Highest Honour for NUI Galway Academic Admitted to the Royal Irish Academy

May 18 2009 Posted: 00:00 IST
(Leagan Gaeilge) Today (15 May 2009), Dr Nollaig Ó Muraíle of NUI Galway, will be admitted as a Member of the Royal Irish Academy (RIA) in a special ceremony in Dublin. Election to the Royal Irish Academy is the highest honour available to a scholar working on the island of Ireland. Nollaig Ó Muraíle is Senior Lecturer in the School of Irish at NUI Galway. He has made a unique contribution to the study of Irish genealogies through his edition and translation of Leabhar Mór na nGenealach or "The Great Book of Irish Genealogies", which has been described as one of the most unique contributions to Irish history ever. Professor Nicholas Canny, President of the Royal Irish Academy, said: "The Academy s new members are amongst a small group of academics in Ireland that set the international hallmark of excellence in their fields of study". Professor Canny is former Vice President for Research at NUI Galway (2005-2008). Dr Noel Dorr was also admitted as a Member of the RIA today. Dr Dorr is Chair of the NUI Galway Governing Authority and former Secretary General of the Department of Foreign Affairs (1987-1995). He received an honorary doctorate from NUI Galway in 2001. Interestingly, both Dr Ó Muraíle and Dr Dorr are former pupils of St Nathy's College, Co Roscommon. The criterion for election to membership is a significant contribution to scholarly or scientific research as shown in the candidate's published academic work. Membership of the Academy, which is by peer nomination and election, is limited to those scientists and scholars normally resident in Ireland. About the Royal Irish Academy The Royal Irish Academy is an all-Ireland, independent, academic body that promotes study and excellence in the sciences, humanities and social sciences. It is the principal learned society in Ireland. For 224 years membership of the Royal Irish Academy has been keenly competed for, as it is the highest academic honour in Ireland and a public recognition of academic achievement. There are now over 420 Members of the Academy, in disciplines from the sciences, humanities and social sciences. Those elected are entitled to use the designation MRIA after their name. Among the membership of the Academy are many of Ireland s leading scholars, the best known of whom include: Professor Seamus Heaney, Nobel Laureate; Professor Patrick Cunningham, geneticist and the government s Chief Scientific Adviser; Professor Frances Ruane, economist; Dr Garret FitzGerald, economist and former Taoiseach; and Dr Peter Harbison, archaeologist. The Academy has also more than 60 distinguished Honorary Members, who in the past have included J.W. Von Goethe, Maria Edgeworth, Albert Einstein and Max Born. Today the Honorary Members include Nobel Laureates, Murray Gell-Mann, Steven Weinberg and Sir Andrew Huxley. Further information can be found on www.ria.ie
Comhalta Foirne OÉ Gaillimh ina Bhall Nua d'Acadamh Ríoga na hÉireann
(View in English) Inniu (15 Bealtaine 2009) ag searmanas speisialta i mBaile Átha Cliath glacfar leis an Dr Nollaig Ó Muraíle ó OÉ Gaillimh mar Bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA). Is é seo an onóir acadúil is mó is féidir a bhronnadh ar scoláire atá i mbun oibre ar oileán na hÉireann. Tá Nollaig Ó Muraíle ag obair mar Léachtóir Sinsearach i Scoil na Gaeilge in OÉ Gaillimh. Chuir saothar an Dr Ó Muraíle Leabhar Mór na nGenealach go mór lenár dtuiscint ar ghinealas na hÉireann agus go deimhin deirtear go bhfuil an leabhar áirithe seo ar cheann de na saothair is tábhachtaí a foilsíodh riamh i stair na hÉireann. Ba é an Dr Ó Muraíle a chuir an saothar in eagar agus a rinne an t-aistriúchán. Dúirt an tOllamh Nicholas Canny, Uachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann: "Áirítear baill nua an Acadaimh i measc grúpa beag acadóirí atá ag obair in Éirinn, daoine a bhfuil ag éirí leo saothar ar ardchaighdeán a sholáthar ina réimsí léinn féin". Bhí an tOllamh Canny ag obair mar Leas-Uachtarán um Thaighde in OÉ Gaillimh idir 2005-2008. Glacadh leis an Dr Noel Dorr mar bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann inniu freisin. Is é an Dr Dorr Cathaoirleach Údarás na hOllscoile in OÉ Gaillimh agus chaith sé na blianta idir 1987-1995 ag obair mar Ard-Rúnaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Bhronn OÉ Gaillimh dochtúireacht oinigh air in 2001. Spéisiúil go leor, is iarscoláirí de chuid Choláiste Nathaí i gCo. Ros Comáin an Dr Ó Muraíle agus an Dr Dorr. Roghnaítear baill d'Acadamh Ríoga na hÉireann bunaithe ar shaothar scolártha nó ar thaighde eolaíoch a léirítear in obair acadúil foilsithe an iarrthóra. Eolaithe agus scoláirí a bhfuil cónaí orthu in Éirinn a bhíonn ina mbaill den Acadamh, agus is bunaithe ar ainmniúchán ó phiaraí agus toghchán a roghnaítear baill nua d'Acadamh Ríoga na hÉireann. Acadamh Ríoga na hÉireann Comhlacht neamhspleách, acadúil, uile-Éireann é Acadamh Ríoga na hÉireann a bhfuil sé mar aidhm leis staidéar agus ardchaighdeán a chothú sna heolaíochtaí, sna daonnachtaí agus sna heolaíochtaí sóisialta. Is é Acadamh Ríoga na hÉireann príomhchumann léannta na hÉireann. Le 224 bliain anuas tá iomaíocht ghéar ann le ballraíocht a bhaint amach in Acadamh Ríoga na hÉireann, agus is ionann ballraíocht san Acadamh agus an onóir acadúil is airde is féidir a fháil in Éirinn mar aon le haitheantas poiblí ar éachtaí acadúla. Tá breis is 420 Ball ag Acadamh Ríoga na hÉireann anois, scoláirí a bhfuil a gcuid taighde dírithe ar na heolaíochtaí, ar na daonnachtaí nó ar na heolaíochtaí sóisialta. Tá cead ag baill thofa Acadamh Ríoga na hÉireann 'MRIA' a scríobh i ndiaidh a n-ainm. Áirítear go leor de scoláirí mór le rá na hÉireann i measc bhaill Acadamh Ríoga na hÉireann, An tOllamh Seamus Heaney, Buaiteoir Duais Nobel; An tOllamh Patrick Cunningham, géineolaí agus Príomhchomhairleoir Eolaíochta an Rialtais; An tOllamh Frances Ruane, eacnamaí; An Dr Garret FitzGerald, eacnamaí agus iar-Thaoiseach; agus an Dr Peter Harbison, seandálaí, ina measc. Tá breis is 60 Comhalta Oinigh ag an Acadamh, J.W. Von Goethe, Maria Edgeworth, Albert Einstein agus Max Born ina measc in imeacht na mblianta. I measc na gComhaltaí Oinigh reatha tá Buaiteoirí Duais Nobel Murray Gell-Mann, Steven Weinberg agus Sir Andrew Huxley. Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.ria.ie
-Críoch-

PreviousNext

Featured Stories