Spring Festival Launches at NUI Galway

Monday, 26 January 2009

(Leagan Gaeilge)Múscailt, the University Spring Festival celebrating creative excellence at NUI Galway and showcasing all that's happening in the Arts has announced the line-up for Múscailt 09. From 9–13 February, the University will be transformed as senses are hijacked when people come together to enjoy and celebrate creativity and the coming of spring. Mùscailt, meaning to awaken, inspire and celebrate, has gathered work this year that is as diverse as the student body. From the tremendous installation 'Versus' on the college green by Ben Geoghegan to the Jerome Hynes Original One Act Play Series, there is inspiration to be found everywhere. 'Versus' is a new work by artist Ben Geoghegan and commissioned by NUI Galway for Múscailt 09. Living and working in Galway and a member of Artspace Studios, Ben completed a Masters in Visual Art Practices at IADT in 2008 and exhibited as part of the celebrations to commemorate 100 years of The Hugh Lane Gallery in the summer of 2008. The provocative work of photographer Sue Fox promises debate. Currently a lecturer of Photography at Manchester Metropolitan University, Sue will be a guest speaker at the festival opening in February and present an illustrated talk 'Contemplations on the Corpse'. 'I like the unusual, the taboo, the sexual, the abstract, the absurd, the surreal… anything edgy, uncensored.' (Sue Fox, Photographer, 2008) Metal artist, Luca Ciavarella will be inspired by salvaged/reclaimed pieces, creating an art sculpture in the campus tennis court throughout the course the festival. His piece, entitled Living Sculpture, will be auctioned at the NUI Galway Gala Banquet in March in aid of Habitat for Humanity. Leanaí I Limbo by Lorraine Tuck is a haunting collection that depicts the final resting places of unbaptised stillborn babies around Ireland. The bleak landscape of Connemara mirrors the sentiment portrayed within this exhibit. Moving in their simplicity the images speak to a time when the Catholic Church's power forced their flock to bury their stillborn babies in unconsecrated ground. Lorraine Tuck captures the full emotional force of her subject matter with a backdrop of the weathered landscape of Connemara. Music entertainment during the festival includes leading international performers in a special concert presented by the Arts in Action Programme: Cahill Hayden (fiddle) Mairtín O'Connor (accordion), Ronan Brown (uillean pipes), Seamie O Dowd (guitar), Roisín Elsafty (sean-nós singing), Roisín Ní Mhainín (sean-nós dance), Mary McPartlan (Traditional/Contemporary singing) and Louis De Paor (Irish Poetry), will present a concert of the traditional arts. Galway University Musical Society (GUMS) this year presents Disco Inferno, a musical full of fantastic hits from the seventies, including numbers such as 'Hot Stuff', 'Celebration', and of course 'Disco Inferno', to name but a few! A great night's entertainment is guaranteed! Local favourite Noelie McDonnell has been described in The New York Post As a startlingly good new Irish talent and in Hot Press as The real deal . A performance by the Galway musician who has been winning the hearts of new fan s all over the nation with his song Nearly Four which remained at No.1 in the itunes folk chart for 6 weeks is sure to be a sell-out. Other festival highlights include: Stolen Apples, presented by Colours Street Theatre Company; Billy Goats Gruff, a performance by Your Man's Puppets; A Voyage to Skellig Michael: Medieval and Modern by Bob Harris; and Witless Battle of the Bands. Múscailt is produced by the Arts office and the Societies office, and includes the best of the societies' events and exciting guest artists from around the world. Múscailt is supported by the University Foundation Office. For all ticket and further information contact the SocsBox the Hub, Aras na Mac Léinn at 091 492852 or email socsbox@socs.nuigalway.ie. For full programme details and further information about the festival visit www.muscailt.nuigalway.ie or www.socs.nuigalway.ie
Féile an Earraigh seolta in OÉ Gaillimh
(View in English) Tá clár na n-imeachtaí fógartha do Múscailt '09, Féile Ealaíon an Earraigh OÉ Gaillimh. Ón 9–13 Feabhra, beidh atmaisféar iontach ar champas na hOllscoile tráth a mbaileoidh na sluaite le ceiliúradh a dhéanamh agus sult a bhaint as cruthaitheacht na féile agus teacht an earraigh. Ciallaíonn Múscailt dúiseacht, spreagadh agus ceiliúradh – is iad sin aidhmeanna bunúsacha na féile. I mbliana tá na himeachtaí a bheidh ar siúl mar chuid den fhéile chomh héagsúil lenár mic léinn. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl tá an píosa ealaín suiteála dar teideal 'Versus' le Ben Geoghegan a bheidh le feiceáil i bhfaiche an choláiste, agus Sraith Nua Drámaí Aonghnímh Jerome Hynes. Is cinnte gur imeachtaí iad seo a chothóidh spéis an tslua. Saothar nua ealaíne leis an ealaíontóir Ben Geoghegan é 'Versus', saothar a choimisiúnaigh OÉ Gaillimh do Múscailt '09. Tá Ben ag cur faoi agus ag obair i nGaillimh agus is ball de Artspace Studios é. Chríochnaigh sé Máistreacht i gCleachtais Amharcealaíon in Institiúid Ealaíne, Deartha & Teicneolaíochta Dhún Laoghaire in 2008 agus bhí saothar dá chuid ar taispeáint mar chuid de cheiliúradh 100 bliain Ghailearaí Hugh Lane i rith an tsamhraidh anuraidh. Níl dabht ar bith ach go dtarraingeoidh saothar gríosaitheach an ghrianghrafadóra Sue Fox neart cainte agus díospóireachta. Tá Sue ag obair mar léachtóir Grianghrafadóireachta in Ollscoil Chathair Mhanchain i láthair na huaire, agus tá sí roghnaithe mar aoi-chainteoir d oscailt na féile i mí Feabhra nuair a thabharfaidh sí caint dar teideal Contemplations on the Corpse . Beidh grianghraif á dtaispeáint aici i rith na cainte freisin. Faigheann an t-ealaíontóir miotail, Luca Ciavarella inspioráid ó sheanphíosaí miotail, agus cruthóidh sé dealbhóireacht ealaíne ar chúirt leadóige an champais i rith na féile. Cuirfear a shaothar, dar teideal Living Sculpture, ar ceant ag Mórfhéasta OÉ Gaillimh a bheidh ar siúl i mí an Mhárta. Rachaidh an t-airgead a bhaileofar chuig Habitat for Humanity. Bailiúchán dodhearmadta le Lorraine Tuck é Leanaí i Limbo a thugann léargas iontach ar na háiteanna ar cuireadh marbhghinte gan bhaisteadh fud fad na hÉireann. Tagann tírdhreach sceirdiúil Chonamara go mór le meon an taispeántais áirithe seo. Cé gur íomhánna simplí atá iontu is iontach an léargas a thugann siad ar an ré sin inar mhair daoine faoi smacht na hEaglaise Caitlicí; tráth ar cuireadh brú ar dhaoine marbhghinte a chur i dtalamh neamhchoisricthe. Éiríonn le Lorraine Tuck na mothúcháin uile a mhúsclaíonn an t-ábhar seo a chur inár láthair go héifeachtach agus tírdhreach síonchaite Chonamara mar chúlra dó. Beidh neart ceoil le cloisteáil i rith na féile freisin agus i measc na n-imeachtaí sin beidh ceolchoirm speisialta le sárcheoltóirí idirnáisiúnta á eagrú ag Clár na nEalaíon Cruthaitheach: Cahill Hayden (fidil), Máirtín O'Connor (bosca ceoil), Ronan Browne (píb uilleann), Seamie O Dowd (giotár), Róisín Elsafty (amhránaíocht ar an sean-nós), Róisín Ní Mhainín (damhsa ar an sean-nós), Mary McPartlan (Amhránaíocht Thraidisiúnta/Chomhaimseartha). Ceolchoirm é seo a mheallfaidh na sluaite ar spéis leo an ceol traidisiúnta! I mbliana beidh an ceoldráma dar teideal Disco Inferno á chur ar stáitse ag Cumann Ceoldrámaíochta Ollscoil na Gaillimhe (GUMS). Ceoldráma é seo ina bhfuil scoth na n-amhrán ó na 70idí, amhráin ar nós 'Hot Stuff', 'Celebration', agus 'Disco Inferno'. Tá an-oíche siamsaíochta geallta do chách! Ceoltóir de bhunadh na Gaillimhe é Noelie McDonnell a bhfuil aird idirnáisiúnta tarraingthe air le tamall anuas. Dúradh sa New York Post gur 'startlingly good new Irish talent' a bhí ann agus dúradh in Hot Press gurb é 'the real deal' é. Is cinnte go mbeidh an-tóir ar thicéid do cheolchoirm Noelie McDonnell fear a bhfuil cáil bainte amach aige mar gheall ar an amhrán Nearly Four a bhí ag uimhir 1 i gcairteacha ceoil tíre itunes ar feadh 6 seachtaine. I measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar siúl tá: Stolen Apples, á chur i láthair ag Colours Street Theatre Company; Billy Goats Gruff, léiriú le Your Man's Puppets; A Voyage to Skellig Michael: Medieval and Modern le Bob Harris; agus Witless Battle of the Bands. Comhfhiontar idir an Oifig Ealaíon agus Oifig na gCumann é Múscailt – imeacht a thugann léargas ar na himeachtaí is fearr a bhíonn á reáchtáil ag na cumainn éagsúla agus imeacht a mheallann ealaíontóirí agus ceoltóirí éagsúla as gach cearn den domhan. Tacaíonn Fondúireacht na hOllscoile le Múscailt. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait ba cheart duit glaoch ar an SocsBox, An Hub, Áras na Mac Léinn ag 091 492852 nó ríomhphost a sheoladh chuig socsbox@socs.nuigalway.ie. Tá clár iomlán na n-imeachtaí agus tuilleadh eolais faoin bhféile le fáil ag www.muscailt.nuigalway.iewww.socs.nuigalway.ie
-Críoch-

Keywords:.

« Back

Press office

E info@nuigalway.ie
T +353 (0)91 493361

Press member?

Visit our press centre

Connect & share

Connect with us:

Facebook icon 32px YouTube icon 32px LinkedIn icon 32px RSS Icon 32px

Bookmark and Share

Related news