Olympian John Treacy Praises Sports & Engineering Degree at NUI Galway

Friday, 10 July 2009

(Leagan Gaeilge) Olympic silver medallist and former double World Cross Country Champion, John Treacy, today (Friday, 10 July) officially launched NUI Galway's B.E. in Sports & Exercise Engineering. The degree programme, which incorporates significant elements of Anatomy, Physiology, and Mechanical Engineering with a major in Electronic Engineering, puts particular emphasis on ambulatory monitoring of human performance, movement assessment, and systems and devices for the assessment of sport and exercise. Speaking at the launch, John Tracey, who is now CEO of the Irish Sports Council, said: "This whole area is hugely important. I see tremendous potential in this combination of engineering and sports science. In elite sports we deal with tenths and hundredths of seconds. Winning often comes down to a technical edge so having professionals trained in Ireland in this area will be of great benefit". The first cohort of students taking this focused interdisciplinary programme have just finished first year and are destined to graduate with a unique skillset for a growing industry according to NUI Galway's Professor Gearóid Ó Laighin. Professor Ó Laighin is Head of Electrical & Electronic Engineering and Course Director: "Professional sport is a worldwide multi-billion euro industry and plays a central role in most western societies. Today technology is used on a regular basis to improve sports performance in elite athletes. The Sports & Exercise Engineering programme at NUI Galway will provide graduates with the skills and expertise to design systems and devices for the evaluation and execution of sport performance across a broad range of sports". Professor Ó Laighin sees the Exercise Engineering component of the programme becoming increasingly important. Exercise Engineering is expected to play an important role in the management of two major healthcare crises for the Western World, obesity and ageing populations. "There are numerous health benefits associated with physical activity, including a reduced risk of premature mortality and reduced risks of coronary heart disease. Regular participation in physical activity also appears to reduce depression and anxiety, improve mood, and enhance ability to perform daily tasks throughout the life span. Exercise Engineers will design systems and devices to promote increased adherence to exercise". The programme in Sports & Exercise Engineering is offered by the College of Engineering & Informatics in collaboration with the College of Medicine, Nursing & Health Sciences at NUI Galway. As part of their studies, Sports & Exercise Engineering students use the facilities in the newly opened Sports Centre at NUI Galway. A new high-spec Engineering Building will add to facilities on campus by 2011. NUI Galway is also offering two additional new Engineering degrees, which will have the first student intake in September. These are B.E. degrees in Energy Systems Engineering, and Engineering Innovation – Electronic. Click here to download a copy of the course booklet.
Ardmholadh ag an Lúthchleasaí Oilimpeach John Treacy do Chéim Spóirt agus Innealtóireachta OÉ Gaillimh
(View in English) Sheol John Treacy, fear a bhain bonn airgid sna Cluichí Oilimpeacha agus iar-Churadh Reathaíochta Trastíre an Domhain faoi dhó, sheol sé Baitsiléir Innealtóireachta (B.E.) Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in Innealtóireacht Spóirt & Aclaíochta inniu (Dé hAoine, 10 Iúil). Cuirtear béim ar leith sa chlár céime, ina nasctar gnéithe tábhachtacha den Anatamaíocht, den Fhiseolaíocht agus den Innealtóireacht Mheicniúil le mórchéim san Innealtóireacht Leictreonach, ar mhonatóireacht shiúlach ar iompraíocht an duine, ar mheasúnú gluaiseachta, agus ar chórais agus ar fhearais a dhéanfadh measúnú ar spórt agus ar aclaíocht. Ag labhairt dó ag an seoladh, bhí an méid seo a leanas le rá ag John Treacy, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Spóirt na hÉireann: "Is réimse iontach tábhachtach é seo. Creidim go mbeidh deiseanna den scoth ar fáil don mheascán seo idir an innealtóireacht agus an eolaíocht spóirt. Sna spóirt éilíte bímid ag plé leis an deichiú cuid de shoicind nó leis an gcéadú cuid de shoicind. Is minic a bhíonn an bua ag brath ar eolas níos fearr a bheith ag an lúthchleasaí ar an teicneolaíocht agus dá bhrí sin is buntáiste mór é go mbeidh oiliúint á cur ar lúthchleasaithe gairmiúla sa réimse seo." Tá an chéad bhaicle mac léinn a thug faoin dianchlár ildisciplíneach seo díreach i ndiaidh an chéad bhliain a chríochnú agus bainfidh siad céim amach ina mbeidh sraith sainscileanna sealbhaithe acu atá dírithe ar thionscal atá i mbéal fáis, a dúirt an tOllamh Gearóid Ó Laighin ó OÉ Gaillimh. Is é an tOllamh Ó Laighin Ceann na hInnealtóireachta Leictrí agus Leictreonaí agus is é Stiúrthóir an Chúrsa é: "Is tionscal domhanda an spórt gairmiúil ar fiú na billiúin euro é agus tá ról lárnach aige i bhformhór phobail iarthar an domhain. Baintear úsáid go rialta as an teicneolaíocht sa lá atá inniu ann chun cumas lúthchleasaithe éilíte a fheabhsú. Cinnteoidh an clár Innealtóireachta Spóirt & Aclaíochta go mbeidh na scileanna agus an saineolas ag na céimithe le córais agus feistí a dhearadh chun cumas spóirt a mheas agus cur leis an gcumas sin i gcineálacha éagsúla spóirt." Ceapann an Ollamh Ó Laighin go bhfuil níos mó agus níos mó tábhachta le gné Innealtóireachta Aclaíochta an chláir. Meastar go mbeidh ról tábhachtach ag Innealtóireacht Aclaíochta i mbainistiú dhá mhór-ghéarchéim sláinte sa Domhan Thiar, róraimhre agus daonra atá ag dul in aois. "Tá go leor buntáistí sláinte ag baint le gníomhaíocht fhisiciúil, an baol báis róluath agus an baol báis ó ghalar croí a laghdú ina measc. Is cosúil go laghdaíonn gníomhaíocht fhisiciúil rialta an galar dubhach agus imní, go gcuireann sí aoibh níos fearr ar dhaoine, agus go gcuireann sí le cumas daoine tascanna laethúla a dhéanamh i rith a saoil. Déanfaidh Innealtóirí Aclaíochta córais agus feistí a dhearadh a chuirfidh leis an tóir atá ar aclaíocht." Is é an Coláiste Innealtóireachta agus Ionformaitice atá ag cur an chúrsa in Innealtóireacht Spóirt & Aclaíochta ar fáil, i gcomhar le Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte in OÉ Gaillimh. Mar chuid dá gcuid staidéir, úsáideoidh na mic léinn Innealtóireachta Spóirt & Aclaíochta na háiseanna san Ionad Spóirt nua a osclaíodh le gairid in OÉ Gaillimh. Beidh Foirgneamh Innealtóireachta den scoth á chur leis na háiseanna atá ar fáil ar an gcampas faoi 2011. Tá OÉ Gaillimh ag cur dhá chéim bhreise nua san Innealtóireacht ar fáil, a mbeifear ag glacadh leis na chéad mhic léinn orthu i mí Mheán Fómhair. Céim B.E. in Innealtóireacht Córas Fuinnimh, agus B.E. i Nuálaíocht Innealtóireachta – Leictreonach atá i gceist.
-Crioch-

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories