NUI Galway CAO Figures Soar as it Sets Designs on 'Smart Economy'

Jul 22 2009 Posted: 00:00 IST
(Leagan Gaeilge) Following the recent release of final CAO figures for 2009 applications, NUI Galway shows a substantial increase of 13.1% in CAO First Preferences. This growth is more than double that of the University sector (6.2%) and is by a comfortable margin the highest year-on-year increase of all the Universities. Professor Jim Ward, Deputy-President and Registrar at NUI Galway, commented on the increase in CAO applications: "We are delighted that NUI Galway has the highest growth rate in applications; it's encouraging to see we are well above the national average. In particular Engineering applications have jumped by 39% in first preferences as against a drop nationally of 3.4%. Programmes on offer at NUI Galway are designed to develop students academically and personally, and our partnerships with industry and community play a huge part in the overall design of the courses we offer". Almost all subject areas experienced increases in CAO applications, with large demand for Science, Arts and Commerce, and a major rise in Engineering, IT and Medicine. The University sees this growth as a direct result of its response to integrating national priorities into the institutional agenda. The national need for teachers in mathematics has been identified and the new BA programme in Maths and Education is designed to improve the teaching of mathematics, which is key to Ireland s success as a 'Smart Economy'. Demand for this programme has grown 69%. Being responsive to the changing needs of the employment market is also a key focus at NUI Galway. Soaring Engineering applications reflect carefully thought-out new programmes in Energy Systems Engineering, designed in response to a growing demand for professional engineers to work in the energy sector as well as Engineering Innovation, which aims to create a new type of engineer with skills in innovation and entrepreneurship essential to delivering the 'Smart Economy'. Engineering students at NUI Galway will also benefit from the University s new state-of-the-art Engineering Building which is due for completion in 2011. Professor Ward added: "Internationally recognised research in priority areas and partnerships with industry are key at NUI Galway. Growth in the popularity of IT courses is mirrored in tremendous research successes for the University's Digital Enterprise Research Institute (DERI) which is the leading Semantic Web Institute in the world. A Science Foundation Ireland (SFI) funded Centre for Science, Engineering and Technology (CSET), DERI recently hit the headlines when a piece of their web technology was adopted by the Obama administration to bring greater transparency to the new US Government. The area of Biomedical Engineering is also directly linked to Biomedical Science where the University has integrated courses and research to meet the needs of local industry partners such as Boston Scientific and Medtronic".
Tríú Borradh faoi Líon na nIarratas CAO ar OÉ Gaillimh agus í ag Díriú ar 'an nGeilleagar Glic'
(View in English) Léiríonn na figiúirí deiridh a d'fhoilsigh an CAO le gairid maidir le hiarratais 2009 go bhfuil méadú suntasach 13.1% tagtha ar na hiarratais Chéadrogha CAO ar OÉ Gaillimh. Is ionann sin agus dhá oiread an mhéadaithe ar líon na n-iarratas ar Ollscoileanna trí chéile (6.2%) agus is é an méadú is mó go héasca é ó bhliain amháin go bliain eile ar líon na n-iarratas chéadrogha a rinneadh ar Ollscoileanna uile na tíre. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Jim Ward, Meabhránaí agus Uachtarán Ionaid OÉ Gaillimh, faoin méadú atá tagtha ar líon na n-iarratas céadrogha CAO: "Táimid thar a bheith sásta gur ar líon na n-iarratas ar OÉ Gaillimh is mó a tháinig méadú i mbliana. Is tógáil croí é go bhfuil an méadú i líon na n-iarratas chun na hollscoile seo i bhfad chun cinn ar an meán náisiúnta. Is cúis suntais, go háirithe, an méadú 39% atá ar líon na n-iarratas céadrogha san Innealtóireacht, réimse a raibh titim 3.4% i líon na n-iarratas inti go náisiúnta. Cuireann cúrsaí OÉ Gaillimh rompu mic léinn a chothú go hacadúil agus go pearsanta agus tá ról lárnach ag an gcomhoibriú a bhíonn idir an Ollscoil, an tionscal agus an pobal i leagan amach na gcúrsaí atá á dtairiscint againn". Tháinig méadú ar líon na n-iarratas CAO i bhformhór na n-ábhar. Tháinig méadú mór ar líon na n-iarratas san Eolaíocht, sna Dána agus sa Tráchtáil, agus tháinig méadú an-mhór ar na hiarratais san Innealtóireacht, i dTeicneolaíocht na Faisnéise agus sa Leigheas. Dar leis an Ollscoil gur toradh díreach an fás seo ar an gcaoi ar chuir sí béim ar thosaíochtaí náisiúnta i gclár oibre na hinstitiúide. Aithníodh go mbeadh éileamh ar mhúinteoirí matamaitice ar fud na tíre agus tá sé mar aidhm ag an gclár nua BA sa Mhatamaitic agus san Oideachas an chaoi a múintear an mhatamaitic a fheabhsú. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí sin chun go mbainfeadh Éire barr feabhais amach mar gheilleagar glic. Tá méadú 69% tagtha ar an éileamh ar an gclár seo. Cuirtear an-bhéim in OÉ Gaillimh chomh maith ar fhreastal ar riachtanais luaineacha mhargadh na fostaíochta. Tá méadú mór ar líon na n-iarratas Innealtóireachta. Léiríonn sin go bhfuil éileamh ar na cúrsaí nua ar caitheadh an-dua leo, amhail an chéim in Innealtóireacht Córas Fuinnimh, a cuireadh ar fáil le freastal ar an méadú ar an éileamh atá ar innealtóirí gairmiúla le hoibriú in earnáil an fhuinnimh, agus an chéim i Nuálaíocht Innealtóireachta, a bhfuil sé de chuspóir aici cineál nua innealtóirí a chur ar fáil a mbeidh scileanna nuálaíochta agus fiontraíochta acu, scileanna atá riachtanach chun an Geilleagar Glic a chothú. Beidh mic léinn innealtóireachta in OÉ Gaillimh ábalta leas a bhaint as Foirgneamh nua Innealtóireachta na hOllscoile, chomh maith, foirgneamh den chéad scoth a bheidh á chríochnú in 2011. Dúirt an tOllamh Ward an méid seo a leanas chomh maith: "Tá an-tábhacht le taighde i réimsí tosaíochta idirnáisiúnta agus le comhpháirtíochtaí leis an tionscal in OÉ Gaillimh. Is léiriú ar an méadú atá ar an tóir atá ag mic léinn ar chúrsaí i dTeicneolaíocht na Faisnéise a fheabhas atá ag éirí leis an taighde atá á dhéanamh ag Institiúid Taighde na Fiontraíochta Digití (DERI) san Ollscoil, Institiúid atá ar thús cadhnaíochta ó thaobh an Ghréasáin Shéimeantaigh de go domhanda. Bhí an tIonad Eolaíochta, Innealtóireachta agus Teicneolaíochta (CSET) a mhaoinigh Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) sa nuacht le gairid nuair a roghnaigh lucht riaracháin Barack Obama cuid de theicneolaíocht ghréasáin an Ionaid chun go mbeidís in ann cur leis an trédhearcacht i Rialtas nua na Stát Aontaithe. Tá ceangal díreach idir réimse na hInnealtóireachta Bithleighis agus an Eolaíocht Bhithleighis, áit a bhfuil cúrsaí agus taighde curtha in oiriúint ag an Ollscoil le freastal ar riachtanais na gcomhpháirtithe áitiúla tionscail, amhail Boston Scientific agus Medtronic."
-Crioch-

PreviousNext

Featured Stories