Oíche Eolais do Dhaoine ar Spéis leo Freastal ar OÉ Gaillimh mar Mhic Léinn Lánf

Monday, 12 January 2009

Tionólfaidh OÉ Gaillimh oíche eolais do dhaoine atá ag smaoineamh ar thabhairt faoi chlár fochéime lánaimseartha mar mhic léinn lánfhásta. Eagrófar an ócáid i dTéatar Choilm Uí Eocha, Áras Dán na Mílaoise, OÉ Gaillimh Déardaoin, 15 Eanáir ag 8i.n.Leagan Gaeilge View in English Tabharfar eolas faoi na cláir atá ar fáil do mhic léinn lánfhásta, faoi na riachtanais iontrála agus faoi na nósanna imeachta iarratais agus roghnaithe. Díreofar chomh maith ar an tacaíocht airgid agus ar chineálacha eile tacaíochta atá ar fáil. Gach bliain in OÉ Gaillimh, coinnítear cuóta áiteanna ar mhórchuid na gclár do mhic léinn lánfhásta, ar daoine iad atá 23 bliain d'aois nó níos sine ná sin. Déantar iarratais ar na cláir chéime, ar an ngnáthbhealach a ndéanann iontrálaithe Ollscoile é, tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) faoin 1 Feabhra. Tá sé tugtha faoi deara ag Trish Hoare, Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta in OÉ Gaillimh, go bhfuil an spéis atá ag daoine filleadh ar an staidéar foirmiúil ag méadú: "I bhfianaise na géarchéime eacnamaíochta tá go leor daoine ag iarraidh deiseanna nua fostaíochta a thapú trí chéim a bhaint amach. Tá an-spéis ag daoine san Altranas agus sna cláir Eolaíochtaí Sláinte ar nós na Teiripe Saothair. Beidh ionadaí ag an oíche oscailte eolais a bheidh in ann ceisteanna faoi na cláir seo a fhreagairt". Deir Trish Hoare go bhfuil cineálacha éagsúla tacaíochta airgid ar fáil do mhic léinn lánfhásta: "Ní bhíonn aon táillí teagaisc le híoc ag daoine atá ag tabhairt faoi bhunchéim den chéad uair. Bíonn deontais ardoideachais ar fáil chomh maith dóibh siúd a bhíonn ina dteideal agus a chomhlíonann critéir áirithe. D fhéadfadh lucht faighte liúntas Leasa Shóisialta a fháil chomh maith chun filleadh ar an oideachas ach critéir áirithe a chomhlíonadh. Tá súil againn tuilleadh eolais a thabhairt fúthu seo ar fad agus faoi chineálacha eile tacaíochta atá ann ag an seisiún comhairleach". Déanfar cur i láthair chomh maith ar Chlár Rochtana Speisialta na hOllscoile do mhic léinn lánfhásta atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch agur ar an mBonnchúrsa réamh-Ollscoile san Eolaíocht agus san Innealtóireacht, agus ar an mBonnchúrsa réamh-Ollscoile sa Tráchtáil. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin oíche eolais, déan teagmháil le Trish Hoare ag 091 492695 trish.hoare@nuigalway.ie
-críoch-

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories