Conferring of Honorary Degrees at NUI Galway

Jun 26 2009 Posted: 00:00 IST
(Leagan Gaeilge) The conferring of Honorary Degrees took place at NUI Galway today (Friday, 26 June). Those honoured were from the spheres of engineering Liam Connellan, business Brian Joyce, public service Pádraic MacKernan, philanthropy Anna Ó Coinne and education Professor Philip O'Leary. NUI Galway President, Dr James J. Browne, speaking at the conferring ceremony said: "NUI Galway is fortunate to be associated with many outstanding honorary graduates throughout its history, and those being honoured this year form a particularly distinguished group. Each has been outstanding in their own way, and NUI Galway is very pleased to be in a position to recognise these exceptional individuals". Liam Connellan A native of Strokestown, Co Roscommon, Liam Connellan has had a deep involvement in the engineering profession for over forty years and has served as President of the Institution of Engineers of Ireland; was a founding member of the Irish Academy of Engineering and has served as President of the Academy. He also served as the first Chairman of the National Roads Authority from 1994 to 2001, and was President of the Royal Dublin Society from 1995 to 1998. Liam has been Chairman of companies within the Veolia Environment Group in Ireland and is Chairman of the Energy Institute in the Republic of Ireland. He is a member of the Board of the Peter McVerry Trust which assists homeless young people. Brian Joyce Born in Headford, Co. Galway, Brian Joyce, returned to his Alma Mater to collect his honouray degree in recognition of extensive contribution to the world of business. Brian is a former Chief Executive of Board Bainne and has served as a Board member and Chairman of numerous household name companies. These include the Education Building Society, Allegro, Irish Life, IDA, Tara Meats, Williams Groups, National Hardware, Celtic Anglian Water, Clancourt Holdings, CIÉ and the Mater Private Hospital. Brian continues to influence business in Ireland as he is presently Chairman of Clancourt Holdings and a director of Kingspan. Brian was the recipient of a Bank of Ireland Alumni Award for Business from NUI Galway in 2008. Pádraic MacKernan Pádraic MacKernan was born in Limerick and joined the Department of External Affairs in 1964. He was Vice-Consul of Ireland in Boston from 1965 to 1968 and Deputy Consul-General in New York from 1968 to 1974. Pádraic was successively Counsellor, Assistant Secretary and Political Director in the Department of Foreign Affairs and a regular member of the Irish Delegation to the United Nations until his appointment as Ambassador of Ireland to the United States and Mexico in 1985. Pádraic was appointed Permanent Representative to the European Union in Brussels in 1991 and returned to Dublin as Secretary-General of the Department of Foreign Affairs in 1995. He became Ambassador to France in 2001, a post he held until his retirement in 2005. Anna Ó Coinne In 1989, local business woman Anna Ó Coinne became involved in raising funds to finance research into Breast Cancer being pioneered by Professor Fred Given at the National Breast Cancer Research Institute (NBCRI) in Galway. Working with a voluntary group, Anna became chairperson of the Finance and Planning Committee of the NBCRI. This fund raising group has raised over € 12 million for the NBCRI. Anna's stewardship and attention to detail has allowed the organisation to develop to have an outstanding contribution in the breast cancer research space. During 2010 the Institute will move to a new purpose built Translational Research Centre being constructed by NUI Galway on the grounds of University College Hospital. This project is being financed by major philanthropic donations and includes a major contribution from NBCRI. Professor Philip O'Leary Third generation Irish of mostly Munster extraction, Professor Philip O'Leary is currently Professor of English in Boston College which has been to the fore for decades for the excellence of its Irish Studies programme. His work in publishing, promoting and debating Irish Studies was described today as 'gargantuan', and Professor O'Leary was lauded for bringing Modern Gaelic literature to a global audience. Of particular interest is Professor O'Leary's series on Modern Gaelic literature from 1881 to 1951. This four volume work is 'easily the most ambitious, wide-ranging and comprehensive analysis of Modern Gaelic literature ever undertaken and unlikely to be surpassed'. Today's graduands join the ranks of previous honorary conferees which include among many others Nelson Mandela, Hilary Clinton, Christy O Connor Snr and Jnr, Enya, Sean Purcell, the late Merv Griffin and Anjelica Huston.
Céimeanna Oinigh á mBronnadh in OÉ Gaillimh
(View in English) Bronnadh Céimeanna Oinigh inniu (Dé hAoine, an 26 Meitheamh) in OÉ Gaillimh. Bhain na daoine ar bronnadh na céimeanna oinigh orthu le réimse na hinnealtóireachta (Liam Connellan), an ghnó (Brian Joyce), leis an tseirbhís phoiblí (Pádraic MacKernan), le réimse an daonchairdis (Anna Ó Coinne) agus le réimse an oideachais (an tOllamh Philip O'Leary). Ag an searmanas bronnta dúirt an Dr James Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh: "Tá an t-ádh ar OÉ Gaillimh go bhfuil an oiread sin céimeanna oinigh bronnta ar chéimithe den scoth le blianta fada anuas aici, agus is cinnte gur grúpa ar leith iad an cúigear atá roghnaithe i mbliana. Rinne gach duine díobh éacht ar a bhealach féin, agus tá OÉ Gaillimh an-sásta go bhfuil sí in ann aitheantas a thabhairt do na daoine eisceachtúla seo." Liam Connellan Tá breis agus 40 bliain caite ag Liam Connellan, arb as Béal na mBuillí i gCo. Ros Comáin ó dhúchas dó, ag plé le gairm na hinnealtóireachta agus i rith an ama sin ceapadh é mar Uachtarán ar Institiúid Innealtóirí na hÉireann; bhí sé ar bhunaitheoirí Acadamh Innealtóireachta na hÉireann agus chomh maith leis sin chaith sé seal ag feidhmiú mar Uachtarán ar an Acadamh sin. Ba é an chéad Chathaoirleach é, chomh maith, a ceapadh ar an Údarás um Bóithre Náisiúnta idir 1994 agus 2001, agus ba é a bhí ina Uachtarán ar Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath idir 1995 agus 1998. Bhí Liam ina Chathaoirleach ar chuideachtaí éagsúla sa Veolia Environment Group in Éirinn agus tá sé ag feidhmiú mar Chathaoirleach ar an Institiúid Fuinnimh i bPoblacht na hÉireann faoi láthair. Is ball é de Bhord Iontaobhas Peter McVerry a chabhraíonn le daoine óga atá gan dídean. Brian Joyce D'fhill Brian Joyce, a rugadh in Áth Cinn, Co. na Gaillimhe ar a Alma Mater lena chéim oinigh a fháil mar aitheantas ar a bhfuil déanta aige do shaol an ghnó. Is iar-Phríomhfheidhmeannach ar an mBord Bainne é Brian agus bhí sé ina chomhalta Boird agus ina Chathaoirleach ar go leor cuideachtaí atá i mbéal an phobail. Ina measc sin tá Education Building Society, Allegro, Irish Life, IDA, Tara Meats, Williams Groups, National Hardware, Celtic Anglian Water, Clancourt Holdings, CIÉ agus Ospidéal Príobháideach an Mater. Tá tionchar ag Brian i gcónaí ar chúrsaí gnó in Éirinn agus tá sé ina Chathaoirleach faoi láthair ar Clancourt Holdings agus ina stiúrthóir ar Kingspan. Bhain Brian Gradam Alumni Bhanc na hÉireann don Ghnó amach ó OÉ Gaillimh in 2008. Pádraic MacKernan Chuir Pádraic MacKernan tús lena shaol oibre sa Roinn Gnóthaí Eachtracha i 1964. Bhí sé ina Leaschonsal na hÉireann i mBostún idir 1965 agus 1968 agus mar Leaschonsal-Ginearálta i Nua-Eabhrac idir 1968 agus 1974. Áirítear i measc na ról a bhí ag Pádraic sa Roinn Gnóthaí Eachtracha Comhairleoir, Rúnaí Cúnta agus Stiúrthóir Polaitiúil agus bhí sé ina bhall rialta de Thoscaireacht na hÉireann chun na Náisiún Aontaithe go dtí gur ceapadh mar Ambasadóir na hÉireann do na Stáit Aontaithe agus do Mheicsiceo é i 1985. Sa bhliain 1991 ceapadh Pádraic mar Bhuan-Ionadaí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus i 1995 d'fhill sé ar Bhaile Átha Cliath mar Ard-Rúnaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Ceapadh é mar Ambasadóir na Fraince in 2001, post a bhí aige go dtí go ndeachaigh sé ar scor in 2005. Anna Ó Coinne Sa bhliain 1989 thosaigh an bhean ghnó áitiúil Anna Ó Coinne ag bailiú airgid chun an taighde a bhí ar bun ag an Ollamh Fred Given ar Ailse Chíche san Institiúid Taighde Náisiúnta ar Ailse Chíche (NBCRI) a mhaoiniú. Le linn d'Anna a bheith ag obair le grúpa deonach, ceapadh í ina Cathaoirleach ar Choiste Airgeadais agus Pleanála NBCRI. Tá breis agus €12 milliún bailithe ag an ngrúpa seo don NBCRI. A bhuíochas le maoirseacht Anna agus an aird a thugann sí ar mhionrudaí, tá forbairt tagtha ar an eagraíocht agus tá an-obair á déanamh aici sa spás taighde ar ailse chíche. Am éigin i rith 2010 bunófar an Institiúid in Ionad Taighde Aistritheach nua atá á thógáil ag OÉ Gaillimh i láthair na huaire ar thailte Ospidéal Choláiste na hOllscoile. Tá an tionscadal seo á mhaoiniú trí shíntiúis dhaonchairdiúla agus trí infheistíocht shuntasach ón NBCRI féin. An tOllamh Philip O'Leary De bhunadh na Mumhan go príomha, trí ghlúin siar, an tOllamh Philip O'Leary atá ina Ollamh le Béarla in Boston College, coláiste atá ar thús cadhnaíochta leis na scórtha bliain as feabhas an chúrsa sa Léann Éireannach ann. Tugadh obair 'fathaigh' ar a shaothar foilsithe, agus ar an obair a rinne sé chun an Léann Éireannach a chur chun cinn agus chun díospóireacht a chothú faoi, agus tugadh ardmholadh dó as lucht léitheoireachta domhanda a aimsiú do litríocht na Nua-Ghaeilge. Tá spéis ar leith ag daoine i sraith an Ollaimh O'Leary faoi litríocht na Nua-Ghaeilge ó 1881 go 1951. Tá an saothar seo ina bhfuil ceithre imleabhar ar an 'anailís is dúshlánaí, is leithne agus is cuimsithí ar Nua-Litríocht na Gaeilge a rinneadh riamh agus ní bheidh a shárú le fáil'. Cuirfear céimithe oinigh an lae inniu leis an liosta daoine ar bronnadh céim oinigh orthu go dtí seo, ina measc, Nelson Mandela, Hilary Clinton, Christy O Connor Snr and Jnr, Enya, Sean Purcell, Merv Griffin, nach maireann, agus Anjelica Huston.
-críoch-

PreviousNext

Featured Stories