NUI Galway Event to Provide Tips for Career Success in Challenging Times

Jan 22 2009 Posted: 00:00 GMT
(Leagan Gaeilge)In response to recent changes in the graduate labour market, the Career Development Centre at NUI Galway has put together a series of seminars, beginning with 'Get a Step Ahead, Tips for Career Success in Challenging Times' on Tuesday, 27 January, from 6-8pm, in the Colm Ó hEocha Theatre, Arts Millennium Building. The event is aimed at final year students and current post graduates and will feature a variety of expert speakers. Today FM presenter, RTÉ contributor, and Managing Director of the Communications Clinic, Anton Savage, will reveal to students how to stand out from the crowd in the current competitive graduate labour market. Dr James Cunningham, Director of the Centre of Innovation and Structural Change, (CISC), NUI Galway, and co-editor of the recently published Irish Management 2.0, will examine the link between current economic trends and future skills needs which will assist students in making the right postgraduate study choices. Students will learn the secrets to effective goal setting and personal techniques for achieving career success with qualified executive business coach Bernard Chanliau, Director and owner of XenerGie. Bernard Chanliau has extensive experience in coaching individuals to achieve their career and business goals. John Hannon, Head of the Career Development Centre in NUI Galway, stresses the need for graduates to look at their careers in broader terms and see it as a series of stepping stones or portfolios where they can accumulate skills, knowledge and experience. He said: "We have hit a tough economic period but I still believe that the majority of graduates will manage to get jobs". Mary O Riordan, Vice-President for Student Services & Human Resources at NUI Galway, encourages students to avail of this opportunity and the many career related events planned for this semester by the NUI Galway Career Development Centre. "This is an exciting event for students and recent graduates and demonstrates a proactive approach". For further information contact the NUI Galway Career Development Centre on 091 492504.
Ócáid dírithe ar Fhostaíocht a aimsiú sa Ré Dhúshlánach seo á reáchtáil in OÉ Gaillimh
(View in English) Is eol do chách anois go bhfuil athrú tagtha le gairid ar mhargadh fostaíochta céimithe agus tá sraith seimineár eagraithe ag Ionad Forbartha Gairmeacha OÉ Gaillimh dar teideal 'Get a Step Ahead, Tips for Career Success in Challenging Times'. Beidh an chéad seimineár ar siúl Dé Máirt, 27 Eanáir, ó 6-8pm, i dTéatar Choilm Uí Eocha, Áras Dán na Mílaoise. Tá an ócáid seo dírithe ar mhic léinn bhliain na céime agus ar mhic léinn iarchéime agus is cainteoirí ar saineolaithe i réimsí éagsúla iad a bheidh i mbun na seimineár. Labhróidh Anton Savage, láithreoir ar Today FM, painéalaí le RTÉ agus Stiúrthóir Bainistíochta Communications Clinic, le mic léinn faoin tslí is fearr le haird a tharraingt orthu féin sa mhargadh fostaíochta seo atá thar a bheith iomaíoch. Labhróidh an Dr James Cunningham, Stiúrthóir an Ionaid um Nuálaíocht agus um Athrú Struchtúrtha (CISC), OÉ Gaillimh, agus comheagarthóir Irish Management 2.0, a foilsíodh le déanaí, ar an nasc atá idir treochtaí reatha sa gheilleagar agus na réimsí scileanna a theastóidh amach anseo chun cabhrú le mic léinn na cúrsaí iarchéime is feiliúnaí a roghnú. Cabhróidh Bernard Chanlia, oiliúnóir cáilithe gnó, agus Bainisteoir agus úinéir XenerGie le mic léinn a n-aird a dhíriú ar na rúin a bhaineann le spriocanna éifeachtacha a shocrú agus conas leas a bhaint as teicníochtaí pearsanta a chabhróidh leo dul chun cinn a dhéanamh. Tá an-taithí ag Bernard Chanliau ar oiliúint daoine aonair le cabhrú leo a spriocanna gairme agus gnó a bhaint amach. Deir John Hannon, Ceann an Ionaid Forbartha Gairmeacha in OÉ Gaillimh, gur gá do chéimithe anois féachaint ar a ngairmeacha i gcomhthéacs níos leithne agus mar shraith céimeanna nó portfóiliónna a thugann deis dóibh cur lena gcuid scileanna, leis an eolas agus leis an taithí atá acu. Dúirt sé: "Tá cúinsí geilleagracha na tíre seo imithe chun donais ach creidim fós go n-éireoidh le formhór na gcéimithe poist a fháil dóibh féin". Molann Mary O'Riordan, Leas-Uachtarán um Sheirbhísí do Mhic Léinn & Acmhainní Daonna in OÉ Gaillimh, leas a bhaint as an deis seo agus na himeachtaí eile a bheidh á reáchtáil ag Ionad Forbartha Gairmeacha OÉ Gaillimh i rith an tseimeastair seo. "Imeacht iontach suimiúil a bheidh anseo do mhic léinn agus do chéimithe ina leagfar béim ar an gcur chuige réamhghníomhach". Tá tuilleadh eolais le fáil ach glaoch ar Oifig Forbartha Gairmeacha OÉ Gaillimh ag 091 492504.
-críoch-

PreviousNext

Featured Stories