New and Spectacular Deep-water Coral Province Discovered off the West Coast of I

Tuesday, 26 May 2009

(Leagan Gaeilge) NUI Galway researchers, during a recent deep-water expedition, have confirmed the existence of a major new coral reef province on the southern end of the Porcupine Bank off the west coast of Ireland. The province covers an area of some 200 sq.km and contains in the order of 40 coral reef covered carbonate mounds. These underwater hills rise as high as 100m above the seafloor. The deep-water research expedition took place earlier this month aboard the Marine Institute research vessel, the RV Celtic Explorer*. The research used the new national Remotely Operated Vehicle (ROV) Holland I** to survey the seafloor and capture unique video footage. The expedition, led by Dr Anthony Grehan, was a collaboration between NUI Galway and the Institut Français de Recherche pour l'Exploitation de la Mer (IFREMER) and involved researchers and students from both institutions. Dr Anthony Grehan, NUI Galway, said: "These are by far the most pristine, thriving and hence spectacular examples of cold-water coral reefs that I've encountered in almost ten years of study in Irish waters. There is also evidence of recent recruitment of corals and many other reef animals in the area suggesting this area is an important source of larvae supply to other areas further along the Porcupine Bank". Dr Grehan suggested that given the rugged terrain, its unsuitability for trawling and its well defined boundaries, that the area would be an excellent additional candidate to the four existing off-shore coral Special Areas of Conservation (SAC). He said that NUI Galway's Department of Earth and Ocean Sciences would in due course provide a copy of all video footage to the National Parks and Wildlife Service to facilitate them in their work of further SAC designations to comply with the European Union s Habitat Directive. The expedition began in French waters with a series of ROV dives in previously unexplored canyons in the Bay of Biscay which confirmed the presence of coral and geogenic reefs that will be notified to the new French Marine Protected Area Agency. Dr Brigitte Guillaumont from the newly established agency, said: "The video and images obtained from the high definition video camera of the Irish ROV are very impressive and will greatly assist us in our work of designating areas for the protection of corals". Moving into Irish waters, the use of high resolution bathymetry charts, provided by the Irish National Seabed Survey, a collaboration between the Geological Survey of Ireland and the Marine Institute, enabled the identification of new areas likely to support coral reefs. The ROV was then used to dive on one of these areas, the Archipelagos Mounds (or Arc Mounds), to reveal a seascape of spectacular coral reefs. Anna Rensdorf, a Griffith Geoscience PhD student in the Department of Earth and Ocean Sciences, NUI Galway, who had previously worked on tropical corals, said: "I can't believe that coral reefs like these can be found in the cold waters of Ireland. On many of the mounds surveyed, living coral thickets stood up to 2m high where ordinarily they are less than half a metre in height". The NUI Galway study is part of a larger pan-European project funded by the European Commission's 7th research Framework Programme, called 'CoralFISH' that is studying in detail the interactions between corals, fish and fisheries. Dr Grehan, coordinator of the European study, said: "At the recent International Council for the Exploration of the Sea (ICES) deep-sea symposium delegates expressed increasing concern about the level of bottom fishing related damage sustained by vulnerable marine ecosystems (VMEs) in the High Seas (i.e. areas beyond national jurisdiction). Because cold-water corals remain the best example of VMEs, much research is focused on them. One of the key areas in the management of fisheries now appears to be improving our understanding of how fish use habitat. We need to understand what effect damage or removal of that habitat will have on fish stocks and communicating that knowledge to fishermen". Dr Grehan noted that vulnerable marine ecosystems such as coral reefs represent one of the last untapped reservoirs of potentially useful bio-compounds that might support the development of new anti-viral or anti-bacterial pharmaceuticals. Currently, there is a major biodiscovery programme underway at NUI Galway funded through the Marine Institute under Sea Change – A Marine Knowledge, Research and Innovation Strategy for Ireland 2007-2013. For more information on the Celtic Explorer survey and the CoralFISH project please visit the project website: http://eu-fp7-coralfish.net
Coiréal domhainmhara aimsithe amach ó chósta thiar na hÉireann
(View in English) Le linn do thaighdeoirí ó OÉ Gaillimh a bheith ar thuras taiscéalaíochta domhainmhara le déanaí, dhearbhaigh siad go bhfuil limistéar iontach nua de sceir choiréil aimsithe acu ó dheas de Bhanc an Torcáin amach ó chósta thiar na hÉireann. 200 ciliméadar cearnach atá sa limistéar agus tá thart ar 40 mullóg carbónáite faoi chumhdach sceir choiréil ann. Tá cuid de na mullóga fomhuirí seo beagnach 100 méadar os cionn ghrinneall na farraige. Thug taighdeoirí ó OÉ Gaillimh faoin turas taiscéalaíochta taighde domhainmhara níos túisce an mhí seo ar bord bhád taighde Fhoras na Mara – an RV Celtic Explorer*. Nuair a bhí an taighde ar bun baineadh úsáid as an bhFeithicil Chianoibrithe nua náisiúnta (ROV) – Holland I** – chun grinneall na farraige a scrúdú agus na híomhánna a thaifeadadh. Ba é an Dr Anthony Grehan a bhí i gceannas ar an turas taiscéalaíochta seo, comhfhiontar idir OÉ Gaillimh agus an Institut Français de Recherche pour l'Exploitation de la Mer (IFREMER), agus ghlac idir thaighdeoirí agus mhic léinn ón dá institiúid páirt sa turas taiscéalaíochta spéisiúil seo. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Anthony Grehan: "Tá beagnach deich mbliana caite agam anois i mbun staidéir ar uiscí na hÉireann agus níl dabht ar bith faoi ach gurb iad seo na samplaí is glaine, is rafaire, agus is spéisiúla de sceireacha coiréil fuaruisce atá feicthe agam in imeacht deich mbliana. Tá fianaise ann freisin de choiréil nua agus go leor ainmhithe sceire eile, rud a thugann le fios gur foinse thábhachtach larbhaí é an limistéar seo le haghaidh limistéir eile atá suite feadh Bhanc an Torcáin". Bhí an Dr Grehan den bharúil ó tharla an tír-raon a bheith chomh garbh, deacrachtaí a bheith ag baint le trálaeireacht agus teorainneacha dochta daingne, go mbeadh an limistéar seo rífheiliúnach mar iarrthóir breise le cur leis na ceithre Limistéar Caomhantais Speisialta coiréil amach ón gcósta atá ann cheana féin. Dúirt sé go mbeadh Roinn Domhaneolaíochta agus Aigéaneolaíochta OÉ Gaillimh in ann cóip den fhíseán a rinneadh i rith an turais a thabhairt don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra d'fhonn cabhrú leo Limistéir Chaomhantais Speisialta nua a ainmniú. Cuireadh tús leis an turas seo in uiscí na Fraince nuair a rinneadh roinnt tumthaí ROV i gcainneoin i mBá na Bioscáine, cainneoin nach raibh mórán taiscéalaithe déanta orthu. Aimsíodh sceireacha coiréil agus geoigineacha agus cuirfear sonraí na sceireacha seo in iúl do Ghníomhaireacht Limistéir Chaomhantais Mhuirí na Fraince. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Brigitte Guillaumont ó IFREMER: "Tá an físeán agus na híomhánna atá ar fhíscheamara ardghléine ROV na hÉireann iontach ar fad agus is cinnte go gcabhróidh an t-ábhar seo linn leis an obair atá ar bun againn limistéir a ainmniú agus coiréil a chosaint". Le linn don bhád a bheith ag tarraingt ar uiscí na hÉireann, baineadh úsáid as léarscáileanna bataiméadracha, a fuarthas ó Shuirbhé Náisiúnta Grinnill Farraige na hÉireann Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann agus Fhoras na Mara, chun limistéir nua ar dócha go mbeadh sceireacha coiréil iontu a aimsiú. Baineadh úsáid as ROV ansin le turas tumtha a thabhairt ar cheann de na limistéir seo, Mullóga Archipelagos (mullóga Arc), limistéar ina bhfuil sceir choiréil iontach le feiceáil. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Anna Rensdorf, mac léinn PhD Griffith sa Gheo-Eolaíocht ó Roinn Domhaneolaíochta agus Aigéaneolaíochta OÉ Gaillimh, a chaith seal ag obair ar choiréil thrópaiceacha: "Is deacair a chreidiúint go bhfuil sceireacha coiréil cosúil leis na cinn seo le fáil i bhfuaruisce na hÉireann. Ar fhormhór na mullóg a ndearnadh suirbhé orthu, bhí mothair choiréil bheo a bhí suas le 2 mhéadar ar airde; is gnách go mbíonn mothair choiréil níos lú ná leathmhéadar ar airde". Áirítear staidéar OÉ Gaillimh mar chuid de thionscadal mór uile-Eorpach atá á mhaoiniú trí 7ú Clár Creata an Choimisiúin Eorpaigh, clár ar a dtugtar 'CoralFISH' agus a bhfuil sé mar aidhm leis mionstaidéar a dhéanamh ar an idirghníomhaíocht a bhíonn idir coiréil, éisc agus iascaigh. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Grehan, comhordaitheoir an staidéir Eorpaigh: "Ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Farraige (ICES) léirigh toscairí ón earnáil dhomhainfharraige a bhí i láthair ag an siompóisiam imní maidir leis an leibhéal damáiste a rinne iascaireacht ghrinnill d'éiceachórais mhuirí shomhillte sa Mhórmhuir (i.e. limistéir nach n-áirítear sa dlínse náisiúnta). De bhrí gurb iad na coiréil fhuaruisce na samplaí is fearr d'éiceachórais mhuirí shomhillte, déantar go leor taighde orthu. Tá an chosúlacht ar an scéal anois gurb é ceann de na príomhréimsí a bhaineann le bainistíocht na n-iascach an tuiscint atá againn ar an úsáid a bhaineann éisc as an ngnáthóg a fheabhsú. Ní mór dúinn tuiscint a bheith againn ar an éifeacht a bheidh ag damáiste a dhéanamh don ghnáthóg nó go deimhin scriosadh na gnáthóige ar stoc éisc agus an méid sin a chur in iúl do na hiascairí". Tharraing an Dr Grehan aird ar an bpointe go n-áirítear éiceachórais mhuirí shomhillte, dála sceireacha coiréil, i measc ceann de na foinsí bith-chomhdhúile a d'fhéadfaí a úsáid i bhforbairt cógaisíochtaí nua frithbhaictéaracha nó frithvíreasacha. I láthair na huaire, tá clár suntasach bithfhionnachtana ar siúl in OÉ Gaillimh, clár atá á mhaoiniú ag Foras na Mara faoi Sea Change – Straitéis Eolais, Taighde agus Nuálaíochta Mhuirí d'Éire 2007-2013. Tá tuilleadh eolais faoi shuirbhé an Celtic Explorer agus tionscadal CoralFISH le fáil ar láithreán gréasáin an tionscadail: http://eu-fp7-coralfish.net .
-Críoch-

« Back