Óstán an Radisson SAS, Gaillimh. Tugann na Duaiseanna Alumni aitheantas do chéimithe a bhfuil éachtaí suntasacha déanta acu as breis is 65,000 céimí de chuid na hOllscoile atá lonnaithe ar fud na cruinne. Go dtí seo tá duais alumni bronnta ar 57 céimí den scoth – céimithe a bhfuil a n-alma mater fíorbhródúil astu – Michael D. Higgins, Seamus Brennan, Sean O'Rourke, an tOllamh Frank Gannon agus an Dr Luke Clancy ina measc. Seo a leanas an t-ochtar a mbronnfar Duais Alumni orthu ag Mórfhéasta 2009: Duais Alumni Aer Arann d'Éachtaí agus do Cheannaireacht Spóirt Ciaran FitzGerald BComm 1973 Captaen Fhoireann Rugbaí Idirnáisiúnta agus Buaiteoir Chorn na dTrí Náisiún Duais Alumni AIB don Litríocht, an Chumarsáid agus na hEalaíona An Dr Brendan O'Connor BSc 1982, PhD 1985 Bunaitheoir, Cór Chois Cladaigh Duais Alumni Bhanc na hÉireann don Ghnó agus an Tráchtáil Mike Higgins BComm 1982 Stiúrthóir Bainistíochta, CIBC Real Estate Finance Group Duais Hewlett-Packard don Ghaeilge Pádraig Ó Ceithearnaigh Ard-Dioplóma san Oideachas 1976 Leas-Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge Duais Alumni Medtronic don Chúram Sláinte agus an Eolaíocht Mhíochaine An tOllamh Michael O'Brien MB, BCh, BAO 1971, BSc 1973 Ollamh le Paiteolaíocht agus Leigheas Saotharlainne, Scoil an Leighis, Ollscoil Bhostúin; Príomhoifigeach, Roinn na Paiteolaíochta Anatamaíche, Ionad Leighis Bhostúin Duais Alumni OÉ Gaillimh don Dlí, an tSeirbhís Phoiblí agus an Rialtas John Hegarty BSc 1969, PhD 1976 Propast, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Duais Alumni don Innealtóireacht, an Teicneolaíocht Faisnéise agus an Mhatamaitic Finian O'Sullivan BSc 1976 Bunaitheoir agus iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin, Burren Energy Duais Alumni Seavite don Eolaíocht Dúlra An Dr Catherine Caulfield BSc 1976, HDip in Ed 1977, PhD 2008 Príomhoifigeach Feidhmiúcháin – Charles River Laboratories Preclinical Services Irl. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr James J. Browne, nuair a fógraíodh buaiteoirí na nDuaiseanna Alumni: "Cúis áthais dom go bhfuil aitheantas le tabhairt do shárchéimithe OÉ Gaillimh ag an Mórfhéasta i mí an Mhárta. Tá an Mórfhéasta ar cheann de na príomhimeachtaí a eagraíonn an Ollscoil gach bliain agus deis a bhíonn san ócáid áirithe seo aitheantas a thabhairt do shárchéimithe de chuid na hOllscoile. Trí Chlár Bliantúil na nDuaiseanna Alumni, ní hamháin go dtugaimid aitheantas don mhéid atá bainte amach ag na buaiteoirí ach tugaimid aitheantas freisin do na mic léinn ar fad a bhfuil nasc acu go fóill lena n-alma mater. Is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl do na cuideachtaí a dhéanann urraíocht fhlaithiúil ar an Mórfhéasta agus a chinntíonn gur féidir linn Duaiseanna Alumni a bhronnadh gach bliain".
-Críoch-

Keywords:.

« Back

Press office

E info@nuigalway.ie
T +353 (0)91 493361

Press member?

Visit our press centre

Connect & share

Related news