Information Evening to Showcase Adult Education at NUI Galway

May 06 2009 Posted: 00:00 IST
(Leagan Gaeilge) An information evening on Adult and Continuing Education courses available from NUI Galway takes place in the Orbsen Building, on Thursday, 14 May from 6.30-8.30pm. Information will be available on a new initiative from NUI Galway which will allow a 50% fees reduction for people who have recently become unemployed and wish to study certain programmes which address the future skills of the 'smart economy'. The specific programmes which will be discounted are the Diploma in Innovation Management (Postgraduate), Diploma in Technology Commercialisation (Postgraduate), Master of Science in Technology Management, Diploma/Bachelor of Science in Science and Technology Studies and the Certificate/Diploma in General Studies. NUI Galway will also offer individual modules from these courses to prospective students, and discounts will be available on some language courses. Over 40 part-time courses will be show-cased at the event in areas such as Community Development, Health Promotion, Business/Management, IT, Science and Technology, Training and Education, and Languages. NUI Galway's suite of part-time programmes, include foundation level studies through to Masters awards. All are available in a modular, flexible format and can be taken through traditional classroom mode or via distance learning for students who are unable to attend the campus on a weekly basis. "With recent job losses and much economic debate, it is even more important that employees update and refresh their skills either for future employment prospects or for career change", says Nuala McGuinn, Adult Education Development Officer at NUI Galway. Many of our courses have a number of award options, including Certificates, Diplomas and Degrees so students can choose which exit route suits them at any point in time". Through the University's system of Recognition of Prior Learning (RPL), students may seek credit for their existing knowledge which can provide for entry to programmes or exemption from certain modules. Nuala McGuinn adds: "It's worth considering your current skills set and where this can be enhanced. Our programmes are not only designed to be as flexible as possible, but we also want to recognise the knowledge and training that each individual already has. With Recognition of Prior Learning, returning to education does not mean starting from square one". People visiting NUI Galway for the Adult and Continuing Education information evening are invited to bring along a copy of their CV for feedback and guidance from the University's Career Development Centre. Visitors are also invited to a series of careers talks running in parallel to the information evening, from 7–8pm, on the theme 'Focus for Career Success in Challenging Times'. During the talks, a variety of high-profile speakers will focus on the labour market, improving employability, motivation and networking. For further details on the information evening or to obtain a prospectus of the Adult and Continuing Education Programmes, contact 091-492062 or check out the website on www.nuigalway.ie/adulteducation.
Oíche Eolais do Dhaoine ar Spéis leo Tabhairt faoi Chlár Oideachais Aosaigh in OÉ Gaillimh
(View in English) Beidh oíche eolais faoi na cúrsaí Oideachais Aosaigh agus Leantaigh atá á reáchtáil in OÉ Gaillimh ar siúl in Áras Oirbsean, Déardaoin, an 14 Bealtaine ó 6.30-8.30pm. Beidh eolas ar fáil faoin scéim nua atá ar bun in OÉ Gaillimh – scéim a thabharfaidh lacáiste 50% ar tháillí do dhaoine a chaill a bpost le déanaí agus ar mian leo staidéar a dhéanamh ar chláir áirithe a bhfuil sé mar aidhm leo díriú ar na scileanna a bheidh riachtanach don 'gheilleagar cliste' amach anseo. I measc na gclár a bhfuil an lacáiste 50% luaite leo tá an Dioplóma i mBainistíocht Nuálaíochta (Iarchéim), Dioplóma i dTeicneolaíocht Tráchtálaithe (Iarchéim), Máistreacht Eolaíochta i mBainistíocht Teicneolaíochta, Dioplóma/Baitsiléir Eolaíochta in Eolaíocht agus Staidéar Teicneolaíochta, agus Teastas/Dioplóma i Staidéar Ginearálta. Chomh maith leis sin, beidh modúil aonair ó na cúrsaí seo á dtairiscint do mhic léinn ar spéis leo tabhairt faoi cheann de na cúrsaí sonraithe, agus beidh lacáiste le fáil freisin ar chuid de na cúrsaí teanga. Beidh eolas le fáil faoi bhreis agus 40 cúrsa páirtaimseartha ag an oíche eolais, cúrsaí faoi Fhorbairt Pobail, Cothú Sláinte, Gnó/Bainistíocht, TF, Eolaíocht agus Teicneolaíocht, Oiliúint agus Oideachas, agus Teangacha ina measc. Tá idir chúrsaí bonnleibhéil agus chéimeanna máistreachta á dtairiscint ag OÉ Gaillimh. Bíonn na cúrsaí ar fad roinnte i modúil éagsúla, bíonn solúbthacht áirithe i gceist agus féadfar tabhairt faoi na cúrsaí sa seomra ranga nó féadfaidh na mic léinn sin nach bhfuil ar a gcumas freastal ar an gcampas gach seachtain na cúrsaí a dhéanamh trí chianfhoghlaim. Deir Nuala McGuinn, Oifigeach Forbartha Oideachais Aosaigh in OÉ Gaillimh "go bhfuil sé níos tábhachtaí anois ná riamh, ó tharla an oiread sin daoine a bheith dífhostaithe agus neart díospóireachta a bheith ar bun faoin ngeilleagar, go dtapaíonn fostaithe na deiseanna atá ann a gcuid scileanna a fheabhsú agus scileanna nua a fhoghlaim ionas go mbeidh siad in ann na deiseanna fostaíochta a bheidh ann amach anseo a thapú nó go deimhin post nua ar fad a aimsiú dóibh féin. Tá cineálacha éagsúla cúrsaí á dtairiscint anseo in OÉ Gaillimh, Teastais, Dioplómaí agus Céimeanna san áireamh, agus is féidir leis na mic léinn na cúrsaí is fearr a fheileann dóibh féin a roghnú". Tríd an gcóras ar a dtugtar Aitheantas i leith Réamhfhoghlaim atá i bhfeidhm san Ollscoil, féadfaidh mic léinn creidiúint a fháil don méid atá foghlamtha acu roimhe seo, córas a théann chun tairbhe mac léinn ar mian leo tabhairt faoi chláir áirithe nó díolúine a fháil ó mhodúil áirithe. Chomh maith leis sin dúirt Nuala McGuinn: "gur fiú machnamh a dhéanamh ar na scileanna atá agat i láthair na huaire agus na bealaí ina bhféadfaí na scileanna seo a fheabhsú. Ní hamháin go bhfuil sé mar aidhm againn cláir sholúbtha a sholáthar, teastaíonn uainn aitheantas a thabhairt freisin don eolas agus don oiliúint atá sealbhaithe ag daoine cheana féin. Tríd an gcóras ar a dtugtar Aitheantas i leith Réamhfhoghlaim, ní gá gur ag tosú ón tús a bheifeá arís". Tá míle fáilte rompu siúd a bheidh ag tabhairt cuairte ar OÉ Gaillimh don oíche eolais cóip dá CV a thabhairt leo más mian leo aiseolas agus treoir a fháil ó Ionad Forbartha Gairmeacha na hOllscoile. Chomh maith leis sin, tá fáilte roimh chuairteoirí freastal ar shraith cainteanna faoi ghairmeacha a bheidh ar siúl an oíche sin idir 7-8pm. 'Focus for Career Success in Challenging Times' an teideal atá ar an tsraith cainteanna seo. I rith na gcainteanna, labhróidh cainteoirí aitheanta faoin margadh fostaíochta agus faoi infhostaitheacht, spreagadh agus líonrú a fheabhsú. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin oíche eolais nó más mian leat cóip de réamheolaire na gClár Oideachais Aosaigh agus Leantaigh a fháil, glaoigh ar 091-492062 nó féach ar an láithreán gréasáinwww.nuigalway.ie/adulteducation.
-Críoch-

PreviousNext

Featured Stories